Goitse, Aibreán 2014

12 GNÉ-ALTANNA Goitse 25 Aibreán 2014 ● Síolaigh cairéid, meacain bhána agus raidisí go díreach ● Coinnigh glasraí atá ag síolú taobh istigh go fóill ● Cuir prátaí, oinniún agus gairleog taobh amuigh i gceapacha ● Cosain na plandaí atá amuigh o slugaí/drúchtín ● Cuir leitís agus duilleoga sailéad taobh amuigh, ach clúdaigh iad le cloche ar feadh tamall. ● Tosaigh ag cruachan na plandaí síolóige. Anois agus mí Aibreáin chóir a bheith thart, ba chóir go mbeadh na prátaí sa talamh agaibh. Cosúil leis na prátaí, is glasra iontach coitianta an oinniún sa chócaireacht agus tá said iontach furasta a fhás. Ach caithfidh tú déanamh cinnte go bhfuil said curtha i dtalamh atá leasaithe go maith agat agus atá saor ó uisce. Is maith leo suíomh oscailte, grianmhar. Cuir na bleibíní sa dóigh go bhfuil an barr den bleibín le feiceáil; is maith an rud iad a chlúdach le cloche nó fleece le cinntiú nach bhfuil na héanacha ábalta iad a tharraingt amach as an talamh. Cuir iad le spás thart fá 10cm idir na bleibíní. Níl mórán le déanamh leo ach déanamh cinnte go bhfuil said glan ó lustain. Téann an planda siar níos faide sa stair ná chóir a bheith glasra ar bith eile; tá fianaise ann le taispeáint go dtáinig an planda ón Afganastáin, an Phacastáin agus ón Iaráin. Bhí an oinniún iontach tábhachtach mar bhia san Éigipt fosta idir 2800-2300 BC agus is cosúil go raibh díomá ar na Iosraeilítigh nach raibh an planda le fáil agus iad ar an bhealach go dtí an Tír Tairngire. Glasra eile atá iontach furast le fás nó cál. Is brassica atá ann agus tá sé gaolta don chabáiste agus bachlóg Bhruiséile. Cé nach raibh cál iontach coitianta sa tír seo, tá níos mó daoine a úsáid sa chistin anois de bharr go bhfuil sé iontach maith duit, is bia an-folláin atá ann. Tá cál iontach ard sna vitimíní A agus C, cailciam agus snáithín coth- aitheach. Is bia beagmhéasthrais atá ann agus níl mórán calaraí ann ach an oiread. Níl deacaracht ar bith é a fhás agus is mó dhá phlánda a chur chun é a bheith agat cúpla uair sa tseachtain. Planda eile atá iontach folláin, nó spionáiste. Fásann sé go maith in ithir shaibhir, ach déan cinnte nach ligeann tú dó triomú amach. Tá duilleoga mionspionáiste galán- ta le sailéad nó le béile suaithfhriochta. Bíonn fadhb mhillteanach le drúchtíní ag gach garraídóir, is feithidí iad a ndéanann a léir damáiste ar phlandaí. Cé go gcuidíonn siad leis an lobhadh den ábhar orgánach, bíonn níos mó dochair déanta acu ná maitheas. Tá dóigheanna airithe nádúrtha le réitithe a fháil daofa, cosúil le creachadóirí nádúrtha a mhealladh isteach sa gharraí — creachadóirí mar froganna agus éanacha, mar is maith leo na drúchtíní a ithe. Má bhíonn tú fá choinne millíní a úsáid, déan cinnte agus millíní orgán- acha a úsáid, ní dhéanann said seo dochar ar bith do na creach- adóirí a bhíonn ag creachadh ar na drúchtíní. Cáca fondant seacláide Seo oideas deas furast fá choinne cáca seacláid, ní glacann sé ach uair agus i ndiaidh an Charghais is deas rud beag milis a bheith agat. 100g seacláid dorcha 70%, mionghearrtha ina smutáin 120g ciúbanna im 4 ubh 200g siúcra mionaithe 60g plúr bán Téigh an oigheann go dtí 170˚c. Spréigh píosa beag ime ar stán bácála atá 20cm. Leáigh an seacláid agus im go mall i sáspan, ag suaitheadh go minic le spadal. Déan na uibheacha agus siúcra a ghrátáil i mbabhla teasdhíonach thar sáspan uisce atá ag suanbhruith. Lig dó fuarú agus doirt isteach an seacláid sa mheascán agus fill é go séimh le spadal. Croith isteach an plúr agus arís, fill é go séimh go dtí go bhfuil an meascán deas mín Doirt an meascán isteach sa stán bácála agus déan é a bhácáil ar feadh 20-25 bomaite. Lig dó fuarú agus bain sult as le uachtar, uachtar reoite nó anlann seacláide, yum yum! Ag pleanáil do gharraí: Aibreán is Bealtaine Blag na mBuataisí le Bríd Ní hIcí FORBAIRT POBAIL: ● Oifig an Phoist – An Bun Beag Tá bhur dtacaíocht á lorg le Oifig an Phoist, An Bun Beag, a shábháil! Tá agóid a eagrú taobh amuigh de Oifig an Phoist, An Bun Beag, Dé hAoine 25 ag 11.00 r.n. Fáilte romhaibh uilig! ● Pobal Eascarrach Beidh Cruinniú Cinn Bliana (A.G.M.) 2014 ag coiste Pobal Eascarrach ar an 13 Bealtaine, san Ionad Acmhainne i mBéal an Átha, ag tosnú ar 7.00 i.n. Toghfar coiste úir ar an oíche. Tá fáilte roimh an phobal uilig. ● Turas Tá Pobal Eascarrach ag eagrú turas go dtí an Ulster American Folk Park, An Ómaigh, ar an 26 Bealtaine. Beidh costas €25 le díol fá choinne taisteal, lón agus admháil go dtí an pháirc. Cúir scairt ar Caitlín no Gráinne ag 074 9180571. ● MOT – Meitheal Oibrí Tacaíochta Seanóirí ar bith a bhfuil tacaíocht/cuidiú ar bith de dhíth orthu le jabanna beag thart fán teach, cur scairt ar Ionad Naomh Pádraig 074 9532949 ● Deireadh Seachtaine Glantacháin Beidh an Coiste Glantacháin ag glanadh bhóthar chúl an Earagail ag deireadh seachtaine 2 Bealtaine. Beidh miotógaí agus málaí linn. Má tá suim agat cuidiú linn, cuir glaoch ar Teresa ag 0876956076. Bígí linn! ● Fógra Buíochais Buíochas mór le achan duine a bhí páirteach ar an Satharn 5 Aib agus a chuidigh an bhruscar a thógáil ó imeall na mbealtaí móra fá cheantar Ghort an Choirce. Tá seo tábhachtach d’íomhá na tuaithe agus fosta má bhíonn muid ag iarraidh turasóirí a mhealladh chun na háite. Buíochas leis an Comhairle Contae as sciop a chur ar fáil. www.meas-it.com . SIAMSAÍOCHT: ● Bingo Dhobhair Beidh bingo ar siúl in Ionad Naomh Pádraig Dé Satharn 3ú Bealtaine @ 8.30. Bus ar an bhealach mar is gnách. ● An Chéad Chomaoineach Beidh cóisir ceiliúrtha do na páistí atá ag déanamh an Chéad Chomaoineach ó Scoil Phádraig, Dobhar agus a gcuid teaghlaigh in Ionad Naomh Pádraig i ndiaidh an Aifrinn i Mín Uí Bhaoill agus i nDún Lúiche Dé Domhnaigh 4 Bealtaine. Fáilte romhaibh uilig. RANGANNA CEOIL: ● Ceol ‘s Spraoi Ranganna ceoil do pháistí beaga (0-5 bliana d’aois) ag toiseacht in Ionad Naomh Pádraig Dé Máirt 6ú Bealtaine @ 2.00 i.n. Chun clárú nó chun tuilleadh eolais ar na himeachtaí seo a fháil, labhair le Máire nó Annelene ag 074 9532949, nó cur ríomhphost chuig ionadnp@eircom.net FÓGRAÍ POBAIL Páistí as Scoil Phádraig Dobhar ag cur síol í nGarradh An Chraoibhín Aoibhinn, Ionad Naomh Pádraig

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3