Goitse, Meitheamh 2011
Meitheamh 2011 Goιtse 11 Comórtas Peile na Gaeltachta Cloch Cheannfhaola 2011 Sa bhliain 1890 a bunaíodh CLG na Rinne agus cur chun cinn na gcluichí Gaelacha, na teanga Gaeilge, agus an chultúir Ghaelaigh i measc óg agus aosta i bParóiste na Rinne mar sprioc againn ó shin. Tá dúil faoi leith ag an gcumann i mbabhtaí ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta agus sinn ag freastal orthu nach mór gach bliain le tamall maith de bhlianta anois. Bhí sé de phribhléid againn na babhtaí ceannais den Chomórtas a eagrú faoi dhó i 1984 agus i 1999 agus táimid ag súil go mór leis na mórtha fáilte a chur roimh chairde an Chomórtas go Páirc Uí Shíothcháin arís i 2013. Tháinig deireadh le gorta fada sa bhliain 2008 nuair a bhuamar corn sóisear Chomórtas Peile don chéad bhabhta agus is sa ghrád sinsear atáimid ag iomaíocht ó shin. Sa ghrád sinsear agus sóisear a imríonn peileadóirí an chumainn i bPort Láirge agus sa ghrá idirmheánach agus sóisear a bhíonn na hiománaithe. Comhfhoireann lenár gcomharsana sa tSean Phobal a bhíonn i gceist leis na foirne faoi aois. Imríonn Liam Ó Lonáin le foireann shinsear peile Phort Láirge agus bhí sé de ghradam ag an gcumann Réa Ó Ceallaigh a bheith ina chaptaen ar pheileadóirí faoi 18 an chontae i mbliana agus Lorcán Ó Corraoin agus Odhrán Ó hUallacháin leis ar an bpainéal chomh maith. Tá Dónal Breathnach ag imirt leis na hiománaithe faoi 18. Rinn Ó gCuanach Thosaigh Ciarán Mac Fheargusa ag smaoineamh ar chumann CLG lánGhaeilge a bhunú sa bhliain 2010. Scaip sé ceistneoir ina thaobh agus fuair an-chuid freagaí dearfacha. Tháinig sé féin agus grúpaí éagsúla le chéile, mic léinn as Coláiste na hOllscoile BÁC - Cathal Mac Dhaibhéid, Eoghan Ó Murchadha, agus Cormac Breathnach chomh maith le seanfhondúir Ciarán Ó Finneadha, fear a raibh lámh aige i gClub lánGhaeilge a bhíodh lonnaithe i mBÁC cheana ach ar tháinig deireadh leis. D'fhreastal scata beag acu ar an gcéád chruinniú áit a raibh Daithí De Buitléir, fear a chur an cumann chun cinn go mó trí dhul i bhfeidhm mar chathaoirlach ar an gclub. Tosaíodh ar thraenáil theoranta le buíon bheag i bPáirc an Fhionnuisce ag deireadh na bliana 2010. Smaoiníodh ar ainmeacha éagsúla - Na Gaeil Óga, Clann Baoiscne (a bhí mar ainm sealadach ar feadh scaithimh) agus Gaeil Dhuibhlinne. D'éirigh leis an gCumann aitheantas a bhaint amach go luath sa bhliain 2011 agus thosaigh siad ar thraenáil níos mó a bhí ar siúl ag an am seo in Ionad Fóillíochta Bhaile Formaid. Dhear Cathal Mac Dhaibhéid na geansaithe, ghlac Ciarán ó F ról mar bhainisteoir agus Ciaran Mac F mar urlabhraí. Tháinig Marcus Ó Léanacháin mar thraenálaí. D'éirigh leis an gcumann breis is 60 a chlárú. Chuir an cumann isteach ar Chomórtas Peile na G. agus d'éirigh lena n-iarratas. Thosaigh an Cumann ag imirt i sraith a deich sóisear (as 11 sraith) i mBÁC. Go dtí seo tá dhá chluiche buaite acu (thar na Gardaí agus Gaeil na Life) agus dhá chomhscór. Tá ~2/3 de bhaill an chumainn ian jeaicíní agus is as gach cearn an chuid eile, na gaeltachtaí móra ar fad ina measc. Tá pleananna fadteármacha ag an gcumann foirne faoi aois, do mhna agus iomana a chur chun páirce, is féidir teag- mháil a dheánamh leis an gcumann ag cumannclg@ gmail.com nó dul ar facebook.com Na Gaeil Óga. Na Gaeil Óga Tá Cumann Naomh Pádraig suite i gceantar Dúiche Sheoigheach. Bunaíodh an Cumann ag dtús na gcaogaidí agus d’éirigh leo craobh sóisear Gaillimh Thiar a bhuachaint sna blianta 1959 agus 1962. Sa bhliain 1956, tháinig imreoirí ón Chlochán ag imirt leis an Cumann agus d’éirigh leo Comórtas Shraith Sinsearach na Gaillimhe a bhuachaint. D’éirigh leis an Chumann an grad sinsir a bhaint amach i 1977 taréis an Craobh agus an Sraith Sóisear an Chontae a bhuachaint. Bhua an Cumann an Sraith sinsir an Chontae i 1979 agus 1985. I 1983 chaill an fhoireann sinsir cluiche Ceannais an Chondae in aghaidh an Dúin Mhóir. Bhuaigh an Cumann an Sraith agus Craobh Idirmheánach an Chontae i 1989 agus 1994 I 2009 chaill an Cumann stádas idirmheánach agus tá muid ag imirt i ngrád sóisir i láthair na huaire Tá dlúthbhaint ag Cumann Naomh Pádraig le Comórtas Peile na Gaeltachta agus d’éirigh linn an chéad chomórtas i ngrád soisear i 1977 a bhaint amach i Corca Dhubhne agus bhí muid mar thánaistí sinsir cúig uaire. Reachtáil muid an Comórtas Náisiúnt- a faoi dhó – 1980 agus 1995 An Fháirche
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3