Goitse, Meitheamh 2011

Meitheamh 2011 Goιtse 5 Aodh Máirtín Ó Fearraigh Rúnaí Bhord Chontae Dhún na nGall, Cumann Lúthchleas Gael Tá fás agus forbairt tagtha ar Chomórtas Peile na Gaeltachta le 42 bliain, ó cuireadh tús leis an chomórtas sa bhliain 1969. Le blianta, chothaigh an comórtas ceangal agus nasc idir na Gaeltachtaí éagsúla, ag leibhéal condae agus ag leibhéal náisiúnta. Cothaíodh go leor cairdis de bharr an chomórtais agus seans gur go raibh corr chleamhnas mar thoradh air chomh maith. Tá an comórtas náisiunta ag leibheál sinsear buaite ag foirne as Tír Chonail ceithre huaire déag, agus ag Gaoth Dobhair ocht n-uaire. Cuireann sé go mór leis an chomórtas go bhfuil foirne peile as Beál Feirste, Laochra Loch Laoi, agus as Baile Átha Cliath, Na Gaeil Óga, páirteach sa chomórtas anois. Ba cinneadh ciallmhar go mbeidh sealaíocht ag na réigiúin leis an chomórtas a reachtáil ón bhliain 2012 ar aghaidh, seachas an comór- tas a bheith sa Chúige chéanna dhá bhliain as a chéile. Tá sár obair déanta ag oifigigh fhóchumann Chloich Cheann Fhaola le comórtas na bliana seo a reachtáil. Tá forbairtí móra déanta ar Pháirc Naomh Fionnáin agus ar na háiseanna ar fad, le freastal ar na sluaite a bheas ansin don chomórtas náisiúnta. Sílim corruair go bhfuil dearmad nó neamhaird á dhéanamh de bhun spriocanna agus aidhmeanna an chomórtais, agus cead a thabhairt do fhóchumainn nach fóchumainn Gaeltachta iad a bheith páirteach san chomórtas. Ní buntáiste ar bith don chom- órtas, don Ghaeltacht nó don Ghaeilge imreoirí agus oifigigh gan focal Gaeilge a bheith acu, a bheith páirteach i gComórtas Peile na Gael- tachta, agus tá sé thar am deireadh a chur leis an chur i gcéill seo. Ba cheart go mbeadh fáilte roimh fhoirne Gaelacha ó aon bhaile mór nó ó aon chathair sa tír, a mbeadh cumas Gaeilge ar a dtoil acu, le bheith páirteach sa chomórtas seo. Tá todhchaí na teanga sna bailte móra agus sna cathracha feasta, agus b’fhéidir gur ansin fosta atá todhchaí Chomórtas Peile na Gaeltachta? Comórtas Peile na Gaeltachta Cloch Cheannfhaola 3-6 Meitheamh 2011 Todhchaí Chomórtas Peile na Gaeltachta Forlíonadh Speisialta

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3