Goitse, Márta 2014
Goitse 21 Márta 2014 GNÉ-ALTANNA 7 Tá foireann de chuid Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar a seacht ndícheall ag cleachtadh an drama An Solas Dearg faoi láthair. Dráma dhá ghnímh atá ann a scríobh Antaine Ó Flaith- earta, agus bhí sé ar cheann de bheagán drámaí nua scríofa i nGaeilge a léiríodh ar ardán Amharclann na Mainistreach le fiche bliain anuas. Tá cáil mhór ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair le breis agus 70 bliain anuas as ucht chaighdeán a gcuid léirithe agus go h-áirithe a gcuid aisteoireacht. Is iomaí ball den chompántas a chuaigh ar aghaidh agus atá ina n-aghaidh- eanna aitheanta ar TG4 anois. Ach is é seo an chéad léiriú mór do na h-Aisteoirí ó cailleadh Tomás Mac Giolla Bhríde (Tom a Bhungalow) a bhí mar chnámh droma agus léiritheoir acu le blianta fada. Tá an dráma seo á léiriú ag Cathal Ó Gallchóir, atá mar bhall de na hAisteoirí le roinnt mhaith blianta, agus tuigeann sé an dúshlán atá ann. “Níor léirigh mise dráma riamh, ach is iomaí comhrá a bhí agam le Tom faoi , agus deireadh sé – “gabh agus déan é” , ach ní raibh muinín agam sílim” a dúirt Cathal. “Ach bhí sé tábhachtach, i ndiaidh Tom a chailleadh, go gcoinneofaí ag dul — “ the show must go on ” mar a déarfadh sé féin.” Spreagadh Cathal le tabhairt faoin dráma i ndiaidh dó cúrsa a dhéanamh leis an léiritheoir Beartla Ó Flaithearta sa Chrannóg ag tús na bliana. “Caithfidh tú toiseacht áit inteacht. Tá criú ar dóigh ann le meascán de na ‘sean’-aisteoirí - sé sin Sean Ó Maolagain, Bernie Ní Dhuibhir agus Máire Uí Rabhartaigh, i gcuideachta aghaidheanna úra cosúil le hÁine Ní Bhreisleáin, Colm Mac Giolla Easpuig agus Dónal O Cnáimhsí. Tá aithne mhaith ar Áine mar thráchtaire le nuacht TG4, agus is iomaí dráma a raibh Dónal ann le Aisteoirí De hÍde agus Aisling Ghéar i mBéal Feirste ach seo an chéad uair dó le hAisteoirí Ghaoth Dobhair. Tá an seit á dhearadh agus á thógáil ag Seán Ó Duibhir, i gcomhar le Manus Ó Domhnaill agus Eoghan Mac Giolla Bhríde — baill de na hAisteoirí le blianta fada — agus beidh Suzanne Ní Ghallchóir mar chúntóir léirithe. “Tá an drama seo níos nua- aimseartha agus ar stíl difriúil don cineál a bheadh againn de ghnáth”, a dúirt Cathal “ach sílim go mbainfidh daoine sult as. Tá súil agam go mbainfidh!” Beidh an dráma ar an ardán i halla spóirt Phobalscoil Ghaoth Dobhair ar an 16–18 Aibreán. An Crann Creathach Populus tremula Crithach ara criothugudh, Atchluinim ma seach, A duille for riothugudh, Dar leam as í an chreach. —Suibhne Mac Colmáin Ceann de na tréithe is aitheanta ag an Crann Creathach ná go bhfuil sé creathach! Bíonn na duilleoga ar crith ag an leoithne is tláithe. Agus, as siocair go mbíonn gach ní eile ciúin socar ag an am, tá an siosarnach sonrach soiléir. Ach cén fáth ar chuir an fhuaim seo an chreach i gcuimhne do Shuibhne, an crannadóir coille a chuaigh le gaoth in Éireann fadó? Seans go bhfuil baint ag an stádas a bhí ag an Chrann Creath- ach sa bhéaloideas leis; comhar- tha an bháis agus an domhain neamhshaolta a bhí ann. Ar ndóigh, bhí crainn eile lena raibh mí-ádh nó an drochrud luaite leo; Iúr ( Taxus baccata ), Sceach ( Crataegus monogyna ), Trom ( Sambucus nigra ) agus Draighean ( Prunus spinosa ). Is dóiche mar nach raibh mórán úsáid dhaonna ag baint leo fadó. Níos déanaí, le teacht na Chríostaíochta, bhí sé curtha i leith na bplandaí urchóideacha seo gur astu a rinneadh cros Chríost nó an coróin spine. Is mar gheall air sin, deirtí, go mbíonn an Crann Creathach ar crith le náire ó shin. Is déantús ar leith ar an duilleog cúis chreatha. Tá an peitín nó cos duilleoige caol, laghdaithe go h-ingearach leis an bhileog. Ach cén bhuntáiste a thugann an mionathrú seo dó? B’fhéidir go bhfuil an crann níos ábalta na gaotha móra a sheasamh mar go bhfuil gach duilleog ar nós seol scaoilte. Nó seans go gcuireann an síor-bhogadh as do na feithidí a bheadh beo ar an duilliúr. Cé go bhfásann an crann measartha gasta, níl mórán fiún- tais san adhmad bog. Déantar cipíní solais leis ach is mar ábhar páipéir a úsáidtear an mhórchuid. Is tionscal sách trom an próiseas chun adhmad a aistriú go páipéar. Glacann sé roinnt maith fuinnimh agus ceimicí go háirithe chun an lignin (an páirt adhmadúil de phlanda) a bhriseadh. Tá an Crann Creathach cruthaithe anois le 45% níos lú lignin agus fásann sé níos gaiste. Dea-scéal, ach tá amhras fós ann faoi mhionathrú gineolaíoch (G.M.) mar seo. Tá dhá inscne den speiceas ann; bíonn na bláthanna fireann agus baineann ar chrainn éagsúla. Is ag an am seo den bhliain a bhriseann na caitíní amach. Tá siad crochta ar ghéaga loma, na cinn fhireann donn/glas agus na bláthanna baineanna glas. Is ar an ghaoth a shéidtear an pailín ó bhláth go bláth agus is í an ghaoth a scaipeann na síolta clúmhacha. Ní mhaireann na síolta ach cúpla lá roimh ghinidiú. Ach níl an crann seo ag brath go hiomlán orthu. Cuir- eann sé meatháin, sé sin go bhfásann crainn úra ó na fréamhacha. Is fíor-annamh mar sin a bhíonn Crann Creathach ag fás go haonraic. Ach, ar ndóigh, is clóin iad na plandaí seo den crann as a shíolraigh siad. Mar gur ionann na crainn ó thaobh gineolaíochta de, thig glacadh le grúpa mar orgánach amháin. Agus sin amhlaidh, is cinnte gur Crann Creathach Meiriceánach Populus tremuloides an ní beo is mó agus is sine da bhfuil ann. Agus na duilleoga ag bris- eadh amach, is minic a bhíonn boladh milis san aer. Is ó ghuma cosanta ar na bachlóga a thag- ann sé. Tá ungadh ar a dtugtar populeon déanta de atá mar faoiseamh in éadan gríosú pianmhar. Fásann beacán áitithe go simbeoiseach leis an Crann Creathach. Saghas boletus é Leccinum aurantiacum atá mór, oráiste agus breá blásta. Comhartha báis a bhainfeadh creathadh as crann Solas Dearg ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair Áine Ní Bhreisleáin, Seán Ó Maolagáin agus Colm Mac Giolla Easpuig ag cleachtadh do léiriú Aisteoirí Ghaoth Dobhair den dráma An Solas Dearg.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3