Goitse, Bealtaine 2014
8 GNÉ-ALTANNA Goitse 23 Bealtaine 2014 Sraith nua nós maireachtála i nGaeilge é Ar Bhealach na Gaelt- achta ina leanann láithreoir Frainc Mac Cionnaith na ceithre shlí thart ar Ghaeltacht Dhún na nGall ag bualadh leo siúd atá ina gcónaí agus a oibríonn ann. Tosóidh sé ar BBCNI ar an Luan an 26 Bealtaine ar a 10in. Is é Bealach na Gaeltachta an t-ainm ginearálta ar cheithre shlí ciorclacha fad-achair i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall: Slí an Earagail, Slí na Rosann, Slí na Finne agus Slí Cholmcille. Sa tsraith cheithre chuid seo siúlann an Gaeilgeoir óg Frainc Mac Cionnaith gach slí acu, agus ar a bhealach faigheann sé amach cé chomh mór, chomh atmaisféarach agus chomh álainn agus atá an tír ghalánta gharbh seo. Déanta do BBC Thuaisceart Éir- eann ag Imagine Media, nochtann Ar Bhealach na Gaeltachta spiorad Dhún na nGall trína dhaoine, a chultúr, a cheol agus a stair i gceann de na tírdhreacha scéimhe is lú milleadh in Éirinn. Taobh leis na dúshláin fhisic- eacha ar gach turas, tapaíonn Frainc an deis le bunbhrí a thurais a mhíniú trína léiriú ealaíonta féin. Is as Dún na nGall féin í léiritheoir na sraithe Sheila Friel. “Dar liom gur seo ceann de na léiriúcháin is sultmhaire a d'fhor- bair mé le blianta beaga anuas. Rud ar bith a bhí de dhíth le sraith mheallacach a dhéanamh, bhí sé ag doras an tí agam féin — áill- eacht nádúrtha an chontae mar chúlra, oscailteacht agus teochroí na gcarachtar agus a bhflaith- iúlacht ag roinnt a scéalta agus a n-eolais — rud a d'fhág próiseas iomlán an léiriúcháin ina phléisiúr agus ina phribhléid. Bhí an méid a d'fhágfadh muid ar lár ar na trioblóidí is mó bhí againn, ní hé cad é a bhí le coinneáil istigh. Mothaím go mbeidh go leor as an nua d'ár lucht féachana; guthanna nua agus saibhreas teanga leo a thugann léargas ar chontae atá ar maos i stair.” Tosaíonn clár a haon leis an turas is faide ó thuaidh de na ceithre shlí, Slí an Earagail, áit a dtosaíonn Frainc a thuras sa bhaile beag pictiúrtha Dún Lúiche. Cluineann Frainc faoi mhiotas agus finscéalta áitiúla; foghlaim- íonn sé fá thionchar na heisimirce ar Ghaoth Dobhair ó bhean de bhunadh na háite Máire Rua Ní Ghallachóir agus ag an oileánach Eddie Joe Mac Aoidh. Faigheann Frainc amach faoin bhláth atá tagtha ar an chruthaitheacht i nGort an Choirce agus ar an Fhál Charrach sula mbaineann sé ceann scríbe an chláir amach ag barr an Earagail, in éineacht le Conallach a bhain barr Everest amach. Is é Slí na Rosann an dara clár sa tsraith agus díríonn sé ar na Rosa in Iarthar Dhún na nGall. Ar an turas seo buaileann Frainc le beirt dheartháireacha óga fiont- racha as Loch an Iúir atá ag snoí ainm dóibh féin go háitiúil agus go hidirnáisiúnta. Gheobhaidh sé amach faoin iarnród éagtha sin 'That Old Sinner' in Ailt an Chorráin, chomh maith le bualadh le curadh curach uile-Éireann agus le buachaill bán Dhún na nGall é féin Daniel O'Donnell. Buail is osclófar Knock and it will open Just log on to www.gaeilge.ie for the quickest route to the information you need. Check out the NASC classified ads where you can: > post an ad to request or advertise a course or event, > register your area of interest to get alerts when new info is posted, or > search for what’s available in your neighbourhood – and much more. Logáil isteach ar www.gaeilge.ie leis an mbealach is tapúla a (áil go dtí an t-eolas atá uait. Féach na mion(ógraí ar NASC, áit ar féidir leat: > fógra a chur suas le cúrsa nó imeacht a lorg nó a #ógairt, > do réimse spéise a chlárú chun foláirimh a #áil a nuair a #ógraítear eolas nua, nó > a bhfuil ar fáil i do cheantar féin a chuardach – agus a lán eile. 1850 325 325 / 0845 309 8142 eolas@forasnagaeilge.ie Bealach Gaeltachta an BBC Daniel O’Donnell agus Frainc Mac Cionnaith ar Shlí na Rosann
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3