Goitse, Bealtaine 2014
Mar pháirt d’fheachtas tofa airgid Choiste na dTuismitheoirí le haghaidh Scoil Oilibhéir Pluincéid Rann na Feirste tháng- thas ar an smaoineamh Seó Faisin a chur ar siúl agus mar is dual d’imeachtaí na hÁislainne cuireadh taispeántas d’ard chaighdeán i láthair. Ar thaispeántas den chéad uair chomh maith bhí comhlacht úr bhunaithe agus lonnaithe i nGaeltacht Ghleann Cholm Cille ‘Éadach Charn na n-Éan’ @ www.carnaweenclothing.com. Is málaí, hataí, sciortaí agus casógaí fear agus ban de bhréidín dúchasach atá á dhéanamh acu agus tacaíocht faighte acu ó Údarás na Gaeltachta. Rinne Michelle Nic Grianna agus Mary Aggie na mainicíní a chur i láthair ar an oíche. Bhailigh scaiOe breá le chéile ag an tSeanbheairic ar an Fhál Carrach ar 13 Bealtaine do lainseáil Pholasaí Gaeilge an ionaid phobail. Bhí Séamus Rua Ó Gallchóir ó Údarás na Gaeltachta i láthair leis an pholasaí a lainseáil go hoifigiúil. I measc na bpointí atá sa cháipéis úr, tá cur chun cinn na Gaeilge san ionad le atmaisféar níos dearfaí a chruthú don teanga do chuairteoirí agus don fhoireann atá ag obair sa tSeanbheairic. Le sin a bhaint amach, tá réimse cúrsaí ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim, nó ar mhaith leo cur leis an méid atá acu. Tá comharthaíocht san Ionad tábhachtach fosta agus tá rún ag bainistíocht na Seanbheairice déanamh cinnte go bhfuil an Ghaeilge chomh feiceálach agus is féidir ó thaobh comharthaí san fhoirgneamh, biachlár agus liostaí praghas. Beidh achan phóstaer agus preasráiteas dhátheangach fosta. Ar ndóigh, beidh Cloch Cheannfhaola ag déanamh amach plean teangan sa chéad bhabhta eile den phróiseas phleanáil teangan a bheas á fhógairt i rith an tsamhraidh agus beidh polasaí na Seanbheairice ina chuid lárnach den iarratas a chuirtear isteach don limistéar sin. Díreach i ndiaidh an polasaí a lainseáil, bhí stocaireacht polaiteoirí atá ag seasamh sa toghchán áitiúil maidir le polasaithe Gaeilge s’acu féin. Ar an ardán ag caint agus ag freagairt ceisteanna bhí na Comhairleoirí Séamus Ó Domhnaill (FF) agus Pádraig Ó Doherty (Neamhspleách)agus na hiomaitheoirí Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig (Neamhspleách), John Shéamuis Ó Fearraigh (SF), Hughie Mac Giolla Bhríde (FF), Seán Ó Cuirreáin (FG) agus labhair ionadaí ar son Séamus Mac Ruairí nach raibh ábalta bheith i láthair. Gheall gach iomaitheoir go dtabharfadh siad tacaíocht don teanga agus ceistíodh iad ón urlár faoi caidé mar a chuirfeadh siad an tacaíocht sin i bhfeidhm dá bhfaigheadh siad suíochán. Polasaí Gaeilge seolta ag an tSeanbheairic Aimsigh do Sprioc: Glac fógra le Goitse! (Tá an spás seo ar fáil ar €60!) Rátaí eile agus eolas ar fáil ó eolas@goitse.org nó déan teagmháil ag 086 8476862 www.goitse.org Goitse 23 Bealtaine 2014 NUACHT 7 Seó faisin in Áislann Rann na Feirste
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3