Goitse, Aibreán 2014
“Níl a leithéid de rud agus sean- bhean ann níos mó” a dúirt bean liom le gairid, “agus bhíodh siad galánta, ina seálta agus a ngruaig cóirithe go deas ar chúl a gcinn”. Smaointigh mé ar Chéitín, nach mbeidh a leithéid arís ann; sean- bhean bheag chaol i mbuaitisí láidre, naprún thar sciorta fada uirthi, cairdeagain a chniotáil sí féin, agus scairf ar a cloigeann i gcónaí. “Ar mhaith leat tobar beann- aithe a fheiceáil?” a d'iarr sí orm lá amháin. Lean mé í thar chreig is thar chlaí, trí mhíle siar an chósta, í ag rith mar ghabhar romham agus í in aois a ceithre scór. Bhí na mílte sean-orthaí cosanta aicí mar leigheasanna ar phianta droma, péisteanna, agus, an ceann is iontaí, Ortha an dul amú, a chuideodh le duine dalla mullóg a chur ar na péas, dá mba rud é go raibh siad sa tóir ar phoitín a bhí curtha i bhfolach faoin talamh. San ortha sin, guíonn tú ar Mhuire a brat gorm a leathnú thar súile na bpéas, sa dóigh is nach bhfeicfeadh siad an rud a bhí faoina srón. Dhearbhaigh sí go dtiocfadh leo siúl thar phoitín nua- churtha agus ní thabharfaidís tada faoi deara. Mhair sí sa chlapsholas idir an Phágántacht agus an Chríostaíocht. Ba foinse eolais iontach í ar an saol a bhí. Tá cóipleabhar agam a líon sí dom le achan chineál eolais: a scríobh néata ar an sean-stíl Gaelach, gan locht sa ghramadach nó sa litriú. Bhí an-dúil aici in sna leabhair – léifeadh sí gach rud ó ghreann- áin go dtí An tOileánach. Léigh sí Súil le Breith, leabhar faoin chaidreamh idir bean óg agus sagart a thug scannal do dhaoine ag an am, agus dúirt sí faoi “Bhí siad á rá go raibh rudaí scannalach sa leabhar, ach ní fhaca mise a dhath iontach ann — ach bhí Johnny ag léamh an leabhair do Mhaidhc (fearr gan léann) agus é ag cur a ghiotaí féin leis, agus Maidhc bocht ag scairteadh 'ní dhéarfadh an sagart sin!'”. Bhain Céitín an-sult as seo. Ní raibh aon chuid den caolaiginteacht phiúrat- ánach a tháinig isteach leis an Chríostaíocht in a meon. Chaith sí a cuid ama ar an chladach ag piocadh sligéisc agus feamainne. Ní raibh mórán de dhíth uirthi sna siopaí – bó sa gharradh, glasraí curtha aicí, éisc ghoirt, nó díreach isteach ón fharraige ar fáil dí. Thaispeáin sí dom uair amháin Cailleach Dhubh a scaoil a mac don a ndínnéar. A rian sin uirthí, bhí sí chomh folláin le breac. Cinnte, ní raibh mórán bruscair riamh aicí. Anois ag deireadh na seachtaine tá muid uilig ag cur moll bhruscair go dtí láithreán fuílligh ag cruthú buama ama toicsic a phléascfas am inteacht, ag déanamh scrios ar uisce agus ar shláinte. A mhalairt ar fad do shaol Chéitín, tá saol s’againne á riarú ag na gnónnaí mhóra. Gan an neamhspléachas maireachtála a bhí ag Céitín againn níos mó, ní furast neamhspleáchas intinne a bheith againn ach oiread. Tá sé níos soiléire achan lá an dóigh atá saol achan duine agus achan rialtas faoi thionchar ag gnónnaí mhóra an domhain. Pillimis ar an chladach! Colún Nóra Chit Tá sé in am againn pilleadh ar an chladach! 10 AN FHÉILE NÁISIÚNTA DRÁMAÍOCHTA Goitse 25 Aibreán 2014 Neasa Bheáid agus Cathal Ó Curráin i radharc ón dráma ‘An Pósadh’ a léirigh scoláirí Phobalscoil Ghaoth Dobhair ag an Fhéile Náisiúnta Scoildrámaíochta ar na mallaibh. Foireann an dráma ‘Filleann an Feall ar an Fheallaire’ le scoláirí Idirbhliana Phobalscoil Ghaoth Dobhair a bhuaidh Craobh na hÉireann san Fhéile Náisiúnta Scoildrámaíochta le goirid. Radharc ón dráma ‘Cúrsaí Cleamhnais’ le scoláirí Idirbhliain Phobalscoil Ghaoth Dobhair a bhuaidh Craobh na hÉireann ag an Fhéile Náisiúnta.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3