Goitse, Feabhra 2014

Scileanna ceamara, fuaime agus eagarthóireachta Trealamh nua-aimseartha den scoth Suíomh idirlín a dhearadh agus a chur ar líne Na Meáin Shóisialta: Facebook, Twitter agus YouTube Táillí íoctha Deiseanna fostaíochta in earnáil le teilifíse (TG4, RTÉ, Ros na Rún, Telegael srl) 14 GNÉ-ALTANNA Goitse 21 Feabhra 2014 Dioplóma i Scileanna Teilifíse agus Ilmheán Ar mhaith leat oibriú i dtionscal na teilifíse nó na n-ilmheán? Tuilleadh eolais: (074) 9531919 gaothdobhair@eircom.net www.acadamh.ie www.facebook.com/acadamhghaothdobhair Ta rún ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair craobh de Scioból na bhFear (Men’s Shed) a chuir ar bun sa cheantar. Seo gluaiseacht a thosaigh san Astráil i dtús na mílaoise seo agus a dtáinig fás mhór air sa tír seo, go háirithe ar na blianta deireanacha ó tháinig an géarchéim eacnamaíochta. Bhí cruinniú sa Chrannóg ar an Mháirt an 21 Eanáir chun an suim a mheas, agus beidh forb- airt á dhéanamh ar na pleananna sna míonna amach romhainn. Ag labhairt fan ábhar, dúirt Cathal Ó Gallchóir, bainisteoir an Chomharchumainn, go bhfuil ag éirí go maith leis na sciobóil i gceantracha eile, ceantair Ghaeltachta ar nós Gleann Cholm Cille, Na Dúnaibh agus na Machaire ina measc. “Nuair a thosaigh muidne an Club 50 anseo sa Chrannóg, ceithre bliana ó shin, bhí éileamh mór air agus d’fhás sé go gasta- bíonn idir 30-40 duine i láthair gach seachtain. Ach bhí sé soiléir ó thus gurb iad na mná aba mhó a bhí ag tarraingt air. Cé go bhfuil roinnt fear ag freas- tal, agus ag baint suilt mhóir as, bheadh siad ar an mhionlach. Mar sin d’aithin muid go gcaith- fidh dhul i dtreo eile leis na fir agus d’fhiosraigh muid na sheds . Ag déanamh cuir síos ar an dóigh a oibríonn na sciobóil, mhínigh Cathal,“ thig leis oibriú ar dhóigh ar bith, agus is féidir leis na rannpháirtithe díriú ar rud ar bith a bhfuil suim acu ann. Ach sé an bunsmaoineamh atá leis, no gurbh fhearr le fir a bheith ag obair lena gcuid lámha, agus gur maith leo cómhra agus comhluadar fir eile agus iad ag obair ar thograí praiticiúla.” Ach ní sin le rá go gcaithfidh siad a bheith i gcónaí ag obair ar thograí: “B’fhéidir amanna nach mbeadh fonn orthu ach theacht le chéile agus cupa tae a bheith acu agus cluiche cardaí a imirt?” arsa Cathal, “agus tá sin go breá!” Ta súil ag an Chomharchum- ann go mbeadh ionad oiriúnach aimsithe gan mhoill agus tac- aíocht a fháil ó na heagrais chuí. “Tá súil againn, ar a chuid is moille, go mbeadh an Scioból réidh le foscailt i dtús an Fhómhair” a dúirt Cathal. Ma tá suim ag duine ar bith a bheith páirteach, is féidir fáil i dteagmháil le Cathal ag 074- 9532208, nó buaileadh isteach sa Chrannóg i Sraith na Corcra. Comharchumann ag lorg ionaid do Scioból na bhFear DON ÓIGE: ● Féile Dheireadh Seachtaine na Gaeilge á eagrú ag Club Óige Rann na Feirste ón 6-9 Márta in Áislann Rann na Feirste. Clár le fógairt go luath. Eolas ó Chlub Óige Rann na Feirste, 086 4528475 ● Comórtas Abair Amach ar an 8 Márta in Áislann Rann na Feirste. Do naíonraí, naíonáin, bunranganna 1&2, 3&4, 5&6, agus meánranganna ón 1bhliain go hidirbhliain. Iarratais roimh 20 Feabhra. Eolas ó Club Óige Rann na Feirste, 086 4528475 ● Comórtas ealaíon do Scoileana Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir á eagrú ag Deireadh Seachtaine na Gaeilge i mí Márta. An téama: Mo cheantar féin. Ní thig le focail Bhéarla a bheith ar an phictiúir. Ní thig leis a bheith níos mó ná A3. Iarrataisí istigh roimh an 20 Feabhra. Eolas ó Chlub Óige Rann na Feirste, 086 4528475 ● Club Óige Mór Dhobhair in Ionad Naomh Pádraig achan Aoine 6-8 i.n. (Tá an club beag lán faoi láthair.) Eolas: www.ionadnp.ie ; 074 95 32949 SIAMSAÍOCHT: ● Ceolchoirm le Clann Mhic Ruairí as Rann na Feirste, ag seinm sa tSean Bheairic, An Fhál Carrach, anocht (Dé hAoine 21 Feabhra). Tuilleadh eolais: www.antseanbheairic.com nó scairt ar 074 9180655 RANGANNA: ● Ranganna Damhsa dhá-lámh ar siúl gach oíche Luan, 8in-10in. Bíonn scaiMe maith ag na ranganna agus bíonn spórt ar dóigh ann. Fáilte roimh baill úra. Tá na ranganna foirstineach do gach leibhéal. €5 an rang. Eolas: www.antseanbheairic.com nó scairt ar 0749180655. ● Ranganna ealaíona ar siúl gach Déardaoin, 7in- 10in, leis an ealaíontóir Joe Mc Clafferty, ag teagasc ola, uiscedhath, aicríleach agus tarraingt. Costas €10 an rang. Eolas: www.antseanbheairic.com nó scairt ar 0749180655. ● Ranganna Ciorcáid maidin Luan agus Déardaoin 7-8am. Corp-acmhainn fá choinne achan leibhéal. €5. Bíodh mata agus uisce leat. Tuilleadh eolais ar fáil ag www.antseanbheairic.com nó cuir scairt ar 074 9180655. ● Ranganna ‘Spin Bikes’ in Ionad Naomh Pádraig le Jordanna & Leona, tráthnóna Dé Céadaoin @ 8 i.n. agus maidin Dé hAoine @ 9 r.n. ● Cúrsaí Oiliúna Safepass, Rang ECDL agus Cúrsa ar Scileanna Agallamh & CV á chur le chéile do dhaoine dífhostaithe. Ag toiseacht in Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, gan mhoill. Cuir scairt ar an Ionad le clarú. www.ionadnp.ie ; 074 95 32949 FÓGRAÍ POBAIL Deireadh Seachtaine na Gaeilge in Áislann Rann na Feirste Dé hAoine 7 Márta 7.50pm Bronnadh Duaiseanna Ealaíon na mBunscoileanna. 8.00pm Seoladh suíomh idirlín úr na hÁislainne. 8.30pm Comórtas Abair Leat, scéalaíochta agus dánta do dhaoine fásta agus Oíche Airneáil Dé Sathairn 8 Márta 11.00am Comórtas Abair Amach, comórtas dánta na hóige. 9.00in Ceolchoirm le Clann mhic Ruairí.. Dánta, amhráin, ceol agus sólaistí. Dé Domhnaigh 9ú Márta 11.00am Aifreann na Féile Tuilleadh eolais ó Choiste Chlub Óige Rann na Feirste 0864528475 Seachtaine na Gaeilge 1-12 Márta Pobal Eascarrach Ionad Acmhainní, Pobal Eascarrach, Béal an Átha, An Fhál Charrach. 074 9180571 Comórtas Ealaíne dó pháistí: aois Ghrúpaí, 4-8 , 9-13, 14-18. Téama, “An Ghaeltacht & An Ghaeilge.” 10/03/14, Lá Spórt & Spraoi dó pháistí, 2 i.n. – 5 i.n. 1/03/2014 - 12/03/2014, Comórtas Grianghraif. Téama ,“An Ghaeltacht & An Ghaeilge”. 07/03/14 , Maidin Chaife 11r.n.-1.r.n. Fáilte roimh gach duine. ● Ranganna Ríomhairí do Thosaitheoirí: Tá muid ag glacadh ainmneacha anois don chéad chúrsa eile anseo san ionad. Má tá suim ag duine ar bith, cur scairt ar 074-9180571. Tá na ranganna seo saor in aisce. ● Ranganna Neamhfhoirmiúla Comhrá Gaeilge: Is ciorcal comhrá a bheas i gceist anseo, deis dó dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3