Goitse, Feabhra 2014

Tá mé cinnte go bhfuil cur amach againn uilig ar fhocla fhileata an Phiarsaigh: ‘ Brón ar an mbás, ní féidir a shéanadh, Leagann sé úr is críona le chéile .’ Creidim go dtiocfadh linn na focail chéanna seo a úsáid sa lá atá inniu ann agus muid ag tagairt do ghalar na hailse agus an méid daoine, idir leanbh ’s liath, a bhfuil, nó a raibh an galar gránna seo orthu. Galar nach bhfuil faoi smacht iomlán go fóill, faraor, agus níl mórán teaghlaigh ins na trí paróistí nach bhfuil scéal pearsanta s’acu féin le hinse acu maidir le tinneas agus galar na hailse seo. Nach iomaí sórt ailse a thig ar dhaoine, idir ailse, cheirbheacs, chíche, phróst- ataigh, phutóige, scamhóga, scornaí gan ach cúpla seort a lua. Ar ndóighe, bíonn tionchar difriúla ag galar na hailse ar dhaoine éagsúla agus an dóigh a dtéann sé i gcion ortha, ag brath ar a sórt ailse atá i gceist. Níl trí fhocal níos troime nó leoga níl focla a bhfuil sé de chumhacht acu a gabhail mar chlaíomh fríd croí dhuine, ná; ‘Tá ailse orm.’ Thig leis na focla seo duine a chur as a s(h)easamh, nuair a mhothaíonn siad iad don chéad uair. B’fhéidir go bhfuil, nó fiú go raibh na focla céanna seo — ‘Tá ailse orm’ — ar bharr do ghoib agat féin nó gur doirteadh iad ó chroí dhuine inteacht a bhfuil áithe agat air nó uirthi agus a tháinig slán uaidh, nó ar an droch uair, atá anois ina luí faoi fhóid ghlas na huaighe mar gheall ar an ghalar chéanna seo. Tá a fhios againn ón t-eolas atá curtha ar fáil ag An Bhoird um Clárlann Náis- iúnta Ailse, go bhfuil ardú suntasach tagtha ar ghalar na hailse. Léiríonn an taighde atá curtha i gceann a chéile ag an Bhord seo i bhfoirm, Léarscáil Ailse na hÉireann, go dtig galar na hailse ar dhaoine ar chuid mhór bealaigh. Nuair a dhéanann duine spíonadh ar fhigiúirí na tíre ina iomláine, tchí muid go bhfuil daoine fan taobh seo tíre, níos mó i mbaol ó thaobh ailse goile, scamhóige agus phróstataigh de. Caidé go díreach is cúis le seo agus cad chuige a léiríonn an mapáil atá déanta ag a An Bhord um Clárlann Náisiúnta Ailse, go bhfuil a leithid amhlaidh i bpáirteanna áirithe den tír? Sin ceist a bhfuil doimhneacht agus fairsingeacht fiánta inti agus gur doiligh a fhreagairt, go háirithe ag an té nár saineolaí leigheas nó cúrsaí ailse é nó í. Ach bíodh sin mar atá, rud amháin atá cinnte, nó go dtig an ailse ar chuid mhór bealaigh agus cruthanna agus is cosúil nach bhfuil leigheas ar bith furasta nó gasta in ann don ghalar céanna seo. Ábhar eile a chuireann as go mór do dhaoine fá na ceantracha seo, nuair a thiteann scáile na hailse anuas trom orthu féin nó a muintir, go mbíonn orthu taisteal chomh fada le Gaillimh nó Átha Cliath nó fiú trasna na teorann in amantaí, le cóir leighis mar is ceart a fháil. Chan ag caitheamh anuas ar chor ar bith ar na hAonaid bhreátha seo a chuireann scoith comhairle agus cúram leigheas ar fáil do mhuintir na taobh seo tíre ina dtinneas atá mé, ach mó bhrón, nach bhfuil na seirbhísí éifeachtacha agus an chóir leighis chéanna ina iomláine ar fáil inár ndúiche féin anseo, mar atá, in Otharlann Ghinearálta Leitir Ceanainn daofa sin a bhfuil gá acu leis. Tá a fhios againn uilig go mbaineann strus, tinneas agus teannas go leor le hailse, gan feidhm a bheith ag othair taisteal na mílte fada le córacha leighis de chineálacha éagsúla agus le teiripí fóirsteanacha a fháil i bhfad ó bhaile agus óna mbunadh agus a dtinteán féin. Ag machnamh ar cheist chasta seo na hailse, ritheann sé liom go bhfuil seirbhís eolais ar chúrsaí ailse iontach éifeachtach ar fad ag Cumann Ailse na hÉireann. Bíonn réimse leathan eolais á scaipeadh ag an eagraíocht seo ar chuid mhór bealaigh, ina measc, ar shuíomh ghréasán agus ar chuntas Twitter na heagraíochta, tré bhileogaí eolais agus a leithid. ’S muid i gcroí lár mhí seo na bhfaoillidh, is dearfach ar fad an scéala agus an forbairt é, gur athlonnaíodh Lárionad Lus an Chromchinn de chuid Chumann Ailse na hÉireann go hOtharlann Ghinearálta Leitir Ceanainn arist ar na mallaibh. Bhí an Lárionad seo lonnaithe in Ionad Siopadóireachta an bhaile le corradh is sé mhí anuas, de thairbhe na dtuillte a rinne scrios ar an otharlann féin níos luaithe i mí Mheán an Fhómhair. Ciallaíonn seo anois, go bhfuil lárionad níos buaine, Lus an Chromchinn againn agus go bhfuil a leithéid ar fáil do phobal na taobh seo tíre le cuidiú leo theacht i dtír ar ghalar na hailse. Is fíor a rá gur síneadh é, an Lárionad Lus an Chromchinn seo, ar sheirbhís fhaisnéis eolais Chumann Ailse na hÉireann. Is í an príomh aidhm atá mar dhúshraith ag an Lárionaid seo, nó réimse leathan eolais a chur ar fáil go háitiúil do dhuine ar bith a bhfuil ailse air/uirthi. Chomh maith le seo, déantar eolas fóirsteanacha a sholáthar fosta, daofa sin a bhfuil buairt no buaireamh orthu fá chúrsaí ailse. Anuas ar seo, tá altra ailse lánaimseartha, chomh maith le baicle oibrithe deonacha lonnaithe sa Lárionad eolais seo agus tá siad ar fáil ar bhonn leanúnach le ceisteanna a fhreagairt, le eolas agus tacaíocht a sholáthar do dhaoine le hailse, agus go hairithe dá dteaghlaigh agus an pobal i gcoitinne. Bíonn Lárionad Lus an Chromchinn, Leitir Ceanainn foscailte ón Luan go hAoine, 9rn - 5in. Is fiú go mór do dhuine ar bith a bhfuil ceist acu, nó an bhfuil eagla nó uaigneas nó éiginnteacht agus a mhacasamhail iontu maidir le cúrsaí ailse, buaileadh isteach ann agus castáil leis an fhoireann chuidiúil agus fáiltiúil atá ag saothrú ann. Thig leat a bheith cinnte de, go mbeidh achan chuidiú ‘s tacaíocht ‘s treoir ar fáil duit ann, saor in aisce, rud a chuideoidh leat aghaidh a thabhairt ar ghalar na hailse tú féin, nó b’fhéidir duine inteacht cóngarach duit, atá sa bhearna bhaoil agus an fód a sheasamh go cróga misniúil, ins an chath ceanna in éadan ghalar na hailse ‘...nach féidir a shéanadh’ má thig sé faoi dhíon an tí agat 6 NUACHT Goitse 21 Feabhra 2014 Uafás na hailse Aniar Aduaidh “Níl trí fhocal níos troime nó leoga níl focla a bhfuil sé de chumhacht acu a gabhail mar chlaíomh fríd croí dhuine, ná: ‘Tá ailse orm”. le Brian Mac Rabhartaigh Go n-éirí go geal le Goitse Tá Goitse ar fáil ar-líne ag www.goitse.org ar fud na cruinne

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3