Guth Ghoill, Eagrán 16

Lúnasa 2007 An 16ú Eagrán 1 Luach € 1.50    Bronnadh Céim Onóracha sa Ghaeilge ar scór mac léinn as Coláiste Mhic Aodha i nDoire ar an 10ú Iúil 2007. Seo grianghraf de na céimithe a glacadh sa Choláiste, nuair a bhuail siad leis an cheoltóir, Enya, i ndiaidh an tsearmanais i Halla Fóraim na Mílaoise. Ina measc tá Sabha Mhig Oireachtaigh, Mícheál Mac Laifeartaigh, Máire de Faoite agus Caitlín Ní Bhaoill, an chéad dream a lean ar aghaidh lena gcuid staidéir i ndiaidh an chúrsa Dioplóma a dhéanamh sna Dúnaibh, agus Róise Nic Laifeartaigh arb as Carraig Airt ó dhúchas i. Sa phictiúr fosta tá an tOllamh Ailbhe Ó Corráin agus an Dr Peadar Mac Gabhann. Comhghairdeas do na céimithe uilig. Beidh Naíonra Dhiarmada agus Ghráinne ag oscailt arís Dé Luain an 3ú lá de mhí Meán Fómhair. Naíonra é seo atá a reáchtáil go h-iomlán tré mheán na Gaeilge agus a bhíonn oscailte ó 9.30rn. go dtí 12.30in., Luan go hAoine. Tá áiteanna fágtha sa Naíonra go fóill do dhuine ar bith a bhfuil suim acu a pháiste(í) a thógáil le Gaeilge. Tuilleadh eolais ó Choiste Céim Aniar ar 91 55830.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3