Guth Ghoill, Eagrán 15
Mí an Mheithimh 2007 An 15ú Eagrán, Ltch. 1 € Bhí ranganna ceoil uirlise agus ranganna amhránaíochta á reachtáil ag Céim Aniar le gairid in Ionad Ros Goill, do pháistí bunscoile, sin ranganna feadóige stáin, fidle, bosca ceoil agus consairtín. Ar an 12 Meithimh, an lá deireanach de na ranganna, chuir na páistí ceolchoirm bheag ar siúl san Ionad agus tháinig tu- ismitheoirí, seanaithreacha, seanmháithreacha agus cairde is- teach le iad a chloisteáil. Sheinn achan pháiste píosa aonréad, sheinn siad le chéile agus sheinn siad i ngrúpaí éagsúla. Bronnadh teastas agus duais ar achan pháiste agus bhain achan duine sult millteanach as an ócáid. Maith sibh a pháistí. Seo thuas daoine a bhí páirteach san Fhéile Náisiúnta a bhí againn sna Dúnaibh ar na mallaibh . Sa bhliain 2005 nuair a bhí an Fhéile Náisiúnta a reáchtáil sna Feochanaí i gCo. Chiarraí chuir Céim Aniar iarratas isteach go mbeadh an Fhéile Náisiúnta sna Dúnaibh i 2007 agus d ’ éirigh leis an iarratas. Roinnt seachtaine ó shin bhí bunadh na háite thar a bheith bródúil go raibh an Fhéile Náisiúnta ar a bhfód. Níl an cumann Drámaíochta ach ina óige agus ba mhór an onóir a bhí ann deis a fháil féile náisiúnta den saghas seo a reáchtáil. Bhí aisteoirí anseo ó achan chearn den tír.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3