Goitse, Aibreán 2014
Goitse 25 Aibreán 2014 FÉILE SCOILDRÁMAÍOCHTA ULADH 9 Caoimhe Nic Pháidín agus Alicia Nic Aoidh, Scoil Bhríde, Mín an Chlad- aigh, a bhain duais do léiriú na scoile den dráma Bun agus Barr na mBróg. Léiríodh 22 dráma in Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn, mar chuid de Fhéile Scoildrámaíochta Uladh ar na mallaibh. Ar na léirithe áitiúla a fuair ainmniúchán bhí Scoil Adhamhnáin, An Luinnigh; Scoil Bhríde, Mín an Chladaigh; Céim Aniar, Na Dúnaibh; Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Club Óige na Crannóige. Is é Paul Mc Avinchy, Iúr Chinn Trá, a bhí i mbun moltóireachta. Duaiseanna Féile Scoildrámaíochta Uladh bronnta ar léirithe áitiúla Manus Ó Duibhir, Scoil Adhamhnáin, An Luinnigh – ag glacadh le corn dá léiriú ‘Na Fianna agus an tOchtar Fear Maith’. Bhain Clodagh Ní Ghallchóir, Scoil Adhamhnáin duais fosta agus bronnadh duais ar léiriú na scoile de ‘An Bád’. Caoimhe Nic Pháidín Ní Dhomhnaill, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, ag glacadh leis an chorn don dráma ‘Filleann an Feall ar an Fheallaire’ a bhain Roinn 6 ag Féile Uladh. Sorcha Ní Dhubhcháin ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, buaiteoir Roinn 4 le ‘Cúrsaí Cleamhnais’ ag fáil an choirn ó Chaitlín Ní Chochláin. Bronnadh Corn Thomáis Mhic Giolla Bhríghde ar Joe Ó Gallchóir, Gort an Choirce, Príomhoide Scoil Ultáin, Muineachán, do Scoth-léiriú na Féile leis an dráma An Jungle Book.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3