Goitse, Meitheamh 2011
2 Goιtse Meitheamh 2011 I ndiaidh cruinnithe sa Chrannóg ar na Doirí Beaga i nGaoth Dobhair an mhí seo a chuaigh thart, rinneadh cinn- eadh coiste a chur ar bun le feachtas a reáchtáil le Paróiste Ghaoth Dobhair a ghlanadh suas agus iarracht a dhéan- amh dhul i ngleic le dumpáil mídhleathach agus an bruscar ar thaobh na mbóithre agus fríd an cheantar. Rinneadh an cinneadh ceithre rud a dhéanamh láithreach: 1. Lá mór glantacháin eile (ag leanúint ar aghaidh ón cheann iontach maith a bhí ann í mí Mhárta) ar an 18ú Meitheamh- roimh shéasúr an tsamhraidh. Beidh an coiste ag súil lena lán tacaíochta ón phobal uilig ar an lá seo. Mar is mó a ghlacann páirt, dar leo, is lú a bheas le déanamh ag achan nduine. 2. Feachtas eolas áitiúla a sheoladh leis an pobal a chur ar an eolas faoin adhb atá againn agus na modhanna atá ar fáil go h-áitiúil le bruscar a láimhseáil. 3. Comharthaí a chuir in airde fríd an phobal ag iarraidh cosc a chur ar dumpáil mí- dhleathach. 4. Iarracht a dhéanamh le níos mo boscaí bruscar a chuir ar fáil ar an phríomh bhóthar, agus in áiteanna stráitéiseacha eile. Fosta, mar eolas – ta sé déimhnithe go mbeidh bail- iúchan de earraí leictreacha á eagrú ag an Chomhairle Contae i mí Dheireadh Fómhair sa cheantar, agus iarrtar ar dhaoine a bhfuil ábhar leictreach acu le réitithe a áil de , é a choinneáil go dtí sin nó é a thabhairt go dtí an t-ionad athchúrsála ar an Chlochán Liath ( áit a dtig é a ágáil saor in aisce!!). Tá an dáta do bhailiúchán seo le cinntiú go fóill ach déanfar fógraíocht fá dtaobh de níos cóngaraí don am. Na hainmhithe á gcur féin in aithne dá chéile ag Aonach Bhraighnidh, a reáchtáladh ag Teach Phete. ColmCroker agus Mícheál ChoilmMac Giolla Easbuig ag baint suilt as Aonach Bhraighnidh, a reáchtáladh in Doirí Beaga, ar na mallaibh. Glantachán Glas Ghaoth Dobhair ‘Ag dul chun Aonaigh dom…’ Thosaigh Margadh Tuaithe úr ag Teach Mhuiris i mBun an Leaca ar an deireadh seachtaine fada lá Bealtaine. Bhí bácáil baile, glasraí agus plandaí, ábhar ceirde srl ar díol istigh agus amuigh den seanteach breá seo. Bhí ceol á chur ar fáil ag ceoltóirí óga na Crannóige agus ar ndóigh tine dheas sa teallaigh agus cupa tae á chur ar fáil ag Maireád Ní Dhúgáin. Tá an Margadh á eagrú ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, agus tá súil go mbeidh sé ina ócáid mhíosúil. Beidh an chéad Mhargadh eile ar an Domh- nach an 5 Meitheamh ag an 2in agus má tá suim agat spás a chur in áireamh, cuir scairt ar an Chrannóg ag 95 32208. Margadh Theach Mhuiris Táillí úra ar an bhealach Ar lean ó lch 1 Bhéarfadh sé tacaíocht do ghrúpa ar bith neamhspleách a raibh sé mar aidhm aige seasamh láidir a ghlacadh in éadan na dtáillí. Beidh cruinniú i Halla Anagaire Dé Sathairn 11 Meitheamh ag toiseacht ar a 12.00 leis an cheist seo a phlé agus le coiste pobail a bhunú a eagróidh feachtas in éadan na dtáillí uisce agus iarradh ar dhuine ar bith a mbeadh suim acu ann bheith i láthair. Bhí caint fosta faoi tháille eile ar dhaoine a bhfuil umar seipteach ( septic tank ) acu. Níl sé soiléir go fóill an táille eile ar fad a bheas ann nó an mbeidh se mar chuid de na táillí uisce úra ach tá brú ar an rialtas cloí le cinneadh sa Chúirt Eorpach i 2009 gur ag sárú rialacha timpeallachta na hEorpa a bhí muintir na tíre seo a raibh an umar seipteach acu. Ní fios ach oiread an mbeidh dualgas ar úinéir ti a bhuil umar seipteach aige cruthú go bhfuil cothabháil rialta déanta air. Doimnic Neilí Mac Giolla Bhríde, Theresa Kavanagh agus Niall Hackett ag bualadh ceoil ag Aonach Bhraighnidh.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3