Goitse, Feabhra 2014

Goitse 21 Feabhra 2014 LÁ MÓR NA GAEILGE 7 DEARG LE FEARG ag Lá Mór na Gaeilge Baile Átha Cliath 15 Feabhra 2014 Bhailigh cuid againn le chéile go luath maidin Dé Sathairn. D’fhág cuid againn tráthnóna Dé hAoine. Luigh cuid eile againn níos moille inár leaba agus chuaigh suas ar eitleán as an Charraig Fhinn. Cá bith bealach a bhí linn, bus, carr nó eitleán, bhí muid uilig ag tarraingt ar an Ghairdín Cuimh- neacháin i gCearnóg Parnell i mBaile Átha Cliath do Lá Mór na Gaeilge. Bhí daoine gnoitheach ar Facebook agus ar Twitter ag scaipeadh an scéil agus bhí Raidió na Gaeltachta ag caint ar “Dearg le Fearg” ó thoisigh siad a chraoladh cláracha nuachta an mhaidin sin. Dá thaibhe sin, bhí muid ar bís ag siúl suas chuig doras Ghailearaí Hugh Lane. Ba é bus Ghaoth Dobhair a landáil i dtús, an bus céanna a d’fhág Rann na Feirste ag 7.30 ar maidin agus lód bratacha, t-léinte, ponchos agus pleacaird ar bord ann. Amach leo agus toisíodh ar na bratacha a chur le chéile agus na t-léinte a rannadh ar na daoine. Sula raibh muid críochnaithe leis sin, tháinig bus Chloch Cheannfhaola, lán daoine agus bratacha agus éadaigh dhearga. Fán am seo, bhí muid uilig amach as na busanna agus ansin tháinig na drumaí móra amach as bus Feda. Bhí muid réidh. Bhí a fhios againn, ar ndóigh, go raibh scaiTí eile as cean- tracha eile ag bailiú le chéile in áiteacha ar fud Chearnóg Parnell ach d’fhan muid san áit ina raibh muid. Nuair a tháinig muintir Chonamara fhad linn ón taobh thiar den Chearnóg, bhog muid i dtreo gheaTaí an Ghairdín agus ba sin an t-am a thuig muid go raibh an mórshiúl seo ag gabháil a bheith mór, níos mó ná an ceann deich mbliana ó shin do “Stádas.” Bhí an spás os comhair gheaTaí an Ghairdín dubh le daoine, nó b’fhéidir gur fearr a rá go raibh sé dearg le daoine, mar bhí chóir a bheith achan duine ag caitheamh rud inteacht dearg. Bhí óg agus aosta ann, fir agus mná. Chonaic mé fear amháin i gcathaoir rotha. Bhí na mílte againn ann. Gaeilge achan áit. Muintir Chonamara ag caint le daoine as Baile Átha Cliath, Conallaigh ag comhrá le muintir Chorcaí. Bhí sé cosúil le bheith ag an Oireachtas amuigh faoin aer! Síos Sráid Uí Chonaill linn, na mílte againn, an t-aer beo le fuaimeanna drumaí móra Ghaoth Dobhair agus “Tír gan Teanga, Tír gan Anam.” Agus nuair a bhain muid Sráid Molesworth amach, thuig muid caidé chomh mór is a bhí an mórshiúl seo, mar líon muid an tsráid. Bhí ceol ar an ardán, ar ndóigh. Kíla, Seo Linn, Na Fíréin. Agus caint. Julian de Spáinn, Sorcha Ní Cheilleachair agus go leor eile. Bualadh bos agus scairteanna arda tacaíochta. Fite fuaite fríd achan rud ar an ardán, bhí Rónán s’againne i mbarr a réime, dorn san aer do na Gaeil, ag spreagadh na slóite. Go tobann, bhí sé thart. Chuaigh cuid againn le greim bia a fháil, cuid eile chuig an bhus abhaile agus roinnt mhaith againn chuig an teach tábhairne. An comhrá is mó a bhí le cluinstin ná caidé an chéad chéim eile?

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3