Goitse, Aibreán 2014
8 GNÉ-ALTANNA Goitse 25 Aibreán 2014 An Bheith Betula spp. A bheithi blaith beunachtach, A bhorrfadaigh bhinn, Alainn gach craobh ceangailteach I mullach do chin. (Ó Laoi Shuibhne) Tá an dá speicís ón ghéineas Betula ag fás go nádúrtha sa tí. Ach tá an Bheith Gheal Betula pendula agus an Bheith Chlúmh- ach Betula pubescens an-chosúil lena chéile agus chomh gaolta go dtig leo trasphailniú. Bhí siad rangaithe fiú ag Linnaeus, an t-ainmnitheoir ársa, mar chineál amháin ar a bhronn sé an t-ainm Betula alba . Meastar gur shíol- raigh an Bheith Chlúmhach ón Bheith Gheal tré athrú inar mhéadaigh an uimhir chrómasóim sna cealla faoi dhó. Cé go bhfuil cuma fhíneálta ar na crainn seo tá siad in ann maireachtáil níos faide ó thuaidh agus níos airde ar shleasa cnoic na crann ar bith eile. Is mar gheall ar seo atá achar fairsinge talaimh faoi na crainn i dtuaisceart na Rúise, na hEorpa agus Cheanada. Tá na crainn chomh coitianta sa tSibéir agus an oiread úsáid ag an dream dúchasach leo, nach dtig leis na Khanty saol gan iad a shamhlú agus creideann siad go bhfásann beith sa domhan eile. Tá an duilliúr ag briseadh amach anois agus bláthú ag toiseacht. Bíonn na bláthanna fireanna agus baineanna éagsúil óna chéile ach an bheirt le fáil ar an crann amháin. Seo an córas monaíseach atá in úsáid ag timpeall 5% de na cineálacha difriúla plandaí dá bhfuil ann. Is caitíní iad na blátha; na cinn fhireanna ag síneadh agus iad ar oscailt go bhfuil siad ar crochadh anuas; bíonn na blátha baineanna, atá níos lú, ag seasamh ar na géaga. Nuair atá na síolta aibí, briseann an caitín ina phíosaí agus ligtear saor na mionchnóanna. Bíonn cluasa eiteacha ar gach cnó beag sa dóigh go dtig leis eitilt ar an aer. Táirgeann crann méid ollmhór síol agus bíonn crann óg giniúnach tar éis deich mbliain. Is de bhrí seo atá an bheith ábalta ionradh gasta a dhéanamh ar cheantair mar na caoráin gearrtha i lár tíre agus ar thalamh lomtha tar éis foraois bheith leagtha. Agus, ar ndóigh, nuair a bhí críoch ag teacht leis an oighearaois fadó, ba iad beitheanna na céad chrainn a d’fhás. Tá coirt mar pháipéir ag na crainn agus maireann lámhscríbh- inní Hindu a scríobhadh ar choirt B. papyrifera 3,800 bliain ó shin. Bhí an craiceann seo in úsáid fosta ag bundúchasaigh Mheiriceá chun curach nó canú a dhéanamh. Is craobhóga miona atá ag an bheith agus déantar scuab astu. Sa tsean am bhí siad mar fuip chun pionós a chur ar dhaoine — is ón Laidin don fhocal ‘bualadh’ a thagann an ainm Betula. Go minic feictear fás ar nós nead trína chéile sna géaga. Tugtar scuab chaillí air seo agus thig le víorus, feithid nó fungas bheith mar chúis leis seo. Tá roinnt mhaith beacáin a fhásann i gceangail le beith, cuid acu a bhfuil an-tóir orthu mar bhia. Lena chois tá Inonotus obliquus as a dtagann coigeas in éadan ailse agus Piptoporus betulinus a fhásann ar na géaga atá úsáideach chun faobhar a chur ar lann. Tá an Leamhan Riabhach Rheumaptera hastate le fáil anseo san iarthuaisceart cé nach bhfuil sé forleathan sa tír. Bíonn na boilb beo ar dhuilleoga bheithe. —C. Mac Conn Tíre An Bheith in áit na scuaibe Scríbhinn a rinneadh ar chraiceann beithe san 13ú aois agus a thánagadh air in Novgorod na Rúise. Lá Dearg Bhéal Feirste Bhí ionadaíocht láidir ón taobh seo tíre ag An Lá Dearg a bhí i mBéal Feirste ar 12 Aibreán, ag iarraidh Acht Teanga sna Sé Chontae agus ag déanamh agóide faoi na ciorruithe ar eagraíochtaí Gaeilge ansin. Ní ar an mhórshiúl amháin a bhí muintir na dtrí paróistí le feiceáil, áfach. Bhí Sara Ní Chuireáin as an Choitín mar chainteoir ar an lá agus d’aith- ris Hiúdaí Mac Gairbheith (4) as Rann na Feirste dán a chum a athair Aodh fosta. Sara Ní Chuireáin ag labhairt leis an tslua ag an Lá Dearg i mBéal Feirste
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3