Antoine Ó Dochartaigh

Is éard atá sa bhailiúchán shuntasach seo ná réimse de lámhscríbhinní, de litreacha agus d’ábhar eile leis an scoláire aitheanta Gaeilge Antoine Ó Dochartaigh (1863-1932) as Oileán na Cruite ó dhúchas. Is iad Dairine agus Ciarán Mac Pháidín, garpháistí leis an Uasal Ó Dochartaigh, a bhronn an bailiúchán tábhachtach seo ar an Acadamh in 2022. Tá obair leanúnach ar siúl i dtaca le digitiú agus le caomhnú an ábhair agus táthar ag súil go ndéanfar ábhar an bhailiúcháin ar fad a thaispeáint ar an tsuíomh seo le linn na bliana atá amach romhainn. I measc an ábhair a bheas le feiceáil sa bhailiúchán seo, beidh seanamhráin, dánta, rannta, paidreacha agus seanscéalta a rinne an t-uasal Ó Dochartaigh a bhreacadh síos ó bhunadh Ghaeltacht Dhún na nGall corradh agus céad bliain ó shin.


Cuntas ar thuras timpeall na hÉireann i gcuideachta Paddy Bonnar
Dán faoi Kathleen McCormack, sínithe ag Seaghan Mac Meanman
Diúltaim Feasta
Dréacht de leabhar urnaí Gaeilge
Fótachóip d’alt i nuachtán ag déanamh cur síos ar Fheis Thír Chonaill 1927
Grianghraf de Antoine Ó Dochartaigh
Grianghraf de Antoine Ó Dochartaigh agus Séamus Ó Searcaigh ag Coláiste Uladh
INTO Ghaoth Dobhair & Na Rosa 1925
INTO Ghaoth Dobhair & Na Rosa 1926
Le brigh na fola, dhoirt tú féin
Leabhar gearrthóg le dáin, amhráin agus ailt nuachtáin
Leabhar nótaí beag le paidreacha agus amhráin