Guth Ghoill, Eagrán 31
Eagrán 31 Bealtaine 2010 1 Luach € 2.00 Ba mhaith linn comhghairdeas a ghabháil leis na páistí seo thuas a bhain dhá dhuais ag an Fhéile Náisiúnta Scoildrámaíochta sa Mhuileann gCearr ar na mallaibh leis an dráma “An Réal”. Bhí an dráma seo bunaithe ar fhíorscéal faoi ghirseach a bhí ar fostú agus ar an dóigh a tháinig sí ar an réal a bhí de dhíth uirthi fá choinne a leabhar scoile a cheannacht. Sa phictiúr, ar chúl, ó chlé tá Caitlín Nic Íomhair, Laura Pasoma, Hannah Ní Chanainn, Rebecca Nic Nuadht, Micheál Ó Cathasaigh agus Pádraig Mag Fhinneachta. Chun tosaigh, ó chlé tá Helen Ní Chanainn, Micheál Pasoma, Megan Nic Aoidh, Ellie Ní Choileáin, Rhiannon Ní Labhraí agus Síle Ní Threartaigh. Bronnadh na duaiseanna i bPáirc an Chrócaigh ar an Chéadaoin, 19 Bealtaine. Maith sibh a pháistí. Tuilleadh faoin drámaíocht ar leathanach 5 .
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3