Goitse, Meitheamh 2011

' Tá smúit ag titim ón spéir ann, is a chuid uisce go léir ag trá, Níl coll, níl cuileann, níl caor ann…' Sin a deir file Chill Chais, más buan mo chuimhne, agus leoga (mar a déarfadh fear ír Chonaill is dócha), mura bhfuil an t-uisce go léir tráite fós ná baol air, níl coll ná cuileann ná caor nach bhfuil smúit nó smál ar na duilleoga acu tar éis Oíche úd na Gaoithe Móire an tseachtain seo caite. “Cén smál atá ar Éirinn?” a dúirt sean-Phádraic Ó Conaire le linn “Chogadh na gCarad”, nuair a leagadh a chara,Micheál Ó Coileáin. Cinnte, ní haon chogadh é seo agus níor leagadh aon duine fós ach nach sílfeá mar sin féin go gcuirfeadh duine éigin an cheist chéanna, ar na páipéir nuachta, ar an teilifís: cén smál seo ar Éirinn? An fómhar ar fáil cheana is gan an samhradh ach ina thús!" Is sliocht í seo a bhreac mo chomharsa síos i ndiaidh na stoirme a d'ág crainn agus plandaí na háite dubh dóite ar an tríú lá fichid de mhí na Bealtaine i mbliana. I ndiaidh na rudaí deasa a dúirt Obama agus Banríon Sasain fúinn, thug an gaoth sáile ar ais go talamh muid. Shílfeá go raibh Dia féin ag cur scéala chugainn: Éistígí a stócaigh — tá béal bán agus plámás deas binn, ach caithfidh sibh aghaidh a thabhairt anois ar an írinne gharbh, mar a thug Seosamh Mac Grianna uirthi. Tá cuid den írinne gharbh seo ag éirí níos soiléire dúinn in aghaidh an lae : ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Níl muid neamhspleách. Tá muid ag brath ar thíortha eile, ar ár gcomharsain, ar na glúinte a chuaigh romhainn, ar an nádúr, ar an rialtas (Dia ár sábháil), ar Dhia féin, agus ar an IMF. Agus má leanann muid ar aghaidh ag bánú an domhain agus ag cur amú bí agus ábhair luach- mhara eile — neamhairdeallach ar an dochar atá á dhéanamh do thíortha bochta agus don timpeallacht ag dóigh maireachtála s'againn — níl aon cheacht foghlamtha. Cuireann muid milleán ar lucht na mbanc. Níl iontu ach comhartha; tá an iomarcacht agus an cur-amú mar bhun-phrionsabail d'ár sochaí. Ceannaigh níos mó stuif nach bhfuil de dhíth, ansin caith amach é agus ceannaigh tuilleadh. Ith nios mó bí, ól níos mó dí ná mar atá de dhíth — nuair atá do shláinte curtha amú, caith níos mó airgid ar leigheasanna agus ar dhochtúirí. Ceannaigh carr níos mó, teach níos mó, athraigh do chuid éadaigh achan bhliain —tá sé tuillte agat mar a deir fógra L'Oréal. B'éidir nach maith linn seo, ach glacann muid leis. Sampla beag amháin: i ndiaidh ár gcuid siopadóireachta a dhéanamh, bíonn orainn fáil réitithe den moll mór pacáistiú plaisteach a bhíonn thart ar achan rud. Tá cúpla rogha againn (a)tré athchúrsáil: muidne a chaith- eas íoc as seo (níl a ios agam beo caidé a dhéanann Repak leis an airgead a aigheann siad ó na ollmhargaidh le déileáil leis an truailliú ón phacáistiú seo, ach cinnte ní chuireann siad seirbhís cheart athchúrsála ar fáil) agus ní dhéantar é a athchúrsáil sa tír seo: rachaidh sé thar lear ar chostas mór don timpeallacht. (b)é sin nó dóitear é — rud a thruaillíonn an t-aer, an talamh, agus corp an duine. (c)nó caitear sa díog nó ar an trá é. Mairfidh sé na céadta bliain mar leacht cuimhneacháin dár n-aois truaillithe. Níl an pacaistiú seo de dhíth orainn: clár plaisteach faoi achan ghiota éisc nó feola, faoi chúpla glasra nó tor- thaí, agus clúdach plaisteach thart air sin arís. Tá sé de dhiobháil ar na hollmhargaidh lena mbarcód a chur ar achan ní, agus ar lucht déantúis lena gcuid táirgí a dhéanamh níos feiceálaí le muid a spreagadh le níos mó a cheannach. Tá siad lán tsásta an ola as a déantar an plaisteach a chur amú - ábhar atá gann agus luachmhar. Agus ní freagra ar bith ath- chúrsáil; níor chóir don phacaistiú a bheith ann ar an chéad dul síos. Roimhe seo tháinig úlla i mbos- caí, pinn agus pinn luaidhe gan pacáistiú ar bith agus mar sin de. Ní hé Sasana an namhaid níos mó ach na margaidh atá ag rialú saoil s'againn agus iad sásta tíortha agus timpeallacht a scrios ar mhaithe le brabús. Má sheasann muid suas agus má dhiúltaíonn muid glacadh leis an phacáistiú iomarcach, beidh an chéad chéim glactha againn le smacht a áil ar ár saol. VIVE L'IRLANDE LIBRE! Crann Órga Tá an Chrannóg ann, tá an Crann Óg ann, agus anois tá an Crann Órga ann. Is struchtúr é a thugann deis do dhaoine atá i ndiaidh éirí as obair teacht le chéile achan tráthnóna Déardaoin sa Chrannóg i nGaoth Dobhair le imeachtaí éagsúla a eagrú. Bíonn ranganna ióga, scannáin bodhláil, turasanna cultúrtha, cainteanna agus rl ar siúl acu. Le gairid tháinig Martin Maloney as Páirc Ghleann Bheatha le labhairt fá éanacha seilge. Rinne sé an pointe fá na hIolair Órga, nach maraíonn siad uain - bhéadh siad ró-mhór daofa le hiompar ar shiúl - ach d'íosfadh siad uan nó caora marbh dá mbeadh siad ina luí thart, agus má eiceann daoine seo, síleann siad gurb amhlaidh a mharaigh siad iad. Bhí spéaróg, ceannchait agus scréachóg reilige leis - triúr atá dúchasach don tír seo. Bhí cead ag daoine abhí í láthair iad a láimhseáil. Bhain Seosamh Ó Duibhir, cathaoirleach an Chrainn Órga, an-sult as seo, agus bhí Nóra Ní Dhuibhir ag siúl thart le ceannchait ar a cloigeann agus a deirfiúr Máire le ceann ar a láimh. Meitheamh 2011 Goιtse 13 An Naoscach le Nóra Chit Ceannchait ar cuairt sa Chrannóg Cén smál seo ar Éirinn? “Ní hé Sasana an namhaid níos mó ach na margaidh atá ag rialú saoil s’againn agus iad sásta tíortha agus timpeallacht a scrios ar mhaithe le brabús.” Le tamall fada bhí aimsir ar dóigh againn, bhí an ghrian ag soilsiú agus ní raibh fearthainn le feiceáil. Ach anseo ar an eirm d’éirigh rudaí iontach tirim, bhí an talamh iontach crua agus cé go raibh seo maith do na hainmhithe — ní raibh clábar ar bith sna páirc- eanna —bhí sé iontach deacair síolta a chur taobh amuigh. Mar sin rinne muid cinnte go raibh go leor aoileach ar an talamh agus é measctha tríd an chré go maith. Nuair a bhí sin déanta agus é briste síos go maith bhí muid ábalta ár gcuid plandaí agus síolta a chur.osaigh muid ag fás léir de na plandaí sa tollán plaisteach agus thug sin tús maith dóibh. Mar sin bhí na plandaí breá láidir i ndiaidh mí nó mar sin chun plandáil amuigh. Ach ar an drochuair ansin tháinig an stoirm. Agus stoirm iontach garbh, amach is amach a bhí ann. Scriosadh cuid mhaith de na plandaí a bhí curtha taobh amuigh againn. Dóigheadh an chuid is mó dé na crainn ar thaobh amháin leis an ghaoth láidir a bhí ag séideamh. Chaill muid na cúirséid, mearógaí agus na puimpcíní uilig a bhí curtha taobh amuigh. Agus le coicís anois níl fás ar bith ann. Bhí an teocht aréir íseal go maith, seacht gcéim; tá na séas-úir agus an aimsir measctha suas go maith. Tá trua agam do na hain- mhithe fiáine, go háirithe na héin agus mar sin ba chóir dúinn uilig bia a ágáil amuigh dóibh ar feadh tamaill eile. Is cosúil go ndearna an stoirm dochar thart ar an cheantair uilig. Bhí mé ag caint le cara atá ina chónaí sna Rosa agus chaill seisean tollán s’aige, ceann caoga méadar ar ad, chaill sé na crainn torthaí uilig a bhí curtha aige, níos mó ná daichead acu. Tá an ait scriosta go maith. Mar sin, cosúil lena léir rudaí sa tsaol seo, bíonn i gcónaí daoine in áit níos measa ná tú féin. Buíochas leis na déithe go raibh léir glasraí curtha in áit faoi oscadh taobh amuigh. Fá láthair tá cabáiste, oinniún, gairleog, prátaí, raidisí, tornap- aí, cairéid, piseanna, pónairí, mionspionáiste agus cál curtha again agus cé nach bhfuil mór- án fás ann leis an aimsir tá siad beo! Tá luibhghort s’againn ag déanamh go maith agus bainim úsáid as léir de na luibheanna nuair a bhím ag cócaireacht. Istigh sa tollán tá trátaí, cúcumar, cillí, cúirséid, piobair agus léir, léir duilleoga sailéid. Má ásann gach rud atá curtha againn beidh muid ar dhroim na muice. Agus ag caint ar mhuca, bhí seachtar banbh ag Róise, muc den déanamh Tamworth coicís ó shin. De gnáth bheadh an cráin istigh sna stablaí chun breith ach an t-am seo shochraigh muid chun Roise a ágáil amuigh sa phairc mar tá teach breá mór aicí atá lán de chochán. Chuaigh gach rud go breá agus is cosúil go mbíonn an cráin agus na banbha níos sásta agus níos folláine taobh amuigh. Ach leis an teaghlach úr seo, fágann sin chóir a bheith scór muca ar an eirm agus mar sin caithfidh muid gearradh siar. áinig méadú millteanach ar luath mhin na n-anmhithe, go háirithe min na muice, le tamall agus níl muid ábalta coinneáil leis an méid muca atá againn. Is trua é ach caithfidh muid leath acu a dhíol. Is cosúil go bhfuil an adhb seo ag a léir feirmeoirí tríd an tír mar ag amharc ar óram idirlín a bhíonn dírithe ar an eirmeoireacht tá na gearán céanna ag an chuid is mó de na feirmeoirí. Ach cúpla seachtain i ndiaidh an píosa sin a scríobh bhí an t-ádh orainn mar bhí muid ábalta níos mó na deichniúr de na muca a dhíol, agus beidh cúigear eile réidh le himeacht nuair a bhíonn siad mór go leor. Fágann seo go bhfuil níos lú brú orainn ó thaobh bia de. Tá muid ag déanamh go maith leis na gabhair. Fá láthair tá mé ag blí ceathrar acu maid-in agus oíche, bím cineál ceangailte leis seo ach bhí a ios agam seo sular thosaigh mé ar an chraic seo. Rinne mé cúrsa lae ar dhéanamh cáis i Contae an Chabhán an mhí seo caite thuas le Silke Cropp, an bhean a dhéanann Corleggy Cheese. Cé go bhfuil mé ábalta cáis a dhéanamh, thug an chúrsa seo níos mó muinín domh leanstan ar aghaidh.Mar sin tá mé ag déanamh cáis bhog, agus cáis chrua agus iógart gach seachtain. Bíonn an cháis bhog réidh le hithe i ndiaidh lá amháin ach caithfidh mé fanacht ar a laghad dhá mhí sula mbíonn seans agam an cháis chrua a bhlaiseadh. Ach tá an tiógart iontach furast a dhéanamh. Iógart Baile Seo oideas chun iógart simplí a dhéanamh sa bhaile, agus níl feidhm ort do chuid ainmhithe féin a bheith agat chun an bainne a fháil, thig bainne as an tsiopa a úsáid. Pionta bainne lán saille (full fat) Pota beag iógart nádúrtha beo —má tá tú ag úsáid bainne bó caithfidh tú iógart bó a úsáid agus má tá tú ag úsáid bainne gabhar caithfidh tú iógart gabhar a úsáid, ach mar nach bhfuil mórán saille i mbainne gabhair ní bheidh an tiógart chomh tiubh. Téigh an bainne go dtí 42ºC, muna bhfuil teirmiméadar déirí agat seo an teocht ina bhfuil tú ábalta do mhéar (ghlan) a choinneáil istigh sa bhainne ar feadh deich soicind gan é a bheith ró-the. Ansin buail isteach dhá spúnóg tae den iógart nádúrtha beo. Doirt an bainne isteach i bhfleasc a bhí scallta go maith le huisce te, cuir an clúdach air agus fág thar oíche é agus ar maidin beidh do chuid iógart féin agat, thig leat do rogha féin de bhlasanna a chur tríd, sú talún, mil, cnónna srl ach sula gcuireann tú a dhath tríd coinnigh cúpla spúnóg den iógart seo siar chun an chéad phionta eile a dhéanamh. Blag na mBuataısí Tráchtanna Bríd na mBuataisí ar shoineann agus doineann na feirme i mblag namíosa seo

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3