Goitse, Márta 2014

6 NUACHT Goitse 21 Márta 2014 Eibhlín Mhic Aoidh, Damien O Domhnaill, Donnchadh Chassie Ó Baoill, Stephen Ó Domhnaill agus Seán Mac Corraidh Buaiteoir an chomórtais Abair Amach Ailbhe Ní Ghallchóir ag glacadh lena corn. Lynette Fay ón BBC ag baint sult as imeachtaí na deireadh seachtaine. Mary Aggie i ndearg Mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge, bhailigh scaiQe mór isteach in Áislann Rann na Feirste don chomórtas Abair Amach agus Deireadh Seachtaine na Gaeilge. Tháinig daltaí agus múinteoirí as scoltacha ar fud na Cúige agus bhí ráchairt ar na comórtais do dhaoine fásta fosta. Comhghairdeas le Malachy Mac Cionnaith as Baile Átha Cliath ach gur as Beal Feirste ó dhúchas dó ar bronnadh gradam Pearsa Rann na Feirste 2014 air le linn dheireadh na seachtaine. Chuir Malachy an leabhar Seanchas Rann na Feirste amach in 2005. Tá an leabhar as cló le fada ach tá sé le fáil anois ag www.rannnafeirste.com. Deireadh Seachtaine na Gaeilge in Áislann Rann na Feirste

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3