Goitse, Bealtaine 2014
Goitse 23 Bealtaine 2014 SIAMSAÍOCHT 9 Ar Luan Cásca ghlac breis agus 100 duine páirt i siúlóid/rás 5k chun airgead a chruinniú do Ghrúpa Tacaíochta Chumann Diaibéitis Dhún na nGall. Is iad Joe agus Méabh Mac Pháidín as Dobhar a d’eagraigh an rás a thug daoine thart ar Mhín na Leice agus Doire na Mainséar. D’éirigh thar barr leis an imeacht seo agus tógadh breis is €3,000 ar an lá. Bronnadh seic de €3,929.00 ar chathaoirleach Chumann Diaib- éitis Dhún na nGall ag ócáid i mBun Cranncha le gairid. Tá an cumann an-ghníomhach agus cuireann na baill imeachtaí do dhaoine a bhfuil diaibéiteas orthu, idir óg agus aosta. Ghlac Joe agus Méabh buío- chas le gach duine a chuidigh leo ar an lá agus leo siúd a ghlac páirt sa rás. Airgead cruinnithe go háitiúil do ghrúpa tacaíochta diabéitis Méabh, Joe Mac Phaidín (ar chúl) agus scai>e páistí ag bronnadh seice ar Gerard Gallagher, Cumann Diaibéitis Dhún na nGall. Skabaret Craiceáilte Beidh ceol Ska, rac-cheol, ceol traidisiúnta agus ceol as Poblacht na Seice ag an Chabaret Craiceáilte, a bheas ar siúl Tigh Hiúdaí, An Bun Beag, Dé Sathairn seo, 24 Bealtaine. Ghlac Boss Sound Manifesto, grúpa ceoil Ska as Béal Feirste le dúshlán an Chabaret, seit iomlán a dhéanamh i nGaeilge, cúpla bliain ó shin, agus rinne siad seit 30 bomaite Tigh Hiúdaí, an uair sin. Idir an dá linn, choinnigh siad ag cuir leis an seit, agus anois, tá seit Ska uair go leith acu lena bhforógra a chur in iúl. Beidh racghrúpa úr ag teacht inár dtreo, lán le gleo, an iarraidh seo fosta, grúpa darbh ainm Dysania as baile Mhuineacháin. Sheinn siad ag an G-Spota i mBéal Feirste cúpla uair, agus bhí dúil mhór ag na Feirstigh ina gcuid ceoil. Tá Katerina Garcia as Poblacht na Seice, ag teacht go Gaoth Dobhair Dé Sathairn seo fosta, agus beidh sise ag canadh amhráin áille sa stíl shepardic a bhaineann le pobail Ghiúdacha a mhair in áiteacha éagsúla san Eoraip, an Spáinn agus an Phortaingéil, go háirithe. Tá na Píobairí Álainne, Stevie Porter agus Cormac Ó Briain ag seinm ar an ardán, Dé Sathairn seo fosta. Cuirfear tús leis an cheol agus an tsiamsaíocht thart ar 9.30pm Dé Sathairn seo, 24 Bealtaine, Tigh Hiúdaí, An Bun Beag. Imeachtaí Samhraidh eagraithe go háitiúil Tá an chomhlacht áitiúil, mng, ag eagrú neart imeachtaí le turasóir- eacht a fhorbairt sa Ghaeltacht. Le Rock agus Roam ag gabháil ó neart go neart, tá siad faoi láthair ag eagrú réimse turais chuig na hoileáin. Beidh an chéad cheann ar oileán Ghabhla ar 31 Bealtaine. Beidh turas thart ar na hoileáin bheaga, lón, siúlóidí agus dreapa- dóireacht, seilg bia farraige chomh maith le taispeántais ó Chumann na gCurach. Tá togha agus rogha lóistín ar fáil. Beidh camchuairt ar na hoil- eáin, Inis Fraoigh, Inis Caorach, Inis Mhic an Duirn agus Inis Cú agus síamsaiocht ar Árainn Mhór. Beidh na turais seo ar fáil le linn an tsamhraidh agus tá na sonraí ar mng.ie Mar páirt d’Fhéile Mary from Dungloe, beidh Moira Ní Ghalla- chóir ó mng.ie ag tabhairt na Marys ag dreapadóireacht thart ar An Machaire agus deis ag daoine triail a bhaint as dreapadoireacht mar pháirt de chlár na féile. I mí Meithimh, cuirfear tús le siúlóidí speisialta i nGleann Bheatha. Beidh an chéad cheann ar an 13ú agus beidh siúilóid oíche, chomh maith le siúlóidí do siúlaithe a bhfuil taithí mhaith acu, agus don teaghlach uilig. Leanfaidh na siúlóidí seo ar aghaidh go dti Lúnasa. Dátaí ar fáil ó mng.ie Beidh Rock agus Roam i láthair ag an chéad bhliain den Swell Festival ar Árainn Mhór. Beidh ceol, ealaíon, filíocht, campáil, eachtraíocht agus neart eile don teaghlach uilig. Le ceol ó In Their Thousands, Duke Special, scéal- aíocht agus DJs, , tá an caighdeán agus rogha iontach ar fad! Boss Sound Manifesto (thuas) agus Katerina Garcia (ar chlé) a bheas páirteach sa Chabaret
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3