Goitse, Bealtaine 2014
Bhí an Luas ag an stad trí chéad slat ar shiúl uaim. Rith mé mar an diabhal ag tarraingt mo bhagáiste i mo dhiaidh. Shroich mé í agus na doirse ar tí a dhruid, le haghaidh mhór dhearg agus m’anáil i mbarr mo ghoib. Níor bhog aon duine ón ndoras le mé a ligint isteach: gach duine sáite i bhfón póca. Ach bhí fear de m’aois féin ag amharc amach fá mo choinne. Thug sé ar na daoine bogadh isteach giota. Bhí gáire ina shúile a dúirt “Bullaí mná — níor lig tú síos muid” (’sé sin lucht na Gruaige Léithe). Bhí lúcháir orm go raibh duine amháin garach agus spreagúil, ach chuir an dóigh a raibh na daoine eile druidte isteach ina ndomhan príobháideach féin isteach orm: go háirithe i ndiaidh eachtra a tharla i bhFrankfurt dhá lá roimhe sin. Bhí m’iníon ag rothaíocht ar an chasán rothair. Chonaic sí rothaí eile ag teacht ina treo ar nós na gaoithe. Chas sí ar leataobh, tharr- aing sí go teann ar na coscáin, agus cuireadh amach i ndiaidh a mhullaigh í, os cionn na lámha. Bhí sí ina luí ansin, a haghaidh agus faoina smig uilig gearrtha, fuil ag doirteadh go fras. D’imigh an rothaí thairsti. Níor stad duine amháin nó níor amharc aon duine uirthi. Ba scáfar an radharc í nuair a d'oscail muid an doras i ndiaidh di a bealach a dhéanamh ar ais, í bán, fuilteach, ar ballcrith leis an phreab a baineadh aisti; agus ba é an rud a ba mhó a bhain suaith- eadh aisti ó thús deireadh nár shín oiread is duine amháin amach as an scaiOe ar na sráideanna lámh cuidithe di. Tháinig mé den Luas agus ar aghaidh liom go dtí an áit inar fhág mé mo charr agus bhuail mé an bóthar ’na bhaile go Gaoth Dobhair. Bhí go maith agus ní raibh go dona. Ar mo bhealach amach ó Chill Mhic Réanáin bhuail an fón póca ag mo thaobh. Níor fhreagair mé é ach, ar feadh bomaite beag, thóg mé mo shúile den bhealach. Ba leor sin. Bhuail na rotha ar an taobh chlé in éadan céime ar thaobh an bhóthair, úr-thógtha ansin ag an Comhairle Condae le tabhairt ar thiománaithe – agus ní gan chúis — maolú ar a luas agus iad ag dul fríd an bhaile sin. Bhí an dá roth scriosta. Bhuel, ní raibh carr ag dul tharam nár stad. D’fhan beirt fhear lách liom go dtí go raibh a fhios acu go raibh mé amach as an abar. Stad fear eile ó chomhlacht tarr- thála agus d'imigh sé a chuartú rotha a d'fhóirfeadh do mo charr. Ní raibh aon cheann le fáil ach thug sé leis an rotha breise amach as carr rúnaí a chomhlachta. Chuir sin beagán imní orm. Rinne sé gáire. “Arú nach bhfuil uimhir s’againn aici?” Chuaigh mé ar ais leis an rotha i gcionn cúpla lá nuair a bhí rotha úra fúm, agus pingin nó leath- phingin ní ghlacfadh sé uaim. Sin mar atá sa tír seo fós, agus gurb amhlaidh a raibh. Colún Nóra Chit Níl deireadh caillte 10 GNÉ-ALTANNA Goitse 23 Bealtaine 2014 Bheir seilg bia na farraige pléisiúr as cuimse domh agus níl béile níos blasta a íosfaidh mé istigh ar Ghabhla ná dinnéar lán de phéistí ribe ná de chloicheáin. Ainmhithe beaga mara nach bhfaigheann mórán poiblíochta ar chósta na hÉireann ach a bhíonn flúirseach go leor Mí Iúil agus Mí Lúnasa agus is deas blasta an dinnéar a dhéantar astu, tá mise ag inse duit, a léitheoir dhil! Ná déanaimis dearmad ach an oiread gur maith an baoite iad le hiasc a mhealladh ar an duán iascaireachta. Is minic nach ndéantar difear ar bith idir an phéist ribe (séacla, ribe róibéis nó ribe róin) agus an cloicheán (piardán nó ribe róibéis). Is amhlaidh an scéal i mórán teangacha eile ach tá difear bunúsach amháin atá le feiceáil iontach soiléir — is é sin go bhfuil rostram nó bior fiaclach ag gobadh amach idir an dá shúil ar an chloicheán. Chomh maith leis sin, tá dá chrúbóg iontach beag ar an chloicheán in áit an chéad dá chos atá ar an phéist ribe agus tá corp beag bídeach na péiste ribe níos dírí ná corpán beag lúbtha an chloicheáin. Is furasta iad a sheilg ach a fhios a bheith agat cá mbíonn siad. Is minic a gheibh tú na péistí ribe sna locháin agus lag trá ann nó fiú in aice leis an ché. Tá eangach láimhe agam a thig liom a chur isteach fríd na creagacha agus a thugann amach lón measartha domh. Tá mogall na heangaí mór go leor le go mbeidh na cinn bheaga in ann éalú amach as pota Phóil agus a mhaireachtáil fá choinne lá nó dhó eile. Bíonn orm amharc go géar ar na cinn atá fágtha agus a dhéanamh cinnte nach bhfuil péistí ribe faoi eochróga. Má bhíonn, caithfidh mé iad a scaoileadh isteach san uisce arís. An t-am gairid sin i ndiaidh an mharbhshrutha an t-am is fearr le gabháil ar thóir na gcloicheán nó chomh luath agus a thosóidh an fharraige a líonadh, tchífidh tú na boigheáin bheaga ag teacht isteach ina gcéadta leis an tsruth. Má bhíonn tú i do sheasamh san uisce gan bogadh thart, tiocfaidh siad suas a fhad leat — sin chomh fiosrach agus atá an t-ainmhí beag gleoite seo. Bainimse úsáid as an eangach láimhe fosta lena brú fríd an fheamnach agus is maith liom iad a fheiceáil ag léimnigh thart. Cuireann sé iontas orm chomh gasta atá siad in ann croitheadh tobann a bhaint as an ruball agus cúlú siar nó ‘ reversáil ’ ar luas lasrach amach as bealach na contúirte. Tá rud aisteach a chonaic mé cúpla uair agus mé ar thóir na gcloicheán istigh ar Ghabhla. Tig cineál de thinneas aghaidhe ar fhiorbheagán de na cloicheáin agus Bopyrus squillarum an t-ainm breá galánta Laidine atá ar an iseapód seadánach nó paraisíteach. Is é a ghreamaíonn d’aghaidh cloicheáin agus is é is cúis le taobh aghaidhe an chloicheáin a bheith ataithe. Chomh luath agus a bhíonn an buicéad ceathrú lán, tá go leor agam le go bhféadfainn aghaidh a thabhairt ar an champa. Níl fiachadh orm iad a bhruith lom láithreach mar go gcoinneoidh siad úr sa tsáile ar feadh an lae. Am na cócaireachta arís. Yipíííííí! Is é rud a chuirimse na cloicheáin nó na péistí ribe isteach i sáile atá ar gail. Ní bhíonn mórán ama de dhíth lena mbruith. Tchífidh tú iad ag éirí oráiste agus tá sé in am agat iad a bhaint amach as an uisce agus ligean dóibh fuarú. Tá i bhfad an bharraíocht trioblóide ann leis an chraiceann chnámhach a bhaint uilig den chloicheán nó den phéist ribe agus is é an rud a ghnímse, de ghnáth, an cloig- eann a bhaint díobh agus an fheoil a fhágáil mar atá sa ruball. Bheir sin luach cnagtha duit nó crunch value nuair a itheann tú do chuid. Sinséar agus gáirleog agus cillí in ola olóige agus caith isteach na cloicheáin nó na péistí ribe bruite. Is maith liom iad sin a chur ar leaba ríse atá measctha le glasán — sin cineál de leitís mara. Mar a bhuailfeá do dhá bhos ar a chéile, tá béile breá blasta eile os do chomhair amach réidh le hithe agus le blaiseadh. Gomaire sármhargadhsaor.com choíche go deo na ndeor! Pól Ó Muireasáin Péisteanna ribe agus cloicheáin Béile breá blasta: An Phéist Ribe ( Crangon crangon ) agus an Cloicheán ( Palaemon serratus )
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3