Duilleog, Earrach 2014

Caitlín Nic Niallais, Comharchumann Forbartha Gha- oth Dobhair, ag bailiú Duais an Fháinne, urraithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó Kevin de Barra, agus ón Aire Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, agus Pat Carey ag Bronnadh Ghlór na nGael. B’é an tAire Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich a bhronn duaiseanna Glór na nGael 2013, Dé Satharn 29 Márta i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Ar na duaiseanna a dáileadh, bronnadh Duais an Fháinne (Comhdháíl Náisiúnta na Gaeilge) ar Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Co Dún na nGall, duais ar luach € 1,000. Ag moladh obair an choiste, dúirt Lorcán Mac Gabhann, Cean- nasaí Ghlór na nGael: “Is iarbhuaiteoir an chomórtas náisiúnta é Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair agus is annamh nach mbíonn siad i measc na mbuaiteoirí ó bhliain go bliain. Clúdaíonn obair an choiste seo go leor réimsí de chreatlach gnímh Ghlór an nGael, atá ina phlean teagna, go háirithe cúrsaí óige agus deiseanna labhartha do dhaoine fásta. D’eagraigh an coiste dhá ócáid mhór i rith 2013 áit ar reáchtáileadh scrúdaithe agus bronnadh an Fháinne ar 119 duine. “ Cúrsaí Cleamhnais: Aistriúchán le Áine Nic Giolla Bhríde An Pósadh: Le Dubhghlas dé hÍde An Corp: Le Micheál Ó Siochfhradha Filleann an Feall: Dráma nua-scríofa le scoláirí na Pobalscoile.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3