Goitse, Meitheamh 2011
Meitheamh 2011 Goιtse 9 Comórtas Peile na Gaeltachta Cloch Cheannfhaola 2011 Tá stair shaibhir ag an Ghaeilge i mBéal Feirste. Tá an chéad phíosa scríbhneoir- eachta i nGaeilge bunaithe sa chathair seo. Thosaigh an athbheochan is déanaí breis is 50 bliain ó shin le bunú An Chumann Chluain Ard agus de réir a chéile bunaíodh an chéad Ghaeltacht uirbeach sa tír ar Bhóthar Seoighe agus amach uaidh sin bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste. Tá an Ghaeilge ag dul ó neart ó shin agus sa lá atá inniu tá 11 Gaelscoil déag, Meánscoil lán-Ghaeilge amháin, páipéar nuachtáin laethúil, stáisiún Raidió srl… uilig lonnaithe in Iarthar Bhéal Feirste. Mar gheall air seo ar fad, tugadh stádas oifigiúil don cheantar mar Cheathrú Ghaeltachta. Tá oidhreacht shaibhir ag an Chumann Lúthchleas Gael in Iarthar Bhéal Feirste chomh maith, bhí an chéad dhá chumann a bunaíodh i mBéal Feirste ag feidhmiú go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Bunaíodh Laochra Loch Lao chun deis a thabhairt do lúthchleas- aithe Iarthar Bhéal Feirste teacht le chéile agus an dá shuim is mó acu, an Pheil agus an Ghaeilge a chleacht- adh agus a fhorbairt faoi aon scáth amháin. Tá muid thar a bheith bródúil as bheith mar ionadaí Bhéal Feirste sa chomórtas seo ó thosaigh muid ag glacadh páirte ann i mBéal Átha Ghaorthaidh in Iarthar Chorcaigh in 2007. Thapaigh muid an deis ó shin agus d’eirigh le cáiliní Ghaelacha s’againn, Róise Nic Corraidh agus Gránne Ní hÓláin comórtas an chailín Ghaelaigh a bhaint in 2009 agus 2010. Tá Gaeltacht láidir, bríomhar i mBéal Feirste agus ta lúchair orainn bheith i ndán seo a léiriú i measc Gaeltachtaí na tire. Laochra Loch Lao Dé Luain 6 Meitheamh CLUICHE FAOI 15 Sciath Niall Uí Cheallaigh 12in Gaoth Dobhair v Na Rosa 2in Cluiche Ceannais Sóisir 4in Cluiche Ceannais Sinsir PEIL na mBAN Cluiche Ceannais Sóisir Dhún na nGall 6.00in Cloch Cheannfhaola v Baile na nGallóglach Laochra Loch Lao ag Teach an Phiarsaigh, Ros Muc Laochra Loch Lao
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3