Goitse, Bealtaine 2014
6 NUACHT Goitse 23 Bealtaine 2014 Patrick Gallagher Coaches Seirbhís bus laethúil ó hAnagaire go Béal Feirste agus ar ais! Bun an Leaca, Gaoth Dobhair, Co Dhún na nGall info@gallagherscoaches.com www.gallagherscoaches.com 074 9531107 ; 087 2330888 / 2245848 Bhí tuairim is 50 comhalta de chuid an Gharda Síochána ag freastal ar chúrsa Gaeilge san Acadamh ag deireadh mhí Aibreáin. Ba é sin an tríú cúrsa dá leithéid le dhá bhliain anuas. Tá na cúrsaí Gaeltachta seo á reáchtáil le cuidiú leis na Gardaí seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal. Déanann na Gardaí atá lonnaithe i nGaoth Dobhair ranganna comhrá san Acadamh ar bhonn rialta. Fógraíodh le gairid go mbeidh Gaeilge líofa a dhíobháil do 10% do na postanna úra mar Ghardaí. Tháinig na rannpháirtithe ó achan chearn den tír le freastal ar an chúrsa agus bhain siad idir shult agus thairbhe as na himeachtaí uilig. Bhí neart deiseanna acu snas a chur ar a gcuid Gaeilge le linn an chúrsa go háirithe nuair a bhí siad san iomaíocht lena chéile i dtráth na gceist Tigh Hiúdaí! Mar pháirt den chúrsa d’eagraigh an Sáirsint áitiúil, John Joe McClafferty, turas go Toraigh. Bhí an LeasChoimisin- éir Fintan Fanning ar an turas stairiúil fosta agus bhí Patsaí Dan, Rí Thoraí, ag fanacht ar an ché le fáilte a chur roimh achan duine. Bhí lá ar dóigh ag achan duine istigh i dToraigh! Cuairt na nGardaí ar Ghaoth Dobhair Gardaí ag glacadh treoir ón Rí nuair a thug siad cuairt ar Thoraigh mar chuid de chúrsa Gaeilge a bhí ar bun acu san Acadamh i nGaoth Dobhair.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3