Guth Ghoill, Eagrán 32

Eagrán 32 Iúil 2010 1 Féile Iascaireachta Mhíobhaigh Déan teagmháil linn: Céim Aniar Teoranta, Áras Ros Goill, Na Dúnaibh, Tír Chonaill. Fón: 074 9154830 Facs: 074 9154830 Ríomhphost: ceimania r @ eircom.net Cuireadh tús leis an cheathrú Fhéile Iascaireachta de chuid Coiste Forbartha Mhíobhaigh ar an Aoine 25 Mei- thimh le cluiche sacair idir na fir phósta agus na fir shingile. Pól Ó Gallchóir a d ’ eagraigh an cluiche agus d ’ éirigh go maith leis. Bhí slua mór i láthair agus bhain achan duine sult as an chluiche sin agus as cluiche na bpáistí. Buaileadh na fir phósta le scór 5 : 3 cé go raibh siad dhá chúl chun tosaigh ag leath - ama. Is dócha go mbeidh an cluiche seo ag leanstan ar aghaidh achan bhliain ó seo amach. Ar an Satharn bhí an príomh ócáid ar siúl, ‘ sé sin an iascaireacht ina raibh sé bhád déag ag glacaint páirt. Ba le muintir na háite formhór na mbádaí ach bhí corr cheann ón iasacht fosta. Bhí an aimsir grianmhar agus ciúin ar an lá agus leoga tá an t - ádh ar an fhéile seo i dtaca leis an aimsir de ón chéad bhliain a thosaigh sé. Bhí barbaiciú ar an Domhnach agus arís na sluaite i láthair. Moladh mór tuillte ag na daoine sin a dhéanann an fhéile iontach seo a reáchtáil go deonach achan bhl- iain. Luach € 2.00

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3