- Micheal's Blog
- Log in to post comments
Le corradh agus 100 bliain anuas, is iomaí údar Conallach a d’fhág saothar thar a bheith saibhir agus luachmhar againn mar oidhreacht. Déanann Taisclann.ie iarracht cuid den oidhreacht shaibhir sin a chur os comhair an tsaoil arís trína gcuid oibre caomhnaithe agus digitithe. Inniu agus Lá Idirnáisiúnta na Leabhar buailte linn, tugann muid cuireadh don phobal bualadh isteach chuig https://taisclann.ie/ agus blaiseadh beag a fháil den bhailiúchán leabhar atá ar fáil ansin.
Is measc na leabhar is úire a cuireadh leis an Taisclann le deireanas, tá Ceol na n-Éan agus Sgéalta Eile (1919) le Séamus Ó Searcaigh, An Uiseog: Dornán Amhrán ó Chúigeadh Uladh (1905) le Donnchadh Ó Searcaigh, Ard-Léightheoir Gaedhilge: Cuid 1 (1937) le Seaghán Bán Mac Meanman, agus Clann Lir (1915) le Séamus Ó Creag.
Bítear ag cur i dtólamh leis an Taisclann agus le cois an bhailiúcháin leabhar atá le fáil ansin faoi láthair, is féidir teacht ar sheanirisí agus ar shean-nuachtáin mar aon leis na mílte grianghraf a thugann léargas ar shaol na ndaoine san aois seo caite.
