Goitse, Aibreán 2014

Goitse 25 Aibreán 2014 LITRÍOCHT 11 Síos Sráid Uí Chonaill a shiúil mé lá, le seandaoine ‘s páistí, fir agus mná Mhol Conradh na Gaeilge go bhfágfadh muid lorg Agus bhí muid uilig gléasta agus Dearg le Fearg. Nuachtán Goitse a scaip an scéal, Bhfuil muid ag fáil cearta teanga? D’fhreagair muid Níl. Ba mhaith liom Gaeilge a labhairt nuair a bhéas me mór, Ach dúirt Mamaí go raibh muid ag fáil an chluas bhodhar. Bhí Ronán Mac Aodh Bhuí ár dtreorú síos, Go leoraí mhór a bhí aige ar cíos. Dorn san aer agus na Gaeil go deo, Coinneoidh muid ár dteanga dhúchais beo. Cé bhí ann ach an t-Athair Brian, Ag comhairliú ‘s ag socrú ar an scaiKe bhí fiáin. Sheas sé suas agus choiscreac sé an slua, Agus scairt “coinnígí ‘gabháil nó is cinnte gur fiú é”. Brait agus comharthaí sáite sa spéir, Gach canúint Gaelach le cluinstin san aer. Hataí ‘s T-Leinte ‘s fiú amháin bandana’s, Ar na slóite ag siúl agus iad Dearg le Fearg. An Ghaeilge faoi chois agus an coimisinéir ar shiúl, Na bodaigh sa rialtas a bhí ar a chúl. “Mór mó náire; mó chlann féin do dhíol a máthair”, Sin an rud a thug muid go dtí an príomh chathair. Bhí Gerry Adams ag greadadh ar dhruma. Ag tógáil racáin ach, leoga, ba chuma. Mháirseáil sé leis go doras an Dáil, le muintir Bhéal Feirste ag ceol “tiocfaidh ar lá.” Chruinnigh ár n-agóid taobh amuigh den Dáil Ach faraor ní raibh na teachtaí ar fáil. Ach na cainteoirí breátha a spreag muid le brí, Agus a dúirt níl anseo ach an tús, agus ardaigh do chroí. Ar an bhealach go Gaoth Dobhair ní raibh orm an spin, mar shíl mé nach n-eisteódh na politicians linn. Ach dúirt Dadaí “ná bíodh fearg ort ach bród Mar is girseach bheag mhaith thú a sheasaigh an fód”. Ar an teilifís a bhí muid agus ins na meáin go léir, Shíl lucht an Bhéarla go raibh muid ar shiúl ar an téar. Níor thuig siad go raibh muid ag cosaint ár stair, Agus nach ligfidh muid dár gcultúr bheith fágtha ar lár. A Mhuintir na tíre, an bhfuil sibh sásta le seo? Labhraigí bhur dteanga is coinnigh í beo. Ba chóir daoibh bheith bródúil is a Dhia nach mairg, Nach bhfuil gach duine in Éirinn Dearg le Fearg. Béal Binn Laura Máire Mhic Niallais ag bronnadh príomhdhuais An Béal Binn 2014, Corn Cuimhneacháin Phat Uí Rabhartaigh (a bhronn RTÉ Raidió na Gaeltachta) ar Laura Ní Dhuibhir, Glaisdobharchú. Bronnadh príomhdhuais An Béal Binn, Corn Cuimhneach- áin Phat Uí Rabhartaigh, ar Laura Ní Dhuibhir as Glaisdobharchú mar chuid d’imeachtaí Éigse Uladh a bhí ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ar na mallaibh. Bhain Laura an chéad áit i Roinn F, Teastas Sóisearach leis an dán nuachumtha ‘An tIolaire’ a scríobh a hathair, Manus Ó Duibhir. Is é Danny Ó Duibhir, deartháir le Laura, a fuair an dara áit i Roinn D, Rang 3 agus 4, leis an dán 'A Bhainisteoirí'. Bhain an dán céanna, a scríobh a athair Manus Ó Duibhir chomh maith, an tríú áit don dán nuachumtha. Danny Ó Duibhir Ailbhe Ní Ghallchóir a bhain an chéad áit amach sna comórtais Abair Amach agus sa Bhéal Binn i (Rannóg 3 & 4). Bhain an dán Dearg le Fearg an dara h-áit sna dánta nua chumtha ag Abair Amach fosta. Tá Ailbhe 10 mbliana d'aois agus ag freastal ar Scoil Adhamhnáin Naofa, An Luinnigh. Dánta Úra le Máire Dinny Wren Ar an Imeall Ba dhíomhaoin mo ghlór ag an dream a bhí i réim. Bhrúigh siad faoi chois mé is thug doras an doichill domh. Mhair mé ar an imeall ar mo sheachnaint i measc mo dhaoine, fágtha ar an trá fholamh; creimthe ag gach éalú mara agus trá. Ach le casadh na taoide nocht dúsholas as an doilbhcheo agus gaoth chóiriúil le mo chúl, chuaigh mise sa bhearna bhaoil. Bhí na sluaite mar mhaidhm rabharta romham, tagtha le deargruathar as na ceithre hairde, iad ag máirseáil ina dtreasa ar na sráideacha is fearg á léiriú acu le lucht an scoirn. Bród orthu as a dteanga dhúchais is a gcearta a gcosaint acu. is le doirne san aer ag Gaeil a chuir mise an drochuair thairim. Dord na Murúch Cloistear dord dólásach na murúch ina mhacalla os cionn chrónán na dtonn, sula nochtann siad ar an tsnámh fá bhruach an chladaigh is fá bhéal na trá ag síorchíoradh a gcuid gruaige ina cuacha gormuaine ar bhrollach na dtonn, ag lupadán lapadán sa lán mhara is ag meidhir i measc muranáin maranáin. D’éalaigh siad as an duibheagán ag scoitheadh a gcuid lanntracha, tháinig i dtír is mhair siad tráth amhail céilí agus máithreacha clainne. Cloistear beochaoineadh na murúch ina mhacalla os cionn dhord na mara, claochlaithe le gach marbhshruth gaibhte go síoraí idir an dá thrá. An tÉan Dara Mheall tú an t-éan as dair chaoráin, mhúnlaigh tú an t-adhmad cruaidh, a ghlanadh ‘s a bhláthnú, go dtáinig tú ar an smólach. Cheap tú spiorad an éin fhiáin san adhmad chianaosta; Chuala tú a ghlór – a cheol binn as na móinteáin. Thuig tusa agus an t-éan a chéile agus sibh araon sáinnithe; tusa gafa san aois leanbaí, an t-éan i ndoimhneacht an fhraochlaigh. Mairfidh spiorad an éin sa dair chaoráin mar a mhairfidh do spiorad i ngéaga do theaghlaigh. Dearg le Fearg

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3