Bailiúcháin
Tá obair leanúnach ar siúl ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun gnéithe d’oidhreacht fhoilsithe agus neamhfhoilsithe Ghaeltacht Dhún na nGall ach go háirithe a chur os comhair an phobail. Chuige sin, tá taisclann dhigiteach á forbairt ina mbeidh teacht ag an phobal ar nithe mar nuachtáin, irisí, leabhair agus grianghrafanna mar aon le lámhscríbhinní, paimfléid agus litreacha a cruthaíodh le corradh agus céad go leith bliain anuas. Gheofar blaiseadh de na nithe sin sna bailiúcháin seo thíos faoi.
Powered by Drupal