Goitse, Márta 2014

4 NUACHT Goitse 21 Marta 2014 Rinne thart ar 100 baill de Chumann Tacaíochta Diaibéiteas Dhún na nGall agóid taobh amuigh de gheaQaí Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn ar an 3 Márta, lá a d’athoscail an tAire Sláinte, Séamus Ó Rathaille, Ionad Éigeandála an ospidéil. Bhí siad ag léiriú a míshás- tachta le stádas chúram na bpáistí a bhfuil Diaibéiteas Cineál 1 orthu. Tá corradh is 140 páiste faoi 18 a bhfuil diaibéit- eas cineál 1 orthu sa chontae. De réir rialacha an HSE iad féin agus an méíd sin páistí cláraithe, ba chóir go raibh ‘altra speis- ialtóir cliniciúil diaibéiteach’ ann le freastal ar na páistí sin. Níl sin ar fáil i Leitir Ceanainn. Chomh maith le sin, tá an Comhairleach Peidiatraiceach a raibh suim ar leith aige sa Diaibéiteas tar éis imeacht chuig post eile, rud a fhágann páistí an chontae seo gan cúram mar is ceart. Maidin na hagóide, dúirt urlabhraí an ospidéil go raibh siad ag tairiscint poist do altra speisialtóir cliniciúil diaibéit- each ach ní bheadh ach 2/3 de na huaireanta ag déileáil le páistí. Dúirt siad fosta go raibh 2 phost dochtúir le líonadh acu fá láthair agus bhí siad ag súil go mbeadh suim ar leith ag duine acu sa Diaibéiteas. Bhí thart ar 100 duine i láthair ag an ágóid ach ní mó na sásta a bhí siad nuair a shleamhnaigh carr an Mhinistéara Ó Rathaille agus an TD áitiúil Donncha Mac Fhionnghaile isteach san ospid- éal. Thug an tAire Sláinte le fios roinnt míonna ó shin go mbeidh sé ag tabhairt faoin scéal seo ach níl faic déanta aige. Mar sin de, caithfidh tuismitheoirí Dhún na nGall cur suas le cúraim do pháistí s’acu le Diaibéiteas, atá ag sárú rialacha an HSE féin. Níos suimiúla arís, má tharraingíonn tú line ó Gaillimh go Baile Átha Cliath, tá 5 ionad speisialta le haghaidh Diaibéitis thíos ó dheas faoin line seo agus níl ceann ar bith ó thuaidh. Is í an cheist is mó a bhí ag na daoine a d’fhreastal ar an agóid – cén fáth a bhfuil difir i gcaighdeán cúraim s’againne agus an chuid eile den tír? Beidh cruinniú poiblí leis na sonraí is déanaí a scaipeadh Dé Domhnaigh in óstán Mount Errigal i Leitir Ceanainn. Fáilte roimh achan duine. Easpa cúraim Otharlann Leitir Ceanainn ag cur beatha páistí le diaibéiteas i mbaol Aoife Mhic Pháidín, máthair beirt pháistí le diaibéiteas, ag an léirsiú a heagraíodh le linn don Aire Sláinte a bheith ar cuairt ar Otharlann Leitir Ceanainn ar na mallaibh. Vincy Phadaí Dubh, Cathal Ó Gallchóir agus Cronán Mac ag an agóid taobh amuigh de ghea;aí Otharlainn Leitir Ceanainn Páistí as Gaoth Dobhair a bhfuil an diaibéiteas ag cur as dóibh i mbun agóidíochta ag gea;aí Otharlainn Leitir Ceanainn.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3