Goitse, Márta 2014
Goitse 21 Márta 2014 TUAIRIM 5 Téann sé go smior sa nádúr ionainn mar dhaoine, an rud gur linn féin agus na nithe sin lena gceanglaíonn muid luach faoi leith leo, a chosaint agus a chaomhnú chomh maith is a thig linn é. Tá an méid seo fíor, go hairithe maidir le cúrsaí úinéireacht tailte de. I gcástaí cosaint gabháltais tailte, creidim gur fíor a rá, go ritheann ceangal atá iontach láidir ar fad go doimhneacht croí agus spiorad mhuintir na hÉireann. Is beag ar dhaoine, cuma cé iad féin, rialú nó smacht a chailleadh ar an rud gur leo féin go ceart é, go speisialta nuair is talamh atá i gceist, cé acu talamh a saoth- raíodh nó a ceannaíodh, nó go háirithe más tailte a síneadh mar oidhreacht chucu óna mbunadh féin atá i gceist. Síneann stráice talaimh le taobh na farraige, ó bhaile fearainn an Fhál Charraigh, thart bealach an chósta, chomh fada le Mín Lárach, ar an cheann thiar de pharóiste Ghort an Choirce. Tá próiseas ar bun i láthair na huaire, le céatadán ard den stráice talaimh seo, a ainmniú mar Limistéar Faoi Chosaint Speisialta (LfCS), sé sin, mar ghnáthóg atá tábhachtacha leis an traonach a chosaint ann. Má éiríonn leis an togra ainmniú- cháin seo a theacht i bhfeidhm, is cinnte go mbeidh impleachtaí fadtéarmacha agus tromchúis- eacha lena leithéid do na húinéirí a bhfuil gabháltais acu ins an limistéar airithe seo. I measc na ngníomhachtaí a mbeidh tionchar ag an ainmniú- chán seo orthu, beidh cúrsaí feirmeoireachta, dobhar-shaothrú agus cúrsaí iarratais phleanála. Sa mhullach air seo, beidh srian ghéar le gníomhaíochtaí faoi leith a dhéanamh ar thailte na limistéar, ach amháin, le cead is toiliú ón Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. In ainneoin cuid mhór míshástachta agus feirge i measc mhuintir an cheantair, go háirithe i measc na n-úinéirí talaimh, leis an próiseas ainm- niúchán seo ina iomláine agus an easpa comhairliúcháin, leanann an áisíneacht Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF), a fheidhmíonn faoi cheannasaíocht na Roinne Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta orthu, ag brú chun tosaigh leis an ainmniúchán, le beag aird i ndáiríre ar ábhar bhuartha na ndaoine lena mbaineann na tailte. Seoladh 242 aighneachtaí ina iomláine faoi bhráid an tSPNF, ó úinéirí agus ó daoine le leas dlíthiúla acu ins na tailte atá ainmnithe. Is léiriú soiléir an méid seo féin ar leibhéal mhíshástachta na n-úinéirí, maidir lena gcuid tailte a bheith cuimsithe ins an LfCS atá beartaithe. I measc na bpríomh- ábhar imní atá ar dhaoine nó go gcuirfidh a leithéid de ainmniú- chán cosc ar aon fhorbairt chónaithe, tráchtála agus feirm- eoireachta ar a gcuid tailte amach anseo. Chan feirmeoirí móra ar bith, leis na céadta acra de thalamh maith feirmeoir- eachta iad na húinéirí a dtig a gcuid tailte faoin limistéar ainmnithe seo, ach gnáth- fheirmeoirí beaga agus gnáthdhaoine a bhfuil gabháltais bheaga tailte lena n-ainm acu. Tá sé iarrtha ag baill den phobal agus ag roinnt ionadaithe poiblí ar an Rialtas reatha, deireadh a chur leis an phróiseas ainmniúcháin seo láithreach bonn, sa dóigh is go mbeifí ábalta cluas éisteachta mar is ceart a thabhairt do imnithe na n-úinéirí agus oibriú leo, seachas ina n-éadan, ar mhaithe leis an phobal féin agus leis an Traonach. Mar a sheasann rudaí faoi láthair, meastar go bhfuil níos mó measa á thaispeáint do na Traonaigh, nach mbíonn ag cur fúthu fán cheantair ach seal ghairid i rith na bliana, seachas do na daoine a bhfuil cónaí buan orthu ina ndúiche féin. Tá sé luaite ag úinéir amháin, a bhfuil a chuid tailte ainmnithe ins an LfCS; “Ar an drochuair, tá na Traonaigh faoi bhagairt agus i ndainséar i bhfad níos mó anois, ná mar a bhí siad riamh. Má tá an tSPNF dáiríre fá chosaint an traonaigh, caithfidh siad iarracht níos fearr a dhéan- amh obair le muintir na háite. Níltear ag tabhairt chothrom na féinne agus cluas cheart éist- eachta dúinne, a bhfuil talamh againn ins an LfCS agus a bhfuil cónaí orainn ins an cheantair seo i rith na bliana. Caithfidh oifigí ón tseirbhís Páirceanna Náisiún- ta agus Fiadhúlra a theacht amach agus labhairt leis na daoine agus meas a thaispeáint daofa, ansin thig linn aghaidh a thabhairt ar shábháil an Traon- aigh, má tá cheann ann le sábháil ar chóir ar bith.” Is cinnte go bhfuil an próiseas ainmniúcháin LfCS seo ag cur strus fiánta ar go leor úinéirí agus teaghlaigh. Tá daoine buartha faoina dtodhchaí, ó thaobh maitheas agus fiúntas a gcuid móinte, mínte is tailte, má théann an rialacháin agus an t-ainmniúchán áirithe seo, atá a bhrú anuas orthu, fríd go rathúil agus a theacht i bhfeidhm, mar ordú Rialtais. Ardaíonn a gcás neart ceist- eanna maidir le todhchaí na Gaeltachta. An mbeidh deis ag daoine tithe a thógáil dá gclann ar a gcuid tailte féin? Chomh maith le sin, ceisteanna maidir le caidé chomh dlíthiúil leis an phróiseas seo ina iomláine, nuair nach raibh próiseas mar is ceart comhairliúcháin ar siúil leis na húinéirí, sular tugadh fógra daofa, go raibh a gcuid tailte ainmnithe ins an LfCS. Ardaítear ceisteanna fosta fá chearta maoine daoine, agus tá a leithéid aitheanta faoi Bhun- reacht na tíre. Ceist mhór eile atá ag cur imní ar dhaoine nó fá dhíluacháil tailte, de bharr cinntí údaráis tailte a chuimsiú ins an LfCS. Tá sé fíorthábhachtach go suífidh na húdaráis chuí síos leo seo a bhfuil imní agus buair- eamh orthu agus an togra a phlé ina iomláin leo mar is ceart. Caithfear iarracht breise a dhéanamh theacht ar chomh- réiteach, a bheas sásúil agus a rachaidh chun leasa do achan nduine atá sáite ins an achrann seo agus ansin thig aghaidh a thabhairt ar chaomhnú an Traonaigh. A fhad is a bhaineann an cheist seo le cosaint na Traon- aigh, caithfear a lua, chan é nach dtuigeann is nach gcreideann na húinéirí talaimh an tábhacht a bhaineann le caomhnú na timpeallachta agus le cothú na n-éan fiáine. Tuigeann siad an méid seo go maith, b’fhéidir fiú go bhfuil tuigbheáil agus tuiscint níos doimhne acu air agus ar bhealaigh le tabhairt faoi, na mar a luaitear leo go minic. Is cinnte go bhfuil comhfhreagracht ar achan duine, meas a bheith acu ar thimp- eallacht nádúrtha na dúiche ina maireann siad, chomh maith le achan rud a bhaineann leis an timpeallacht sin a chaomhnú. Mar shaoránaigh de chuid na cruinne, is caomhnóirí sealad- acha an chomhshaoil muid uilig agus ní mór dúinn an timpeallacht nádúrtha atá thart orainn agus an uile ní a bhaineann leis a choimeád agus a choinneáil slán ó thruailliú agus ó dhainséar, ionas go gcoinneofar slán an domhan mar atá a fhios againn é, ina bheatha. Níl uaidh achan nduine ach ceart agus cothrom na féinne agus ansin thig aghaidh a thabhairt ar chearta na n-éan! Cosaint na nÉin v Cearta Talaimh Tá imní léirithe go háitiúil faoi iarrachta stráice talaimh cósta ón Fhál Carrach go Mín Lárach a ainmniú mar Limistéir faoi Chosaint Speisialta Aniar Aduaidh le Brian Mac Rabhartaigh Tá Goitse ar fáil ar-líne ag www.goitse.org ar fud na cruinne
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3