Goitse, Márta 2014
Goitse 21 Márta 2014 NUACHT 3 Gaeltacht gan obair – Gaeltacht mharbh Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil buille trom buailte ag Largo Foods in aghaidh mhuintir an cheantair seo nuair a d’fhógair siad go bhfuil rún acu an mhonarcha ar an Screabán a dhruid agus bata is bóthar a thabhairt don 140 duine atá fostaithe ansin. Beidh impleachtaí ag an chinneadh sin ar achan ghné de shaol eacnamaíoch an cheantair seo. Is cuma caidé an cineál gnó atá ann, aithneoidh siad go bhfuil deireadh le Bia Ghaoth Dobhair. Ní hiad na daoine a bhí fostaithe sa mhonarcha síos fríd na blianta amháin a bheas thíos leis. Mar atá a fhios againn uilig, nuair a bhaineann tú an méid sin postanna amach as geilleagar beag cosúil leis an cheann atá againn anseo, téann sin i bhfeidhm ar na gnónna uilig sa cheantar. Ní bheidh an méid céanna airgid ag daoine le caitheamh sna siopaí, sna bialanna, sna tithe tábhairne, sa ghruaig- eadóir nó sna seirbhísí eile áitiúla. Sin fáth amháin go mbeadh sé tábhachtach go ndéanann Údarás na Gaeltachta a seacht ndícheall níos mó fostaíochta a tharraingt isteach sa Pháirc Ghnó ar an Screabán chomh luath agus is féidir. Tá an dochar déanta anois ach caithfear teacht ar bhealach inteacht le fostaíocht a chruthú sa cheantar le postanna a chur ar fáil, ní amháin do na daoine a chaill post le Bia Ghaoth Dobhair, ach don ghlúin atá ag teacht ina ndiaidh. Bhí póstaer á chaitheamh ar an pharáid ag deireadh na seachtaine seo a chuaigh thart agus “ Gaeltacht gan obair – Gaeltacht mharbh ” scríofa air. Tá ciall leis sin. An mhí seo a chuaigh thart, scríobh muid sna leathanaigh seo go raibh an t-am ann seasamh agus troid a dhéan- amh don cheantar seo agus nár chóir an troid sin a dhéanamh cúng. Léiríonn scéal Largo Foods dúinn caidé chomh tábhachtach is atá sé troid ar son postanna dár gcuid páistí nuair a fhágann siad an scoil. Níor éirigh leis an Tíogair Cheilteach an ceantar seo a shlánú agus níl polasaí na déine ag dul muid a shlánú ach an oiread. Más mian linn cultúr na Gaeltachta a chosaint agus an Ghaeltacht a chaomhnú, caithfidh muid déanamh cinnte go bhfuil obair ar fáil do na daoine óga agus nach bhfuil fiachadh ar ghlúin eile páistí imeacht thar sáile gan pilleadh. Cibé postanna a chruthaítear anseo, bíodh siad buan seasmhach agus tugadh siad deis do dhaoine fanacht sa cheantar agus clann a thógáil. Gan sin, níl mórán dóchais ann go mairfidh an rud a dtugann muid Gaeltacht air. “Tá an dochar déanta anois ach caithfear teacht ar bhealach inteacht le fostaíocht a chruthú sa cheantar le postanna a chur ar fáil, ní amháin do na daoine a chaill post le Bia Ghaoth Dobhair, ach don ghlúin atá ag teacht ina ndiaidh.” Fáiltíonn Goitse roimh litreacha ónár léitheoirí. Is féidir litir atá le foilsiú a sheoladh chuig litir@goitse.org . Seol comhfhreagras ar bith eile chuig eolas@goitse.org nó déan teagmháil ag 086 8476862 Eagarfhocal Fad saoil don Rí! Bhí ceilúradh 70 bliain ag Rí Thoraí, Patsy Dan Mac Ruaidhrí an deireadh seachtaine seo caite. Bhí sé iontach soiléir nach bhfuil an aois ag cur isteach nó amach ar an fhear cáiliúil seo. Bhí daoine as thart ar an tír uilig, chomh maith le hAlbain, Ceanada agus Nua-Shéalainn, agus scéal acu uilig faoin dóigh ar chas said ar an Rí agus an ceangal a rinne said leis an oileán. Chuir úinéirí úra an Óstáin, Sean agus Patricia Doherty bia ar dóigh ar fáil. Fuar Patsaí achan sort bronn- tanais, ina measc úrscéal ina bhfuil sé féin mar charachtar, scríofa ag Kieran Devany a chuireann an clár Seascapes i láthair do RTÉ. Beidh an leabhar ag teacht amach ag an Nollaig. Rinne an rí cinnte go raibh damhsa aige le achan duine ag an chóisir. Bhí an ceol ag gabh- áil ar aghaidh go dtí na huair- eanta beaga. Ach bhí an Rí thíos ar an ché ag a 9 ar maidin ag fágáil slán lena chuid cairde. Níl fhios cá háit a bhfuil an fuinneamh seo ag teacht as, ach níl deireadh leis, agus é ag amharc níos fearr inniu na bhí riamh, agus chomh paiseanta faoin oileán is a bhí riamh.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3