Guth Ghoill, Eagrán 9
Agus an lá atá inniu ann!! Tarraingeadh an pictiúr seo sa bhliain 1893 indiaidh do thógáil an ché ag Bord na gCeantar Cúng ach roimh an méadú mór a tháinig ar an iascaireacht scadán arbh é a ba chúis le theacht bádaí níos mó, le clos tógáil bád agus le hionad léasta iasc. Dáileadh na scadáin ar fud na tire le hasal agus cléibh. Tá dhá asal le feiceáil thuas ag fanacht ar an ché. De réir Welch, an staraí cliúiteach, “Is iad cuid scadán na nDúnaibh a gnóthaíonn an luach is mó ar an mhargadh Rúiseach”. ‘S iad cuid curracha na nDúnaibh atá le feiceáil anseo ach is as Oileán Thoraí an dá cheann a bhfuil crainn seoil orthu. Ba curracha le céaslaí a bhí sna sean-churracha as Toraí a úsáidtí go minic le dul go tír mór, ach fa- oin am seo bhí na hoileánaigh ag baint úsáide as curracha beaga rámhaíochta, agus crann agus seol ar iompar acu ar uairaibh. Ba ghnáth leis an churrach a bheith clúdaithe le craiceann róin nó craiceann capaill nó bó ach faoin am seo bhí siad ag baint úsáide as éadach. Deir Welch go raibh na curracha sa phictiúr seo clúdaithe le “dhá thiubhas de cheaileacó Mhanchuin agus é tarráilte agus ansin páipéar donn idir an dá chuid”. Tá shúil agam go bhfuil sibh ag baint taitnimh as an irisleabhar áitiúil “Guth Ghoill”. Is é seo an 9ú eagrán agus tá muid ag iarraidh feabhas a chur air i rith an ama. Le sin a dhéanamh tá tacaíocht de dhíobháil orainn uaibhse na léitheoirí. Tá seanphictiúir iontach tábhachtach agus bíonn muid iontach sásta iad a fháil uaibh. Tabharfaimid aire mhaith daofa agus gheobhaidh sibh arais iad taobh istigh d’am goirid. Fosta táimid ag iarraidh chluinstin ó dhaoine atá as baile. Nuacht nó scéal ar bith atá acu a shíleann siad a bheith fóirsteanach do Ghuth Ghoill bheadh lúcháir orainn é a fháil uathu. Má tá moltaí ar bith agaibh don iris na bí gí faiteach, déan teagmháil linn ag 074 9154830. Luach €1.50 Ré na gCurach Ré Órga na hIascaireachta
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3