Goitse, Bealtaine 2014
4 TUAIRIM Goitse 23 Bealtaine 2014 Tá Goitse ar fáil ar-líne ag www.goitse.org ar fud na cruinne Tá cainteanna ar bun le hIonad Athshlánaithe de chuid Cuan Mhuire a fhorbairt in Teach Bhaile Chonaill le cóir leighis ar fáil do andúiligh drugaí agus alcóil. An fhad agus atá an t-anam ionainn, beidh muinín againn . . . B’é an manadh teaghlaigh a bhí ag na hOlfartaigh ‘Dum Spiro Spero’ a chiallaíonn, ‘A fhad is tá an t-anam ionam, tá muinín agam’ agus tá an manadh seo le feiceáil ’s le léamh go fóill, os coinn doras an tí, i mBaile Chonaill. I gceantair Chloich Cheann Fhaola duit, má luann tú na hOlfartaigh, is dóiche, i measc rudaí eile, gurb é an chéad rud a ritheann le daoine ná Eastáit agus Teach Bhaile Chonaill. Tá Teach Bhaile Chonaill ina sheas- amh i lár na gcoillte craobhaí, taobh amuigh de bhaile an Fháil Charraigh. Cheannaigh na Tiarnaí Talaimh, siad sin, na hOlfartaigh, an eastáit ó Capt. Harte sa bhliain 1633 agus tógadh Teach Bhaile Chonaill, i dtrátha an bhliain 1763. Tá an fhoirgnimh anois i seilbh Údarás na Gaeltachta, mar gur cheannaigh an tÚdarás an eastáit sa bhliain 1987. Le roinnt seachtainí anuas, bhí Teach Bhaile Chonaill ins an nuacht, mar go bhfuil suim láidir léirithe, Ionad Athshlánaithe de chuid Cuan Mhuire a fhorbairt ann. Seo Ionad a chuireadh cóir leighis ar fáil do andúiligh drugaí agus alcóil . Tá ainm an tSiúr Concilio, comhchiallach le Cuan Mhuire, cionnus gurbh í a bhunaigh an chéad Ionad Athshlánaithe de chuid Cuan Mhuire sa bhliain 1966 agus ón bhliain sin go dtí inniu ann, tá clú ’s cáil ar an eagraíocht fud fad na tíre, de bharr é bheith ag feidhmiú mar an soláthraí cóireála athshlánú is mó sa tír do lucht andúile. Ó chéad bhliain a bhunaithe, tá Cuan Mhuire ag cur seirbhísí ar fáil do níos mó ná 75,000 daoine, ó cheann ceann na tíre. Tá sé tugtha le fios go háitiúil, go bhfuil cainteanna leanúnacha ar bun idir ionadaí bainistíochta Chuan Mhuire agus feidhmeann- aigh de chuid an Údaráis leis na féidearthachtaí Teach Bhaile Chonaill a fhorbairt mar ionad athshlánaithe, faoi chúram Cuan Mhuire. Cé go bhfuil mionlach fíorbheag ag cur in éadan a leithéid de fhorbairt ar chúiseanna faoi leith, is cosúil go bhfuil tromlach an phobail i bhfách go mór lena leithéid de fhorbairtí ar Theach Bhaile Chonaill, mar go bhfeictear na buntáistí a bhain- eann lena leithéid. D’eagraigh Cumann Turasóireachta is Trádála an Fháil Charraigh cruinniú poiblí an mhí seo a chuaigh thart agus bhí suas le cúig scór daoine i láthair ar an oíche leis an cheist a phlé. Ba léiriú soiléir an cruinniú seo agus an méid a tháinig as, ar mhian láidir mhuintir na háite, go rachadh forbairt Ionad athshlán- aithe ar aghaidh faoi scáth Chuan Mhuire agus go ndéanfadh Údarás na Gaeltachta a seacht ndícheall tacú leis an togra fiúntach seo ar dhóigh dearfach, trédhearcach. Is cinnte gur tuar dóchais do phobal Chloich Cheann Fhaola agus na ceantracha máguaird, go bhfuil suim á léiriú ag Cuan Mhuire lonnadh ins an cheantar agus forbairt a dhéanamh ann a rachadh chun tairbhe lucht andúile. Ar an chéad dul síos, bheadh tionchar dearfach ag a leithéid de Ionad sár-mhaitheasa, gan trácht ar na seirbhísí éagsúla agus an clár díthocsainithe agus athshlánaithe a thiocfadh leis, ar an té a bhfuil greim ag alcólachas, druganna, cearrbhachas agus a leithéid air nó uirthi. Gan trácht ar an taobh daonna amháin, cha dtig gan cúl a thiompú ar an tionchar fiúntach a bheadh ag a leithéid de infheist- íocht, ar eacnamaíocht an bhaile agus an cheantair chomh maith. Seo ceantar atá buailte go trom le roinnt blianta anuas, de bharr dífhostaíochta, gnólachtaí beaga ag druid síos agus an bád bán a bheith ag síor iompar na sluaite de ógánaigh an cheantair, ó fhóide an bhaile, go críocha i bhfad i gcéin. Rachadh a leithéid de fhorbairt go mór chun sochar anáil úr a shéideadh i mBaile an Fháil Charraigh, gan trácht ar bladhaire an dóchais a lasadh i gcroithe atá trom agus in ísle brí. Deirtear go minic gurbh é an dóchas tobar na síoraíochta, agus ar an ábhar sin, tá géarghá le forbairtí maithe fiúntacha, a chuirfeas síol an dóchais agus na muiníne i gcró na ndaoine, seachas tortógaí troma an éadóchais a bheith á mbrú sa mhullach orthu. Bhí fiúntas ag baint le manadh na hOlfartaigh; ‘A fhad is tá an t-anam ionam, tá muinín agam’ Tá sé thar am anois ag na hÚdaráis cuí agus ag ár gcuid ceannairí pobail, muinín a thabhairt do phobal Chloich Cheann Fhaola, ceannródaíocht a thaispeáint agus brú ’un tosaigh le togra Cuan Mhuir ar mhaithe le h-anam an phobail ina iomláine. Aniar Aduaidh le Brian Mac Rabhartaigh Tá sé tugtha le fios go háitiúil, go bhfuil cainteanna ar bun idir ionadaí bainistíochta Chuan Mhuire agus feidhmeannaigh de chuid Údarás na Gaeltachta le Teach Bhaile Chonaill a fhorbairt mar ionad athshlánaithe, faoi chúram Cuan Mhuire.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3