Guth Ghoill, Eagrán 13
Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 1 € Paidir Maidine : Ó, a Dhia, duitse a bheirim, Gach ní a smaoiním, a dhéanaim nó a deirim, Mar aon lena ndearna Íosa domh. Coinnigh mé saor ó olc inniu. Téann an saol thart mar bheadh eiteoga air agus cuireann gach aon Nollaig blaiain eile ar do ghualainn xoxoxox Ba mhaith le Foireann Chéim Aniar Beannachtaí na Nollag agus Athbhl- iain faoi Mhaise a ghuí oraibh uilig. Litir ó Dhaidí na Nollag chuig na páistí maithe uilig i bparóiste Mhíobhaigh i nGaeltacht Ros Goill i dTír Chonaill, Mí na Nollag 2006. Bhuel, a pháistí, go mbeannaidh Dia dhíbh go léir agus tá mé cinnte go bhfuil sibh breá sásta go bhfuil aimsir na Nollag againn arís, agus sibh ar laethanta saoire ón scoil agus ag fanacht go géar le mo chuairt oraibh Oíche Nollag. Anois tá súil agam go raibh sibh uilig go maith i rith na bliana agus go raibh sibh ag obair go cruaidh sa bhaile agus ar scoil. Agus tá mé cinnte go mbeidh sibh breá buíoch ar shon cibí caidé bronntanais a gheobhann sibh, agus ar shon an dinnéir dheas a bheas agaibh Lá Nollag, agus fhios agaibh go bhfuil na míltí mílte páistí beaga ar fud an domhain nach bhfuil a dhath acu. Agus bígí go maith dá chéile sa bhaile, agus ag cuidiú fán teach, agus thar rud ar bith eile gabhaigí a luí agus a chodladh go breá luath mar ní thig liom cuairt a thabhairt oraibh má bhíonn sibh muscailte!!! Anois guím Nollaig Shona fá shuaimhneas díbh uilig agus do bhur muintir agus do bhur gcairde uilig. Bígí maith dá chéile i gcónaí agus beir beannachtai uaimse, Daidí na Nollag, le grá díbh uilig. xxx Bhí Daidí na Nollag ar roinnt cuairteanna cheana sa cheantar seo! Seo ar dheis é ag dáileadh beartanna Nollag ar pháistí Naíonra Dhiarmada agus Ghráinne sa Choláiste Gaeilge, agus ar Chlub Gaeilge Thír na nÓg sa Chlubtheach ar na mallaibh.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3