Goitse, Aibreán 2014

Cur síos le Maeleachlainn Mac Cionaoith ar shuíomh idirlín ar a bhfuil Seanchas Rann na Feirste le léamh agus le cluinstin. Ba sa bhliain 2005 a tháinig an leabhar Seanchas Rann na Feirste: is fann guth an éin a labhras leis féin amach . Cúig céad cóip dó a cuireadh i gcló agus bhí siad sin uilig díolta i ndiaidh trí mhí. Eadar sin is tráthas tháinig daoine chugam ag fiosrú an dtiocfadh leo cóip den leabhar a cheannacht, rud nach dtiocfadh, ar ndóigh. Is ansin a chuaigh mé a smuaintiú go bhféadfaí an leabhar, agus na taifeadtaí atá ag gabháil leis, ar chur ar an idirlíon, áit a mbeadh ábhar an leabhair ar fáil Domhnach is dálach ag duine ar bith a rabh ríomhaire, ípead, táibléad nó fón cliste aige. Chuaigh mé i mbun oibre ansin leis an bheart seo a chur i gcrích, agus as siocair na hoibre sin tá Seanchas Rann na Feirste: is fann guth an éin a labhras leis féin anois ar fáil ag rannnafeirste.com . Agus is cuma cén cineál gléis atá agat le gabháil ar an idirlíon — ríomhaire, ipead, táibléad, fón cliste — cuirfear cuma soléite ar ábhar an leabhair a fhóireas don ghléas atá agat. Thig leat a bheith ag léamh leat nó ag éisteacht leat, nó an dá chuid a dhéanamh ag an am amháin. Goidé go díreach atá sa leabhar seo? Bheir teideal an leabhair le fios gur seanchas pobail atá ann: ceithre dhuine dhéag, eadar óg is fásta, atá le cloisteáil ag aithris dántaí nó ag inse scéaltaí i nGaeilge bhinn bhlasta Rann na Feirste. Tá fairsinge téamaí sa leabhar; seo cuid acu: fear atá pósta ar bhean nach den tsaol seo í (‘Banríon an Uaignis’); gasúr a rabh an mífhortún ag siúl leis (‘Gasúr an Mhí-Áidh’); bean ghallta agus Caitliceach fir a rabh grá eatarthu (‘Mac an Gharrantóir agus Níon an Duine Uasail’). Tá laochra breátha an tseantsaoil ann fosta: Fionn Mac Cumhaill, Caoilte Mac Crannchair agus Goll Mac Móirne, ar chaith a mháthair ceithre bliana déag ag tabhairt brollaigh dó agus a rabh neart coirp as cuimse mar geall air sin aige. Tá an greann agus an cumhaidh curtha i míotar sa leabhar ag filí an cheantair: éist leis an dán ‘Spéirbhean na Corrmhíne’ agus dhéanfaidh tú gáire; éist le ‘Amhrán Hiúdaí Phádaí Éamainn’ agus tiocfaidh na deora leat. Tá seo, agus tuilleadh lena chois, le fáil agat ach tú gabháil chuig an suíomh idirlín www.rannnafeirste.com . 6 NUACHT Goitse 25 Aibreán 2014 Seanchas Rann na Feirste beo ar an idirlíon Buail is osclófar Knock and it will open Just log on to www.gaeilge.ie for the quickest route to the information you need. Check out the NASC classified ads where you can: > post an ad to request or advertise a course or event, > register your area of interest to get alerts when new info is posted, or > search for what’s available in your neighbourhood – and much more. Logáil isteach ar www.gaeilge.ie leis an mbealach is tapúla a (áil go dtí an t-eolas atá uait. Féach na mion(ógraí ar NASC, áit ar féidir leat: > fógra a chur suas le cúrsa nó imeacht a lorg nó a #ógairt, > do réimse spéise a chlárú chun foláirimh a #áil a nuair a #ógraítear eolas nua, nó > a bhfuil ar fáil i do cheantar féin a chuardach – agus a lán eile. 1850 325 325 / 0845 309 8142 eolas@forasnagaeilge.ie Rúille Búille ar Highland Tá irischlár úr, Ruaille Buaille , tosaithe ar Highland Radio. Is é sprioc an chláir freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in iarthuaisceart na tíre. Tá an clár ar an aer achan tráthnóna Dé Máirt ag 8.30 le meascán de chúrsaí reatha, spórt, ceol, drámaíocht, aithriseoireacht, ócáidí, agóidí, óráidí agus amaidí. Is é Colm Feiritéar láithreoir an chláir agus thig leat teagmháil a dhéanamh leis ag an seoladh rr@highlandradio.com . Deireadh seachtaine glantacháin Beidh an Coiste Glantacháin ag glanadh bhóthar chúl an Earagail ag deireadh seachtaine an 2 Bealtaine. Cuirfear miotógaí agus málaí ar fáil. Tuilleadh eolais ar fáil ó Teresa ag 0876956076.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3