Goitse, Feabhra 2014

12 GNÉ-ALTANNA Goitse 21 Feabhra 2014 Sa phíosa seo beidh mé ag tabhairt cúpla leide daoibh ar na rudaí a ba chóir daoibh a bheith ag smaoineamh air sula dtos- aíonn sibh ar an phlandáil. Níl cuid mhór talaimh de dhith ort fá choinne do chuid glasraí féin a fhás. Tabharfaidh píosa talaimh 20m x 10m go leor spáis duit fá choinne léar glasraí a fhás don teaghlach. Ní bheadh acra amháin talamh ábalta bó a choinneáil ar feadh bliana ach bheadh an t-acra céanna ábalta go leor bia a fhás do suas le fiche teaghlach. Comhairle amháin do daoine atá ag toiseacht ag garraí- odóireacht ná, toiseacht le píosa beag talaimh. Ba mhaith leat é a bheith mar chaitheamh aimsire, nó rud a thabharfas pléisiúr duit ar dtús. Le píosa talaimh thart fá 10m x 10m thig leat do chuid glasraí samhraidh a fhás, glasraí cosúil le duilleoga sailéad, spionáiste, scailliún, biatas, cúirséad agus mar sin. Fosta, caithfidh tú smaoin- eamh ar an méid ama a bheas agat don gharraí. Ná glac barr- aíocht ort féin sa chéad bhliain agus bain sult as. Giota ar ghiota, beidh tú ábalta cuir leis. Tá dialann iontach sásta agus iontach tábhachtach don gharr- aíodóir. Bíonn tú ábalta cuntas a choinneáil ar caidé atá ag fás agat, cén uair a chuir tú do chuid plandaí agus cá háit a bhfuil siad ag fás. Ansin nuair a thagann an Fómhar, thig leat amharc siar le feiceáil caide iad na glasraí a d’fhás go maith agus caidé nárbh fhiú a fhás arís. Botún eile a níonn daoine, nó na síolta a chur ró luath sa bhliain. Cinnte, bíonn laetha galánta grianmhar, te i Márta agus Aibreán, ach na lig dó sin dallamullóg a chur ort. Is iomaí uair a chuir daoine na síolta sna míosa seo chun iad bás a fháil le ghaoth mhór no le siocán. Bíonn treoracha ar na paicéid síolta ach tá aeráid difriúil againne anseo le taobh an chuid eile den tír, gan a bheith ag caint ar thíortha eile agus mar sin caithfimid an séasúr curaíochta a athrú le ceangal isteach leis an aeráid atá againn sa chontae seo. Tá cúpla éisceacht leis an riail seo agus seo iad na glasraí a thig leat a chur taobh amuigh roimhe Mí Bealtaine: Pónairí leathana: Deireadh Fómhair/Márta Gairleog: Márta/Aibreán Oinniún: Márta/Aibreán Piseanna: Aibreán Prátaí: Márta/Aibreán Seallóid: Márta/Aibreán Ag caint ar theas, tá plandaí ann nach bhfuil dúil acu san fhuacht agus mar sin b’fhearr iad a fhás taobh istigh i bpolathollán no i dteach gloine; plandaí cosúil le cúcamar, trátaí, piobair, ubh- thorthaí agus arbhar milis. Agus an aimsir fhuar linn go fóill, seo thíos oideas fá choinne aráin a bheadh iontach deas le babhla mór sú! Arán Trátaí & Basal ● 500g Plúr éiritheach ● 125g Taos trátaí ● 25g Basal tirim ● 375ml Bainne Cuir an plúr isteach i mbabhla. Cuir isteach an taos trátaí agus an basal tirim agus measc beagán. Doirt isteach an bainne agus measc an t-iomlán le chéile go maith. Cuir an meascán i stán oighinn. Bácáil in oigheann ag 170°c ar feadh uaire nó go dtagann biorán amach glan. Bain sult as! Leideanna don gharraíodóir Blag na mBuataisí An Sailchearnach Salix caprea Tá thart fá 10% de speicis éagsúla na bplandaí bláthanna dioeceach; sé sin go bhfuil dhá ghné de gach planda ann. Ceann amháin le bláthanna fireanna (táirgtheoirí pailín) agus ar an phlanda eile bíonn na síollainn sna bláthanna baineanna. Meas- tar go dtáinig an córas seo chun cinn le méid níos mó trasphail- niú a chinntiú. Tá a fhios ag gach duine nach mbíonn caortha ar gach Cuileann ( Ilex aquifolium) agus gur iad na bachlóga baineann is fiúntaí ar Cannabis sativa. Tá mórchuid de na crainn saileach ag feidhmiú ar an chóras seo chomh maith. Ós rud é go mbíonn an sail- chearnach faoi bhláth an-luath san Earrach sula mbriseann na duilleoga amach agus sula dtagann mórán dath ar an tírdhreach, tá éagsúlacht na gcrann soiléir. Nuair a thos- aíonn na bláthanna a oscailt, bíonn siad liath clúmhach ach tiontaíonn na cinn fhireanna buí agus na cinn bhaineanna glas agus airgead tar éis pailniú. Tairgíonn na bláthanna neachtar agus mealltar na beacha. Ach bíonn na beacha ar obair sula mbriseann na bachlóga mar go mbíonn siad clúdaithe le guma agus úsáideann na beacha an roisín ceangailteach seo leis an choirceog a neartú. Propolis a thugtar air seo, focal ón Ghréigis, pro (do, ar son) agus polis (cathair). Thig le crann amháin 15 milliún síol a ligeann le gaoth agus tá siúd abálta píosa fada a thaisteal ar an aer mar go bhfuil ribí beaga de chlúmh ar gach ceann. Ach mar go bhfuil na síolta féin chomh beag agus gan mórán ábhar chothaigh ar bord acu ní mhaireann siad ach roinnt laetha. Bhí traidisiún láidir sa tír seo le fada i ndéantúsaíocht ciseáin, cléibh agus a lán soithigh eile le slata saileoga. Na príomh- chrainn atá in úsáid mar ábhar slaite na Salix viminalis, S. purpurea, S. triandra agus S. alba . Le linn an dara cogadh domh- anda bhí ciseáin nó bocsaí saileoga in úsáid ag aerfhórsa na Breataine chun bia agus airm a chaitheamh as eitleáin mar nach mbrisfeadh siad. Tar éis an chogaidh sna ceantair a bhí scriosta le buamaí, ba é an sailchearnach an chéad chrann a tháinig ar ais. Tá an géineas salix an-chasta ó thaobh luibheolaíochta de mar go bhfuil tuairim is 350 speicis ann agus féidearthacht acu meascú agus cros-síolrú. Mar sin, tá go leor saothóig ann atá coitianta mar phlandaí do ghair- díní. Céad go leith bliain ó shin fuarthas sail bheag reatha ar bharr Mhucais agus tá Salix x grahamii nothovar. moorei ag fás i ngairdíní ó shin. Is an planda céanna atá i gceist mar gur shíolraigh siad ó ghearrtháin. Fásann mórchuid de na sail go furast ó ghearrtháin ach is eisceacht í an sailchearnach. Tá rúsc na saileach torthúil o thaobh tainin de agus bhíodh sé go mór in úsáid i mbun súdaireacht leathair. Chomh maith leis sin, bhí an choirt in ann dath donn nó rua a chur le éadach. Agus fuarthas ceann de na drugaí is mó tairbhe araimh ón rúsc fósta; aspairín. Ach ní sin deireadh lena mhaitheas — bhí sé ráite dá gcuirfeá slat saileoige os cionn an dorais go mbeadh fonn damhsa ar achan duine a thiocfadh isteach; luaith de shail dóite measctha le beagán fínéagar chun réitigh le faithne; agus thig an rúsc a chagnadh mar chógais ar thinneas cinn póite. Sin ráite, níor chóir dearmad a dhéanamh gur de adhmad saileach a rinneadh an chláir- seach a sceith rún Labhraidh Loingsigh. An slat a chruaíonn le haois, is deacair é a shníomh ina ghad Cé go bhfuil droch-aimsir amach againn le cúpla mí anuas, bhí an t-Earrach againn ar an fheirm ar Lá Fhéile Bhríde nuair a tháinig beirt mheannáin baineann ar an tsaol. Bhaist mé Feabhra agus Biddy orthu agus tá siad féin agus a máthair Cití ag déanamh go maith. le Bríd Ní hIcí An ceoltóir Rónán Ó Snodaigh ag glacadh scíste ón Chabaret Craiceáilte le beagán léitheoireachta a dhéanamh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3