Goitse, Márta 2014

Goitse 21 Márta 2014 LITRÍOCHT 11 Tá an sliocht thíos tógtha as brollach an leabhair. Buíochas do Phádraig Mac Gairbheith agus do Choiscéim as cead an sliocht a úsáid. Seo cuntas ar chraobh amháin de Chlann Uí Dhuibhir as Gabhla. Is cuntas é a thugann léargas dúinn ar na pearsana láidre a thug cúl a gcinn le tír mór i lár an tseachtú céad déag le cur fúthu ar oileán mara. Streachail siad leis na dúile ar mhaithe lena mbeatha a shaothrú taobh le taobh le farraige mhór an Atlantaigh a raibh urraim acu di i gcónaí. Bhí an t-ainm Gabhla ceang- ailte ariamh le mairnéalacht agus le saineolas ar an iascaireacht. Ba ghnách le cuid fear Ghabhla taisteal ar fud chósta thiar na hÉireann, ag múineadh scileanna agus modh- anna iascaireachta do dhaoine eile. Sa gheimhreadh, bhíodh na fir ag iascaireacht ó bhádaí móra, ar a dtugtaí liúracha, thart fá chósta thoir na hÉireann agus chomh fada síos le hOileán Mhanann. Ar ndóigh, cosúil le go leor daoine as gach cearn d’Éirinn, chuaigh mórán de bhunadh an oileáin ar imirce mar nach raibh cúrsaí eacnamaíochta na tíre maith go leor le hiad a chothú. Ba é 1911 an bhliain ba mhó daonra i nGabhla nuair a bhí 169 duine ina gcónaí ar an oileán. Faoin bhliain 1951, bhí an daonra laghdaithe go dtí 131. Siocair nach raibh dochtúir, banaltra ná sagart lonnaithe ar an oileán, ní raibh fáil ag na daoine ar na seirbhísí bunúsacha a raibh an mhuintir ar tír mór cleachtaithe leo. Faoin bhliain 1966, ní raibh fágtha ar an oileán ach 43 duine agus mhothaigh an t-aos óg nach raibh na deiseanna céanna acu is a bhí ag lucht a gcomh- aoise ar tír mór. Bhí creill bháis an oileáin á bualadh agus nuair a druideadh an scoil sa bhliain 1966, bhí deireadh le ré Ghabhla. Bhí corradh le dhá chéad bliain caite ó chuir an chéad dream de Chlann Uí Dhuibhir fúthu ar Ghabhla. Anois, bhí Clann Uí Dhuibhir scaipthe soir agus siar i bparóiste Ghaoth Dobhair, i Sasain, in Albain agus i Meiriceá. Lean mórán de chuid fear Ghabhla leis an iascaireacht mar shlí bheatha ach bhí deiseanna fostaíochta eile ag teacht chun tosaigh agus de réir a chéile d’éirigh siad as an iascaireacht. Go dtí deireadh na 1980í, bhí port an Bhuna Bhig ag déanamh gnóithe maith ach thosaigh bádaí iascaireachta ó thíortha eile an Aontais Eorp- aigh ag déanamh slada ar mheánna iascaireachta an chósta agus tháinig meath mór ar iascaireacht chladaigh dá bharr. San am i láthair, tá cabhlach de bhádaí beaga lonnaithe i bport an Bhun Bhig agus sa tsamhradh téann siad amach ag iascaireacht gliomach agus portán. Ní bhíonn ceann ar bith acu ag iascaireacht go lánaimseartha níos mó agus de ghnáth bíonn slí bheatha éigin eile ag na fir óna bhfaigh- eann siad a bpríomhioncam. De réir Dhaonáireamh na bliana 1901 do Ghabhla, ní raibh iascaireacht luaite ag duine ar bith mar shlí bheatha. Ag an uair sin, ba ar fheirmeoireacht is mó a mhair na daoine. Ach diaidh ar ndiaidh, bhí siad in inmhe bádaí a cheannacht agus chloígh siad ansin leis an iascaireacht lena mbeo a thabhairt i dtír. Dá mbeadh daoine ina gcónaí i nGabhla inniu, thaispeánfadh Daonáireamh nach raibh duine ar bith ag brath ar iascaireacht mar shlí bheatha siocair nach bhféadfaí a bheith beo ar iascaireacht chladaigh feasta. Nuair a tréigeadh Gabhla sa deireadh thiar thall, bhí an ghlúin dheireanach ina bpáistí. Tá siadsan inniu ag éirí meánaosta; thug siad a gcuid páistí féin chun an tsaoil ar tír mór agus thóg siad ansin iad fosta. Tá an cineál saoil a bhí i nGabhla thart; tá dream daoine a raibh a n-aitheantas féin acu suaite isteach anois i measc an phobail ghinearálta. Sa lá atá inniu ann, ní bhíonn duine ar bith i nGabhla sa gheimhreadh ach bíonn go leor cuairteoirí ann sa tsamhradh. Bíonn siad ag spaisteoireacht thart ar an oileán, ag amharc ar na seantithe agus na ballóga agus iad ag meabhrú fá na daoine a bhíodh ina gcónaí iontu agus an tslí mhaireachtála a bhí acu. Tá cuid de thithe an oileáin athchóirithe ag oileánaigh ar leo iad agus tá oileánaigh eile ag déanamh amhlaidh. Mar sin féin, tá cuid de na tithe i seilbh strainséirí anois. Fiú dá mbeadh daoine ina gcónaí i ngach uile theach i nGabhla arís, ní bheadh an saol a choíche mar a bhí. Ní féidir cúl a choinneáil ar an athrach. Le linn domh a bheith ag déanamh an taighde seo, chaith mé cuid mhór ama ag caint le daoine, idir óg agus aosta, bunadh an oileáin agus daoine nach iad. Is fada spéis agamsa i stair mo mhuintire agus bhí grá mór agam i gcónaí d’oileán Ghabhla. Thosaigh mé ar an taighde seo sa bhliain 1999 ar an tséala go raibh na daoine a raibh eolas acu fá Chlann Uí Dhuibhir agus fá Ghabhla ag laghdú de réir a chéile. Tá cuntas anseo ar shé ghlúin ón phointe tosaigh. Tá cuid de mo ghlúin féin a bhfuil garpháistí acusan anois — is ionann sin agus ocht nglúin. San am atá le theacht, tá súil agam go leanfaidh duine éigin eile le stair Chlann Uí Dhuibhir as Gabhla. Is mise Pádraig Mac Gairbheith, garmhac Nellie Tharlaigh Mhicí Tharlaigh. Leabhar ar shé ghlúin de Dhuibhirigh Ghabhla seolta san Acadamh Bhí ocáid speisialta ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ar an tsatharn seo a chuaigh thart, an 15 Márta nuair a rinne an tAthair Brian Ó Fearraigh seoladh oifigiúil ar an leabhar Ó Duibhir as Gabhla. Tá an leabhar Ó Duibhir as Gabhla bunaithe ar stair agus ar ghíneolaíocht chlann Úi Dhuibhir agus a sliocht as Gabhla. Is é Pádraig Mac Gairbheith a rugadh i nGlaschú agus a togadh i gCnoc an Stollaire údar an leabhair agus is iad Coiscéim na foilsitheóirí. Bhí scaiFe breá i láthair ar an óiche agus chur Máirín Uí Fhearraigh, a bhí mar bhean an tí don ocáid, na cainteoirí in aithne. Chomh maith leis an Athair Ó Fearraigh a sheol an leabhar, labhair údar an leabhair, Pádraig Mac Gairbheith, Fergus Ó Snodaigh as Coiscéim agus Éamon Mac Niallais as Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Tá an leabhar ar fáil ó Choiscéim agus sna siopaí aitiúla. Gach eolas: 087 9014105 An tAthair Brian Ó Fearraigh, Pádraig Mac Gairbheith, údar an leabhair, Máirín Uí Fhearraigh, Feargus Ó Snodaigh, Coiscéim, agus Éamonn Mac Niallais ag seoladh Ó Duibhir as Gabhla .

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3