Goitse, Bealtaine 2014

Goitse 23 Bealtaine 2014 NUACHT 5 Cordelia Ní Fhearraigh Cuirfear tús le Comórtas na mBailte Slachtmhara i mbliana ar an 1ú Meitheamh agus tá iarratas déanta ag Gort a' Choirce arís chun páirt a ghlacadh i gcomórtas na bliana seo. Seo anois an naoú bliain dúinn. Ar dtús báire, comhghairdeas agus buíochas leis an pobal uilig a chuidigh le íomha deas a chuir ar an sráidbhaile le ocht mbliana anuas. Tá cuid mhór athruithe tagtha ar an bhaile le linn na blianta sin agus seolann muid grianghraif lenár n-iarratas achan bhliain chun na hathruithe seo a léiriú. Is tábhachtach iad na grianghraif le go dtuigfeadh na moltóirí caidé’n méid oibre atá déanta. Ghnóthaigh muid 10 bpointe breise sa chomórtas anuraidh (2013) – marc iomlán: 253 as 400. Seo an méid is mó marcanna a fuair muid ó bhí 2010 ann nuair a ghnóthaigh muid 10 bpointe breise fosta. Tá moladh mór tuillte as an obair uilig a rinneadh. Tuairisc an mholtóra ar fáil ar suíomh idirlín an chomórtais (www.tidytowns.ie/reports.php ). Tá an coiste ag iarraidh ar achan duine ar an sráidbhaile; cónaitheoirí, úinéirí gnó, cuairteoirí, agus achan duine eile sa phobal, iarracht mhór a dhéanamh an áit a choinneáil glan agus slachtmhar i rith am samhraidh agus go luath san fhómhar. Ba mhaith linn an sráidbhaile a choinneáil saor ó bhruscar – bruscar garradh san áireamh i. duilleoga/géaga crann, lustain agus giotaí eile ó fálta/toir agus fosta crainn crochta thar na cosáin coise/bóithre. Bheadh sé ina chuidiú mhór dá gcoinneodh cónaitheoirí an cosán coise/bóthar atá buailte lena gcuid garraí/áitribh néata agus slachtmhar. Beidh moltóirí an chomórtais ar cuairt am inteacht le linn mhíonna an tsamhraidh (idir 1ú Meitheamh agus 31ú Lúnasa). Tá Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta ar leic an dorais againn, sé sin Báigh Bhaile an Easa agus tá muid ag súil go mór leis an Traonach a chluinstin arís i mbliana. Tá súil ag an choiste clár eolais fá éanlaithe fiáine an cheantair a bheith ar taispeántas amach anseo. D'fhéadfadh sé seo, thar am, fairtheoirí éan a mhealladh chun cuairt a thabhairt agus beidh sé spéisiúil fosta do thurasóirí chomh maith leis an pobal áitiúil. Má bhíonn aon moltaí nó ceisteanna agat nó más mian leat cuidiú ar bith a thabhairt thig dhul i dteagmháil le duine den choiste nó cuir scairt ar 087- 6111524. Gort an Choirce faoi bhláth Teach athmhaisithe ( thuas agus ar dheis ) mar chuid d’iarracht Gort an Choirce do Chomórtas na mBailte Slachtmhara

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3