Guth Ghoill, Eagán 1
Mí Na Nollaig 2003. 1 Ros Goill agus an Ghaeilge Ceantar Gaeltachta is ea Ros Goill atá suite idir Chuan na Maoile Ruaidhe agus Chuan na Long i dtuaisceart Thír Chonaill. Ceantar fíor álainn is ea é agus meas air dá réir. Bhí clú agus cáil ar an cheantar i gcónaí de bharr an saibhreas Gaeilge a bhí le fáil ann. Bhí sí binn agus blasta, ceolmhar agus snasta. Chonachtas do mhuintir na h - áite le ta- mall go raibh meath mhór tagtha ar an Ghaeilge agus má bhítear le í a choinneáil beo, go gcaithfidh rud éigean a dhéanamh sula mbeadh sé ró - mhall. Mar sin, tháinig baicle againn le chéile i Samhradh na bliana 2001. Phléigh muid an cheist phráinneach a bhí romhainn agus leag muid amach clár d ’ athbheochan An t - Ainm “ Guth Ghoill ” Ba mhaith linn páipéar nó nuacht itir úr Gaeilge a bhunú i gceantar Ros Goill. Tá shúil againn go gcuideoidh sé le muintir na háite ceangail níos fearr a bheith acu le chéile. B ’ fhéidir fosta go dtabharfadh sé uchtach dúinn níos mó úsáid a bhaint as ár dteanga fhéin. Beidh nuaíocht, pictiúir, barúlacha, leathanach do pháistí, scéalta ón t - sean mhuintir agus gach aois eile. Beidh sean fhocla, scéaltaí grinn, logainmneacha, amhráin agus cuid mhór rúdaí eile a bhaineas le saol Gaeltacht Ros Goill. Sean Fhocla. An bhfuil tuairim agat fá rud éigin? B ’ fhéidir go bhfuil daoine eile ar aon bharúil leat. Ar mhaith leat gearán a dhéanamh fá rud éigin. B ’ fhéidir go bhfuil daoine eile ar aon aigne leat. Scríobh chugainn: Maire Nic Suibhne (‘ ac Fhionnlaoch), Mícheál Mac Laifeartaich (Mící Mharcais) agus Fionnuala Harte, Áras Ros Goill. na Gaeilge i gceantar Ros Goill. Bhí cruin- nithe againn le dreamanna agus le heagraíochtaí éagsúla le stiúir, treoir agus comhairle a fháil. Chur muid cuspóirí fad - théarmach agus gearr - théarmach romhainn, agus shocraigh muid bealaigh le iad a chur i gcrích. Is iomaí smaointiú agus meabhrú a rinne muid ar bhealaigh leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Bhaist muid Coiste Céim Aniar ar an choiste a cuireadh le chéile le cuidiú le na h - aidhmeanna a chur chun críche. Rinne muid spíonadh ar go leor bealaigh le íomhá Ghaelach a nochtadh sa cheantar. Chonacthas dúinn go raibh tábhacht ar leith ag baint le ranganna Gaeilge a reáchtáil. Leis an aidhm seo romhainn, shocraigh muid ar Chúrsa Dioplóma sa Ghaeilge a chur ar siúl. Chuirfeadh seo go mór le stádas na Gaeilge, chomh maith le caighdeán agus líofacht teanga a chruthú agus a chothú agus a chaomhnú. Da réir sin chuaigh muid i gcionn oibre agus ar deireadh, tháinig toradh ar an obair. Thosaigh an Cúrsa Dioplóma don chéad uair in Áras Ros Goill sna Dúnaibh ag tús mí Deireadh Fómhair 2002. Tá an cúrsa seo a reáchtáil faoi stiúir Ollscoil Mhig Ao- dha i nDoire. Is cúrsa é le daoine a spreagadh le níos mó muiníne a bheith acu Eagrán 1
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3