Goitse, Feabhra 2014

Goitse 21 Feabhra 2014 GNÉ-ALTANNA 15 Dearadh: Caomhán Ó Scolaí 087-2734035 le tacaíocht ó Teach Sheáin Óig Biaarfáilgodtína9pm B I A & D E O C H Siopa Mhicí Gallaghers foodstore Ollmhargadh&Eischeadúnas DOIRÍBEAGA SeirbhíslaethúilasTír ChonaillgoBéalFeirste BUSANNA PHADDY GALLAGHER Dàimh Ruth Keggin le James Lindsay [olldord] & Dave Pearce [giotár] Bríd Ní hIcí agus Michael Danny Minnie Ó Domhnaill Fíoruisce Ceol meidhreach traidisiunta as na Rosann agus tuilleadh . . . Ceann de na grúpaí ceoil traidisiúnta is mó in Albain! Amhránaí iomráiteach ag canadh i nGaeilge Mhanainn 22.02.14 Dé Sathairn 9.30in Tigh Hiúdaí Bhig GAOTH DOBHAIR Tuireach: am don bhliain nach mbeadh mórán le ithe ag daoine. Bheadh daoine ag fanacht le prátaí úra. Tuireadh: tá tuireadh ann — tréimhse tirim idir dhá chith fearthainne. Codach — bhfuil do chuid déanta agat ... dtearn tú do chodach ... bia atá i gceist. Duine a bheadh iontach ‘dumhlaigh’: duine nach raibh iontach cairdiúil ... dobhránta? Creathán — chan fhuair siad ach creathán beag scadáin — a scattering ... chan mórán ... dheamhain mórán a fuair siad ... (dheamhain é: ’bhfuair tú a dhath aréir? ... dheamhán é ... chan fhuair). Niogóideach — iontach confach Spochán — síos brollach na circe, lán amach síos faoi muineál na circe ... cosúil le mála ... iontach coitianta ... spochán, m. (gs. & npl. -áin, gpl. ~). 1. Crop (of fowl). 2. Craw, stomach. Líon sé a ~, he filled his gut, ate his fill. Clisearnaigh — páiste a bheadh preab ina lámha nó ina chosa, ina chodladh ... tá an tachrán ag clisearnaigh ina chodladh. Tá an tachrán sin ag clisearnaigh ... clismearnach, f. (gs. -aí). (Act of) starting; sudden jump . ~ a bhaint as duine, to startle s.o. Bhí sé ag ~ ina chodladh, he was starting in his sleep. cluinc/cloinc — da mbeadh lá na gaoithe móire ann bheadh an doras ag cluincearnaigh ... Bang áil. fuadach — sean ráiteas ... ní a ghoid ná a fhuadach a rinne sí ... chan fhuair sí isteach ina lámha é ... tháinig sé fríd a mhuintearas ... bhí an mháthair í féin iontach dóighiúil ... nó b’fhéidir go raibh an t-athair agus an mháthair iontach dóighiúil? Stoire/staire/stairre — duine a bheadh ag dréim le beag nó ábhar magaidh a dhéanamh de dhuine ar chúl a chinn ... nó ag déanamh aghaidheannaí nó a leithéid ar chúl a chin. Tá sé iontach tugtha de fáil stairre ar dhaoine ... cosúil le míostáir ... duine gan mhúineadh ... duine iontach magúil a shíleann cuid mhór de féin ... ag déanamh ábhar magaidh de dhaoine eile. Sréanfach/sraonfach (chan srannfach) ... sin an rópa atá ... béalfath (bit) í mbéal an bheithigh ... rópa a théann isteach í súil an bhéalfaith ... na marcaigh ar na beithígh, greim acu ar rópa ar dhroim an bheithigh ... greim acu ar an tsréanfach Airc — da bhfeicfeá bád ag dul chun na farraige. Caithfidh sé go bhfuil airc sa teach sin , nuair atá siad ag gabháil chun na farraige lá mar seo.... Lúth — lúth na gcnámh leis ... lúth na teamhtha (teanga ) leis ... cumhacht ina theangaidh ... delivery maith aige. Giortach – Bheadh na máithreacha ag tabhairt amach do na girseachaí go raibh na sciortaí iontach giortach ... skimpy .... Groí — is beag an rud nach gcuireann groí ar theach (is beag an rud nach gcuirfeadh cuma dheas ar theach), groíúil. Sceoite — Tá gruaig sceoite air — gruaig cineál tirim ... comhartha droch shláinte a bhí ann.... Ceannascach — Duine neamh choitiúil ... duine nach bhfuil faitíos ar bith ann.... Níl cotadh ar bith ann — níl sé faiteach ... tá sé ró dhána.... Morsach — dá mbeadh geansaí atá ró mhór agat, déarfá, go bhfuil sí iontach morsach ... i bhfad ró fhairsing ... i bhfad ró mhór agat ... nach mbeadh cuma ná déanamh ar an gheansaí ... Prabhais — rinne sé prabhais iontach dó ... d’fhág sé prabhais iontach ina dhiaidh ... ní raibh sé iontach slachtmhar ... d’fhág sé mess iontach ina dhiaidh ... Sultar — duine nach bhfuil tanaí ina aghaidh ... rud beag ramhar san aghaidh ... tá aghaidh sultar air ( sultmhar?) Bíonn Micí Whiting Mac Aoidh ina aoi ar an chlár Rónán Beo@3 ar Raidió na Gaeltachta gach Mháirt. Tá Goitse buíoch do Mhicí, do Rónán agus do fhoireann Raidió na Gaeltachta as cead na focla seo a chur i gcló. Focla Mhicí Breandán agus Risteard Ó hEaghra ón grúpa Rís ag baint suilt as an cheol ag Cabaret Craiceáilte mhí Eanáir.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3