Goitse, Aibreán 2014

Goitse 25 Aibreán 2014 NUACHT 5 Corn Uladh do Réaltóga Mhachaire Rabhartaigh Páistí as Scoil Naomh Dubhthach, Machaire Rabhartaigh, a bhain duaiseanna i gcomórtas Réalt Uladh 2014, Caoimhe Ní Ghallachóir, Brian Oscar Mac Grianna, Donnchadh Ó Colla, Neansaí Ní Mhaolmhichil (múinteoir), Annie Ní Mhíochain, Kelly Nic Pháidín, Katelyn Nic Giolla Chóill agus Ciarán Mac Giolla Chóill. Caitlín Uí Chonluain, Réalt Uladh, ag bronnadh Corn Réalt Uladh ar Scoil Naomh Dubhthach, Machaire Rabhartaigh, buaiteoirí Réalt Uladh 2014. Rugadh agus tógadh Breandán Ó Raghallaigh i Sráid Linden in íochtar cheantar na bhFál i mBéal Feirste. Chuaigh sé le cumhdach troscáin mar cheird nuair a bhí sé réidh leis an scoil. Thoisigh sé a fhoghlaim na Gaeilge i gCumann Chluain Árd, a bhí an uair sin i Sráid Phort Láirge in aice leis. Nuair a fuair an Cumann léas ar sheanghar- áiste agus ceárta bád i Sráid na Sceiche, bhí Breandán ar na hoibrithe deonacha a rinne áras cumainn de. Bhí guth maith ceoil aige agus ba theanór é ins an chór ceathracha fear a bhí ag an Chumann. Ba dhuine gealgháir- each é a bhí ina aisteoir agus ina fhuirseoir sna léiriúcháin staire agus siamsa a rinne an Cumann ar a chonlán féin agus i gcomhar le Compántas Amharclainne na Gaeilge as Baile Átha Cliath. Ba bhall gníomhach é de Ghluaiseacht na Poblachta agus gabhadh agus himtheorann- aíodh é i gCarcair Bhéal Feirste i ndeireadh na gcaogaidí. Agus na blianta braighdeanais déanta aige, chuaigh sé i gceann an tsaoil arís. Thoisigh sé féin agus cairde leis a ghabháil go Gaeltacht Thír Chonaill. I Rann na Feirste, casadh Nóra Frainc Chonaill Ní Dhuibheannaigh dó. Phós siad agus rugadh cúigear clainne daofa — triúr mac agus beirt iníonacha. Bhí sé páirteach i bhfeachtas phobal Rann na Feirste lena scoil a choinneáil nuair a bhí an Stát ag druidim scoltacha Gaeltachta as éadan. Ba dhlúthchara leis ón uair sin Seán Ghráinne Ó Duibh- eannaigh, go ndéanaidh Dia trócaire air. Bhí sé ar thoiseach an fheach- tais i dTír Chonaill le stádas polaitiúil a bhaint amach do na cimí Poblachtacha sna H-Bhloic. Ní raibh sé fuar ná fálsa i rud ar bith dá dtearn sé. Bhí creideamh láidir aige agus a dhearcadh féin aige ar chúrsaí an tsaoil. Céile dílis, athair cineálta do Sheosamh, Nóra, Caitlín, Proinn- sias agus Breandán, agus comh- arsanach maith. Go bhfaighidh Nóra agus a clann agus a gar- chlann sólás ina mbris. Ar dheis Dé go raibh anam Bhreandáin. Breandán Ó Raghallaigh R.I.P. Breandán Ó Raghallaigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3