Goitse, Márta 2014

10 GNÉ-ALTANNA Goitse 21 Marta 2014 Ag comhrá liom ag tóireamh le gairid, dúirt Ollan Herr (fear a d’fhoghlaim a chuid Gaeilge i nGaoth Dobhair) go mbeidh ganntanas fosfáite ar an domhan roimh i bhfad agus, de thairbhe sin, go mbeidh ganntanas bia ann. Nuair a thiocfaidh an lá sin, beidh feirmeoirí ag ceannacht ár gcuid múin uainn uilig. Dea-scéal nuair a smaoiníonn tú go bhféadfaí an mún céanna a úsáid chun an talamh a leasú in áit dó a bheith ag truailliú uisce an domhain. Is cosúil go bhfuil go leor fosfair i mún duine amháin chun idir 50-100% dá chuid bia féin a thairgeadh. Siúd mé ag samhlú bocsaí lán de bhuidéil den leacht órga a thairgeann achan duine dá dheoin nó dá ainneoin, agus iad ar fáil ag ceann achan chabhsa in Éirinn d’fheirmeoirí na tíre. Nuair a shileann na fosfáití agus an nítrigin ón mhún agus ó ghlantaigh isteach sa chóras uisce, cothaíonn said algaí a shlogann an ocsaigin uilig san uisce sa dóigh is nach dtig le neach ar bith a bheith beo ann. Is cosúil go bhfuil marbh- chrios ag béal 400 abhainn ar fud na cruinne faoi láthair, agus an líon sin ag méadú faoi 10% achan deich bliana. Le deireadh a chur leis an truailliú seo — a bhfuil muid uilig ciontach as — thiocfadh linn, dar le Ollan, giolcarnach a chur leis an umar seipteach nó, níos fear arís, giolcarnach a chur in áit an umair sheiptigh ar fad. Mhol sé dom labhairt le fear atá eolach faoi na giolcarnaigh seo, Dónal Rua ó Dónaill. Tá Dónal Rua i ndiaidh ceann a chur isteach do fhear i Rann na Feirste. Thaispeáin Dónal dom é, agus mhínigh sé dom go beacht caidé’n dóigh a oibríonn said. Ar ndóigh, is córas an-shimplí é, fhad’s go bhfuil titim sa talamh. Téann achan rud ón leithreas amach i bpíopa a théann isteach i dtigín atá níos lú ná dámhach seipteach — agus atá i bhfad níos néata agus níos deise — le dhá dhoras cruach. Istigh ann déantar scagadh idir dlúthábhar agus leacht. Coinnítear an dlúthábhar i seomra amháin ar feadh 3 bliana le múirín a dhéanamh as. Beidh sé réidh ansin le dul isteach leis an leacht atá sa seomra eile. Uaidh sin, téann deireadh fríd dhá ghiolcarnach 6' faoi 4'. Sa chéad cheann, déantar é a chriathrú fríd shraitheanna coth- románacha de ghainimh, gairbh- éal agus clocha. Sraitheanna ingearacha a bhíonn sa dara ghiolcarnach. Fásann giolcaigh ar an dá cheann agus glanann siad an t-uisce sa dóigh, nuair a shileann an t-uisce amach sa deireadh, go mbeidh sé chomh glan is go dtiocfadh leat é a ól. An rud is súntasaí a thug mé faoi deara nach bhfuil boladh seipteach ar bith sa chóras seo. Chomh maith leis sin, tá cuma dheas air, ionas go dtiocfadh leis luí isteach mar ghné tharraing- teach de ghairdín ar bith. Ach deir Dónal go gcaithfidh tú súil a choinneáil ar an chóras, agus gan ligint do dhreasógaí nó do bhroimfhéar fás isteach fríd. Ach seo rud atá amhlaidh faoi ghairdín ar bith, is dócha. Bíonn obair ag baint leis. Má tá giolcarnach agat in áit dámhach séarachais, ní bheidh airgead ar bith le híoc leis an rialtas. Mar fhocal scoir, níor chóir dúinn feasta a bheith ag cur amú an t-ábhar luachmhar seo. Measc páirt amháin mhúin le fiche páirt uisce agus cuir amach ar an fhaiche é le féar glas folláin a fhás, nó cuir é gan chaolú ar do chrainn úll le torthaí den scoth a thairgeadh. Sabhálfaidh tú air- gead agus cuideoidh tú uisce na n-aibhneacha, na farraige, agus na lochanna a chaomhnú. Is é suíomh gréasáin Ollan Herr www.reedbedsirl.com. Colún Nóra Chit An bhfuil sé in am againn leas a bhaint as ár gcuid múin? Tá a fhios ag an tsaol agus gach níon máthara anois go bhfuil dúil mhór agamsa i mbia an chladaigh agus na farraige. Is doiligh an smalcaire mar atá ionam a shásamh in amanna. Má bhíonn sé saor in aisce agus gan agam le déanamh ach gabháil síos chun na trá le linn rabhartaí móra fána choinne, féadann tú a rá gur mise atá chomh sásta le píobaire achan uair a bheirimse lón breá isteach ar ais chun na cistine. Tá cineál amháin sliogéisc le fáil go fada fairsing thart fá chósta na hÉireann agus atá deas blasta le hithe — an scian mhara. Is iad rabhartaí móra an Earr- aigh an t-am is fearr le gabháil ar a dtóir mar go mbíonn teacht agat ar a mbeirtreach. Is fearr an oíche fosta mar nach mbíonn an dá shealgaire is mó a bhíonn acu thart an t-am sin — daoine agus na héanacha — gan mise féin a chur san áireamh, ar ndóigh! Na trí rud is tábhachtaí a bhíonn agam leis na breallaigh seo a sheilg — buicéad, lampa láidir cloigne agus cúpla tobán sal- ainn. Má bhíonn gealach iomlán ann agus gan aon scamaill lena ceilt, bíonn sé geal go leor le go bhfeicfidh tú iad ag gobadh aníos as an ghaineamh ar imeall an chladaigh agus an fharraige ag toiseacht a líonadh arís. Níl le déanamh ach amharc thart agus tchífidh tú iad ag teacht aníos fá choinne rud beag aeir faoi choim na hoíche. In amanna eile, cuireann siad iad féin in iúl lena ndá shiofón agus an fheoil bhán a bíos ag lonrú faoi sholas na gealaí nó an lampa cloigne. Má bhímse iontach éadrom ar mo chois, thig liom teacht aniar aduaidh orthu agus greim a fháil orthu sula mbíonn deis acu éalú orm. Más trom ar mo chois mé, rachaidh siad síos go domh- ain sa ghaineamh arís agus ní bheidh le feiceáil agam ach an scaird uisce a scaoilfidh siad aníos ina ndiaidh. Tá sé tábhachtach gan iad a tharraingt amach go tobann ná go lom láidir mar go gcaillfidh tú an chos atá orthu — an chuid is tibhe agus is fearr den fheoil. Tá greim láidir acu agus ní mór duit iad a choinneáil go socair go dtí go mothóidh tú iad ag scaoileadh greama. In amanna eile, caithfidh mise rud beag salainn orthu agus scaoilfidh siad scaird bheag uisce amach san aer sula dtumfaidh siad síos sa ghaineamh. Ní fada, áfach, go dtiocfaidh siad aníos arís mar go bhfuil an bharraíocht salainn orthu agus cuirfidh siad iad féin amach as an ghaineamh go hiomlán go dtí go mbeidh siad ina luí ar a bharr. Ba mhinic nach raibh mé foighdeach go leor le fanacht orthu. D’imigh mé liom le sceana mara eile a fháil agus mé ag siúl siar arís, tháinig mé ar na cinn a chuir iad féin amach ar bharr an ghain- imh. Breallach débhlaoscach é an scian mhara — deirimse le daoine nár bhlais na sceana mara riamh go mbíonn an fheoil iontu níos blasta ná na srócáin agus chan chomh saibhir leis na muiríní. Tá sé millteanach furasta iad a bhruith le fíon geal agus gair- leog agus sú líomóide. Chomh luath géar agus a osclóidh na sliogáin amach, bain amach as an phota iad. Rabhadh: ná bruith níos mó ná bomaite is 50 soic- ind iad agus amharc go géar ar an chlog le cloí leis an am sin. Caith amach na sliogáin agus coinnigh an sú. Is é is mian liomsa a dhéanamh ná an mála beag stéige atá acu a ghearradh amach agus an fheoil a ghearr- adh ina píosaí móra. Má bhíonn mias de spagaití nó de chloigíní pasta réitithe roimh ré, níl le déanamh agat ansin ach na píosaí feola a chaitheamh isteach leis an spaigití agus an sú agus beagán de shú líomóide agus de lus an choire a mheascadh isteach leis fosta. Presto , tá béile breá blasta gasta pasta romhatsa. Tá a fhios agam — ní thiocfadh liomsa gan é a scríobh síos! Is mór an spórt agus an spraoi atá le seilg sceana mara agus bímse ag foghlaim rudaí úra fá dtaobh dóibh achan uair a théimse amach ar a dtóir. Níor éirigh liom am ar bith teacht orthu thart fá Ghaoth Dobhair agus is fearr liomsa pilleadh arís agus arís eile ar Loch Súilí áit a bhfuil mé cinnte iad a fháil — a bheagán nó a mhórán acu agus sin ag brath ar dhálaí na haim- sire. Ní siosaire sceana mara go fóill mé ach tá mé ag obair go dian dúthrachtach i rith an ama leis an teideal áirithe sin a bhaint amach. Más maith leat tuilleadh grianghrafanna nó físeáin bheaga a fheiceáil fá mo chuid iarrachtaí le bia na farraige a thabhairt isteach istigh ar Ghabhla agus in Inis Eoghain, déan cairdeas liom ar Facebook. polom1@hotmail.com; www.facebook.com/pol.muireasain. Pól Ó Muireasáin Béile blasta fá choinne goile géar Is mór an spórt agus an spraoi atá le seilg Ensis siliqua nó an Scian Mara mar is fearr aithne againn air!

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3