Goitse, Meitheamh 2011

Imríodh peil Ghaelach i gCeanntar Iorrais ó thus an chéid seo chaite. Níor chláraigh Béal an Mhuirthead leis an mBord Chontae go dtí 1936 agus chuir siad tús leis an gCraobh Shoisir. Ocht mbliaina ina dhiaidh sin i 1944 bhuaigh an chlub an chéad craobh Shoisir i gcoinne Muraisc. Ghoill an imirce go mór ar cheantar Iorrais le linn na caogaidí agus go háirithe ar an bpeil. Bhí Comórtas Peile na Gaeltachta i mBéal an Mhuirthead anuraidh. Bunaíodh Fó Chumann Naomh Mhuire sa bhliain 1980 agus de thairbhe sin tá muid ar cheann de na clubanna is óige sa chondae. Tá muid lonnaithe in íochtar na Rosann, i bparóistí Anagaire agus Ceann Caslach, i gcroí na Gaeltachta. Imríonn muid ár gcluichí ar na Méilte i Mullach Dearg agus caitheann muid glas agus bán mar dhathanna. San am i lathair, tá muid ag imirt i roinn 3 den tsraith agus sa chraobh idir- mheánach, ach sé an mian atá againn ná go dtiocfadh athrú air sin sna blianta beaga amach romhainn. Ar thaobh amháin dúinn tá Gaoth Dobhair agus ar an taobh eile tá an Chlochán Liath. Is é Danny Ó Domhnaill, ó Rann na Feirsde, bainisteoir na foirne agus tá sé féin agus a fhoir- eann tacaíochta ag déanamh obair mhór. Tá ballraíocht 400 againn agus an mhór- chuid acu sin ina mbaill óga. Tá Bord na nÓg, faoi stiúir Gary Ó Baoill agus Déaglán Ó Máirtín, iontach gníomhach agus díograiseach ag forbairt ár n-imreoirí óga agus ag leagan dúshraith láidir fá choinne an todhchaí. Le cúpla bliain anuas, tá muid ag cuir foirne cailíní agus mná 'na páirce faoi stiúir Dhónal Ó Searcaigh agus tá ag éirí go hiontach maith leo. Anuas fríd na blianta, bhuaigh muid trí chraobh sóisir agus craobh idirmheánach amháin agus tá seal caite againn in achan roinn den tsraith. Sa bhliain 2007, d'éirigh linn craobh na condae Pheil na Gaeltachta a bhaint don chéad uair agus uaidh sin bhain muid craobh na hÉireann i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus is cinnte gur mhaith linn an rud céanna a dhéanamh i mbliana. Tá rud amhain cinnte - níl rud ar bith cosúil le deireadh seachtaine Pheil na Gaeltachta. Meitheamh 2011 Goιtse 7 Comórtas Peile na Gaeltachta Cloch Cheannfhaola 2011 Naomh Muire Béal an Mhuirthead Caidé eile atá le rá faoi fho- Chumann Chloch Cheannfhaola nach bhfuil ráite míle uair roimhe? Níl le déanamh agat ach amharc thart ort féin agus tchífidh tú toradh na hoibre a rinne baill agus cairde an chlub seo leis na háiseanna a fheabhsú sa chlubtheach agus ar an pháirc imeartha. Léiríonn sé sin an caidreamh ag an chlub leis an phobal, bunchloch Chumann Lúthchleas Gael. Mar a dúirt fear amháin ag an oíche eolais an mhí seo a chuaigh thart, is iomaí club a thiocfaidh go Cloch Cheannfhaola ach ní fhágfaidh ceann ar bith acu leis an Chorn. Tá sin ag fanacht i gCloch Cheannfhaola. Cloch Cheannfhaola

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3