Guth Ghoill, Eagrán 26
Eagran 26 Meitheamh 2009 1 Luach € 2.00 Sa phictiúr tá Proinsias Ó Cuilinn, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, Seán Mac Giolla Bhríde agus Aodh Mac Laifeartaigh i ndiaidh bronnadh na ngradam ag an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i mBaile Locha Riach i mí na Bealtaine. D ’ éirigh leis an dráma “ An Croí Fealtach ”, a léirigh Aisteoirí Mhíobhaigh, trí ghradam a bhaint: Duais scríbhneoireachta agus duais léiritheora do Phroinsias Ó Cuilinn agus duais aisteoireachta d ’ Aodh Mac Lai- feartaigh. B ’ iad Fiona Pasoma, Proinsias Ó Cuilinn, Áine Máire Ní Shibhleáin, Aodh Mac Lai- feartaigh, Stiofán Ó Sibhleáin, Seán Mac Giolla Bhríde, Seán Ó Dochartaigh, Micheál Ó Sibhleáin, Seosaimhín Ní Bhuaidhe agus Seosamh Ó Cuilinn na h - aisteoirí a bhí páirteach sa drama. Foireann Stáitse: Aodh Mac Laifeartaigh (fada) agus Máire Uí Bhoadáin. Soilse: Antoin Mac Giolla Bhríde. Smideadh: Máire Clyde. Beidh an drama seo ar an ardán arís ar 20 Iúil agus 3 Lúnasa i gColáiste Ros Goill agus ar 16 Deiredh Fómhair sa “ Teachers Club ” i mBaile Átha Cliath. Féile Náisiúnta Drámaíochta 2009
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3