Goitse, Meitheamh 2011
10 Goιtse Meitheamh 2011 Comórtas Peile na Gaeltachta Cloch Cheannfhaola 2011 Is é an réimse talún laistiar de bhaile An Daingin in Iarthar Duibhneach atá i gceist i CLG na Gaeltachta, agus a ceannhcheathrú, Páirc Caide Ghallarais, ar imeall Thrá na Muirí ar Chun Ard na Caithne. Tá caid á imirt sa cheantar leis na cianta, agus foirne ag imirt fé bhrat na Gaeltachta ós na 1930daí. Bhuaigh an Cumann Craobh Sinsir Chiarraí i 2001 agus 2003. Bhain siad cluiche ceannais Uile-Éireann na gClub amach sa bhliain 2004. Bhí imreoirí an chumainn, Páidí Ó Sé agus Dara Ó Cinnéide, ina gcaptaein ar fhoirne buacacha Chiarraí i gCraobhacha na hÉireann i 1985 agus 2004. Tá imreoirí CLG na Gaeltachta ag glacadh páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta ó cuireadh tús leis, ar dtús fé brat Chorca Dhuibhne agus le déanaí mar fhoireann leo féin tar éis dóibh craobh Idirmheánach an Chontae a bhuachaint i 1998. Bhuaigh Corca Dhuibhne an comórtas Sinsir i 1972, 1974, 1977, 1995 agus 1996, agus bhuaigh An Ghaeltacht é i 1999. Deirtear go raibh an chluiche a d’imir An Ghaeltacht agus Naomh Abán, Baile Bhúirne i rith comórtais na bliana 2005, a chuaigh go dtí dhá thréimhse am breise, ar cheann de na cluichí is fearr a imríodh riamh sa chomórtas. Chomh fada siar le 1892, bhí peil á imirt i mBaile an Chaisil. In 1898 chuaigh foireann siar chuig Beál Deirg, an chuid den pharóiste atá taobh istigh den Ghaeltacht chun cluiche a imirt. Tugadh “the 98’s” ar an fhoireann sin. I 1916 bhain Baile an Chaisil craobh sóisir an chontae, rud nár éirigh leo a dhéanamh ó shin. Is sna tríochaidí a tháinig an cumann chun cinn. Bhain siad craobh idirmhéanach i 1935 agus bhuaigh siad an craobh sinsir i 1936, 1937 agus 1939 agus bhí lead óg ar an fhoireann i 1939 dárbh ainm Tom Langan, fear a roghnaíodh ar fhoireann na mílaoise agus a bhuaidh craobh na hEireann le Maigh Eo i 1950 agus 1951. Ní raibh a ndóthain imreoirí le haghaidh foireann i rith na seascaidí ach bunaíodh an cumann arís i 1970. De bharr ráth contae an Dúin ag deireadh na seascaidí beartaíodh ar dathanna dearg agus dubh a chaitheamh. Bhain Baile an Chaisil trí chraobh sóisir Thuaisceart Mhaigh Eo i 1981,1993 agus 2002 ach theip orthu i gcraobh an chontae sna blianta sin. Is é seo an ceathrú bliain don chumainn glacadh páirt a ghlacadh i gComórtas Peile na Gaeltachta agus an tríú bliain as a chéile craobh Mhaigh Eo a bhaint. Bunaiodh Cumann Peile Mhaigh Cuilinn sa bhliain 1912 agus is mór an spéis atá ag muintir na háite i gcúrsaí peile ó shin. Tá Cumann Peile Mhaigh Cuilinn páirteach i gChomortas Peile na Gaeltachta le níos mó ná dhá scór bliain. Is sa bliain 1971 a ghlac peileadóirí Mhaigh Cuilinn páirt sa chomórtas don chéad uair. D’éirigh go hiontach leo agus thug siad Craobh na Gaillimhe agus Craobh Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta leo. Aisteach go leor , níor éirigh leo aon chraobh sinsearach a bhaint ó shin, cé go raibh foirne breátha acu. Cé go bhfuil na blianta ag sleamhnú leo bíonn siad ag caint go fóill faoi bhua mhór ó dheas i mBaile Bhúirne. Ar an la stairiúil sin bronnadh corn an Chomórtais ar chaptaen na foirne Pádraig Mac Fhlannchadha (nach maireann). Ar ócáid stairiúil eile is é a mhac Gearóid a bhí mar chaptaen ar fhoireann peile Mhaigh Cuilinn nuair a bhuaigh siad Comórtas Idirmheánach na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh i Mí Feabhra 2008. An Ghaeltacht Maigh Cuilinn Baile an Chaisil
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3