Goitse, Feabhra 2014

Súil siar: Banna ceoil Dhobhair Sa seanghrianghraf thuas a tógadh go mall sna 1960í nó go luath sna ’70í tá Band Dhobhair. Chun tosaigh: Domhnall Mac Grianna, Pádraig Ó Dúgáin, Columba Ó Dúgáin, Pádraig Mac Grianna, Noel Ó Dúgáin, Séamus Mac Aoidh, Seán Ó Fearraigh. Ar gcúl: Timmy Ó Baoill, Doimnic Mac Suibhne, Harry Ó hEarcáin, Hiúdaí Mac Aoidh, Cathal Mac Aoidh, Pól Ó Braonáin, Mícheál Mac Aoidh, Mícheál Ó Maolagáin, Ciarán Ó Braonáin, Hughie Mac Aoidh, Jimmy Mac Aoidh, Pádraig Mac Aoidh, Joe Ó Baoill, James Phádraig Mac Aoidh, Josie Donegan, Roger Mac Aoidh, Máirtín Ó Baoill 10 GNÉ-ALTANNA Goitse 21 Feabhra 2014 Roimh iomrá ar Naomh Bhailintín, cártaí, rósanna agus seacláidí, bhí leigheas ag na Gaeil don t-é a bhí cloíte ag galar an ghrá. Le mian do chroí a mhealladh, ní mór an deoch seo a réiteach dó nó di: Posóid shean-teangais Ó bhainne bó sceadaigh Í blite in aghaidh a tóna É sin a bheith meascaithe Le cos choileach dubh Márta (Tá tú fós in am) Agus béarfaidh sé Éire go deo dhuit Scríobh chugam má bhíonn aon deá-scéal agat. Ach sa tsean-am ní raibh feidhm le seiTeanna slítheánta mar sin thuas. Bhí an modh díreach acu — ag na mná ar aon nós. Nuair a ghlac Gráinne nóisean do Dhiarmaid, rug sí ar a dhá chluas agus chuir sí faoi gheasa é éalú léithe — rud a rinne sé ainneoin a leisce. (Bhí onóir ag fir ag an am). Ní raibh Liberation ar bith de dhíth ar na mná an uair sin. ’S iad dlíthe Sasana a chuir deir- eadh le saoirse na mBan sa tír seo. (Nach mbeadh a fhios agat). De réir dlíthe na mbreithiún, a bhí í bhfeidhm faoin sean-chóras Gaelach, bhí na cearta céanna maoine ag fir agus mná — le heisceacht amháin: B'ionann caoirigh do mhná agus capaill do fhir. Faoi Shasana d’athraigh an scéal ar fad. Feasta, ar pósadh di, chaill bean seilbh ar bith ar aon mhaoin a thug sí isteach sa phósadh léi. Ní hamháin sin, ach feasta de réir dlí, bhí sí mar chuid de mhaoin an fhir, mar eallach nó talamh, nó airgead. Agus lean sin go dtí lár an chéid seo thart. Faoi na sean-dlíthe fosta, bhí cead colscartha ag bean ó fhear a d' éirigh ramhar, agus i gcás go raibh sí in éad — sé sin go raibh sé mí-dhílis is dóigh — bhí cead aici é a mharú; sé sin le rá, glacadh leis go raibh cúis aici agus ní bhíodh pionós í gceist. Agus céard faoin bhean i sean- scéal eile a shiúil isteach i dteach fir áirithe gan cuireadh nó cur in aithne de chineál ar bith, agus a thosaigh ar ghlanadh an tinteáin, a luigh leis an oíche sin, agus a shocraigh síos leis gan chaint nó caibidil nó amaidí ar bith — ach go beith gur iarr sí air gan labhairt fúithi Agus tá an modh praiticiúil ann fosta. Má théann tú ag iarraidh mná nó fhir cuir faoi scrúdú beag í nó é roimh ré mar a deir sé san amhrán — i ndiaidh roinnt plámáis í dtús: There’s an alehouse nearby agus beidh muid go maidin ann If you're satisfied a ghrá gheal mo chroí Early next morning we'll send for the clergyman Beidh muide ceangailte i nganfhios don tsaol. Agus, ar ndóigh, an dóigh is simplí amuigh, má theipeann ar achan ní eile — an cleamhnas. Bhíodh mo chlann iníonacha ag olagón gur imigh seo as faisean; ligint faoi na máithreacha céile cuí a chuartú dá mac nó iníon. Ach más duine rómánsaí thú cuir chuig amhrán sean nóis a rá mar Dónaill Óg nó Eileanóir na Rúin. Cé a thiocfadh leis gan géilleadh do fhocla mar Bhain tú thoir agus bhain tú thiar díom, Bhain tú an ghealach agus bhain tú an ghrian díom, Bhain tú an chroí a bhí í lár mo chléibhe díom. Nach rímhór m’eagla gur bhain tú Dia díom. Colún Nóra Chit An grá in Éirinn “Nuair a ghlac Gráinne nóisean do Dhiarmaid, rug sí ar a dhá chluas agus chuir sí faoi gheasa é éalú léithe — rud a rinne sé ainneoin a leisce. (Bhí onóir ag fir ag an am!)”

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3