Duilleog, Earrach 2017

Féile Scoil Drámaíochta 2017 Scoláirí rang drámaíochta na Crannóige - An dráma 'Gabhla agus an tAsgard' atá fríd chuig Féile Scoil drámaíochta Naisiúnta agus a bhain an Script Nua is Fearr ag Féile Uladh. A bhuíochas sin d'Eoghan Mac Giolla Bhríghde, Suzanne Uí Ghallchóir agus Áine Ní Bhreisleáin. Tá siad fríd anois chuig an Fhéile Naisiúnta Scoil Dramaíochta. Scléip Gael Linn 2017 - comórtas tallainne Bhain scoláirí Phobalscoil Ghaoth Dobhair Craobh na hÉireann ins an chomórtas do Sceitse Nuachumtha {Sóisear} le sceitse dar teideal "Fiche Bliain de TG4" scríofa ag Suzanne Uí Ghallchóir agus Áine Ní Bhreisleáin. Oireachtas na Samhna 2016 Brídanna Ní Bhaoill & Clíona Ní Ghallchóir ag rá Cnaipí ‘s Damhsa scríofa ag Manus Ó Duibhir. Tig an t-agallamh beirte seo a fheiceáil fríd an nasc seo @47 nóim - http://www.tg4.ie/en/player/home/?pid=5195598839001

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3