Gailearaí

Is éard atá sa bhailiúchán seo ná stóras mór grianghrafanna agus íomhánna a tarraingíodh d’áiteacha agus d’ócáidí fud fad Dhún na nGall agus de pháirteanna eile in Éirinn le corradh agus céad go leith bliain anuas. Is ó sheanchártaí poist, ó dhearbhchlónna, ó chlaonchlónna, ó shleamhnáin laindéir agus ó shleamhnáin dhaite a fuarthas tromlach na bpictiúr atá sa bhailiúchán seo. Léirítear iontu gnéithe den tsaol faoi mar a bhí san am a caitheadh agus aithneofar uathu dá réir an t-athrú a tháinig ar an tsochaí agus ar an taobh tíre le himeacht aimsire. Beifear ag cur leis an bhailiúchán seo de réir a chéile i gcaitheamh na bliana.

Taobh A Taobh B Gaeilge Béarla
Young woman turning a piece of wood on a lathe. Bean óg ag deileadh píosa adhmaid ar deilbhinse. Young woman turning a piece of wood on a lathe.
Youth Hostel Ionad an Óige, Trá na Rosann, Co.Dhún na nGall. Youth Hostel, Trá na Rosann, Co.Dhún na nGall.