Goitse, Feabhra 2014
Beidh ceoltóirí as Albain, Oileán Mhanainn, Gaoth Dobhair agus na Rosa i measc na gceoltóirí a bheas ar an ardán ag an Chabaret Craiceáilte, Tigh Hiúdaí, Dé Sathairn seo. Ina measc, beidh Gríogair Labhruidh , agus an sár ghrúpa ceoil Dàimh , as ceantair Loch Abair, in Albain. Tá aithne mhór ar Ghríogair fán taobh seo tíre, cionn is go dtearn sé dlúthcheirnín le Doimnic Mac Giolla Bhríde, Ar Ghuaillibh a Chéile , cúpla bliain ó shin, agus is iomaí gig atá déanta aige féin ag an Chabaret Craiceáilte i nGaoth Dobhair, Baile Átha Cliath, Béal Feirste agus Picnic na hAibhléise. Gael dílis atá ann, a bhfuil feirm eallaigh aige i mBaile Chúilis, in Albain, agus a dhéan- ann a dhícheall na hamhráin agus teanga na nGael a chur chun cinn i dtólamh. Tá Gríogair sa ghrúpa Dàimh anois le tamall anuas, grúpa a bhfuil iomrá mhór leo in Albain le cúig bliana déag. Bíonn siad le feiceáil ar an BBC thall udaí go minic, agus bhí siad ainmnithe do ghradam ceoil traidisiúnta Scots cúpla uair. Tá fuinneamh ar dóigh acu, agus meas fiánta ar bhaill an ghrúpa, Angus Mc Kenzie, Damien Helliwell, Gabe Mc Varish, Ross Martin, agus Gríogair mar cheoltóirí. Beidh Ruth Keggin ag ceol amhráin traidisiúnta agus comh- aimseartha, i nGaeilge Oileáin Mhanainn, óna dlúthcheirnín úr Sheear (Siar). Beidh na sár cheoltóirí James Lindsay ar an dord dúbailte agus Dave Pearce ar an ghiotár ina cuideachta. Deir Ruth go bhfuil athbheochan teangan ag tarlú ar Oileán Mhanainn, agus go bhfuil lúcháir uirthi féin deis a bheith aici na hamhráin Mhanainnise a chur os comhair an phobail. Níl fiachadh orainn Bríd Ní hIcí a chur in aithne daoibh. Tá sí ar dhuine de na ceoltóirí is cumasaí sa cheantar seo. Tá dúil mhór againn inti, agus ceolann sí amhráin i stíleanna éagsúla, na gormachaí, ceol cine agus tuaithe. Beidh Michael Danny Minnie , sár ghiotáraí, agus iar bhall den rac ghrúpa Jury’s Out, ag seinm le Bríd. Beidh grúpa úr as na Rosa ar an ardán, Dé Sathairn seo, Fíor Uisce , a bheas ag seinm ceol bríomhar traidisiúnta, agus ag canadh amhráin bhreátha fosta. S’iad Joe Mhicí Jimmy Mac Grianna as Rann na Feirste, John Micheál Ó Domhnaill as Mín na Leice, Martin Nolan as an Phoinnte, agus Bríd Solan as an Chlochán Liath, atá sa ghrúpa úr seo, agus tá lúcháir orainn go bhfuil siad sásta a bheith linn ag an Chabaret. Tá cúis cheiliúrtha ag na Gaeil, an deireadh seachtain seo, i ndiaidh gur éirigh chomh maith sin leis an mhórshiúl Dearg le Fearg i mBaile Átha Cliath, agus beidh cuid acu ag ceiliúradh ag Cabaret Craiceáilte na míosa seo, Tigh Hiúdaí. Bígí Craiceáilte linn Dé Sathairn seo! Goitse 21 Feabhra 2014 SIAMSAÍOCHT 5 Cabaret Craiceáilte Idir-Cheilteach CUAIRTEOIRÍ CEILTEACHA: Beidh an sárghrúpa Albanach Dàimh (thuas) i measc aíonna an Chabaret i dTigh Hiúdaí Bhig san oíche amárach. GAEL MHANAINN: Ceolfaidh Ruth Keggin amhráin traidisiúnta agus comhaimseartha i nGaeilge Mhanainn
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3