Goitse, Meitheamh 2011
6 Goιtse Meitheamh 2011 Comórtas Peile na Gaeltachta Cloch Cheannf haola 2011 C AOL DÍREACH go ceann scríbe! do nasc leis an teanga your link to the language T: / (T É ) R: eolas@forasnagaeilge ie No roundabouts here Let the information superhighway take you where you want to go with the Irish language Just log on to www gaeilge ie for the quickest route to the information you need Check out the NASC classified ads where you can: • post an ad to request or advertise a course/ event • register your area of interest to get alerts when new info is posted or • search for what’s available in your neighbourhood And much more It’s never been easier to connect with the Cyber gaeltacht! Ní gá dul amú a thuilleadh Tá bealach glan romhat Pé eolas atá uait faoin nGaeilge agus a mbaineann léi éascóidh www gaeilge ie do thuras Féach go speisialta inneall fógraíochta NASC áit gur féidir leat: • cúrsa/ imeacht a fhógairt nó a iarraidh • do shainspéis a chlárú (chun nod a fháil nuair a bhíonn eolas nua faoi ar an suíomh) nó • a bhfuil ar fáil i do cheantar féin a chuartú Tabhair cuairt agus glac páirt sa Chíbear ghaeltacht inniu! CARTÚN Scadán Caoch “Fuair Corcaigh an Bhanríon Eilís. Fuair Muine Gall Barack Obama. Caidé atá againne?” “Peileadóirí breátha Chiarraí ” Beidh na foirne ag teacht as gach carn den tír go Cloch Cheannaola fá choinne Comórtas Peile na Gaeltachta an deireadh seachtaine agus beidh fáilte mhór rompu agus roimh lucht tacaíochta na gclubanna éagsúla. Don chéad uair, beidh foireann Gaeilgeoirí as Baile Átha Cliath páirteach sa Chomórtas agus beidh fáilte ar leith rompu sin, agus roimh Laochra Loch Lao as Béal Feirste. Is comhartha é an dá oireann sin a bheith páirteach sa Chomórtas go bhfuil borradh agus fás i bpobal na Gaeilge, fiú má tá meath ar an teanga ins an Ghaeltacht féin. Ach ní féile teangan atá i gCom- órtas Peile na Gaeltachta; is féile spóirt é agus beidh gach imreoir ag suil le corn a thabhairt abhaile leo i ndiaidh dheireadh na seachtaine. Ar ndóigh, ní féidir ach le club amháin an chraobh a bhaint agus sa chomórtas sinsir, beidh súile mhuintir na contae so ar Chloch Cheannaola agus Gleann tSúilí. Níl amhras ar bith faoi go mbíonn buntáiste ag an oireann ata ag imirt sa bhaile ach beidh sé deacair ag Cloch Cheannaola má tá siad in éadan An Ghaeltacht, ceann de na clubanna is mó agus is éifeachtaí i gCiarraí. Ach caithfidh An Ghaeltacht an bhua a áil ar an Rinn sa réamh- bhabhta Dé Sathairn agus beidh turas fada déanta ag an dá oireann an lá roimhe. Beidh cluiche suimiúil fosta idir Gleann tSúilí agus Maigh Cuilinn tráthnóna Dé Sathairn mar bíonn na Connachtaigh i gcónaí láidir sna comórtaisí seo. Sa Chraobh Sóisirbeidh clubanna beaga ar nós Laochra Loch Lao, Na Gaeil Óga agus Móin Dearg as Londain san iomaíocht in éadan Chloch Cheannaola, Baile an Chaisil as Maigh Eo agus Clann na nGael as Contae na Mí. Tá sé deacair tairngireacht ar bith a dhéanamh ar na cluichí seo cionn is nach mbíonn an t-eolas céanna againn ar chlubanna as Cúige Mumhan nó Baile Átha Cliath agus atá againn ar chlubanna as ár gcontae féin ach bíonn na cluichí taitneamhach i dtólamh. Cibé dóigh a théann sé ar an pháirc imeartha, tá súil ag foireann Goitse go mbíonn an aimsir go maith agus go mbíonn am ar dóigh ag na foirne agus a lucht tacaíochta uilig. Saibhreas Spóirt ag na Croisbhealaigh Páirc an Fháil Charraigh, ionad imeartha Chomórtas Peile na Gaeltachta 2011
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3